Ceardlanna Maoinithe á gcur i láthair ag Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Chontae na Gaillimhe (PPN)

26nov(nov 26)7:30 pm12dec(dec 12)7:30 pmCeardlanna Maoinithe á gcur i láthair ag Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Chontae na Gaillimhe (PPN)

Event Details

Is é Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Chontae na Gaillimhe (PPN) fós an ceangal is mó atá ag eagraíochtaí Pobail & Deonacha, eagraíochtaí Comhshaoil agus Ionchuimsithe Shóisialta i nGaillimh le hidirghníomhú le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus a bheith rannpháirteach ar choistí déanta beartas na Comhairle.   Gheobhaidh grúpaí pobail a chláróidh gach cineál eolais maidir le gníomhaíocht pobail – eolas ar mhaoiniú, oiliúint, imeachtaí áitiúla agus a leithéid.   Cuireann an PPN rannpháirteacht saoránach chun cinn agus neartaíonn an ceangal idir pobail agus Comhairle Chontae na Gaillimhe.   Bealach amháin chun sin a dhéanamh ná cruinnithe iomlánacha PPN (cruinnithe oscailte) a eagrú i ngach Ceantar Bardasach.  Reáchtálfar na Cruinnithe iomlánacha atá le teacht le gairid mar cheardlanna faisnéise maoinithe agus tugtar cuireadh duit freastal ar aon cheann de na ceardlanna seo a leanas:

Dé Máirt, 26 Samhain;                 Ionad Pobail an Chreagáin, Bóthar Bhéal Átha Ghartha, An Creagán @ 7.30i.n.

Déardaoin 28 Samhain;                Óstán agus Spá Bhaile Locha Riach, Bóthar Bhaile Átha an Rí, Baile Locha Riach @ 7.30i.n.

Dé Máirt 3 Nollaig;                        Clubtheach CLG Dhroichead an Chláirín, Droichead an Chláirín @ 7.30i.n.

Déardaoin 5 Nollaig;                     Óstán Ard Rí House, Bóthar Bhaile an Mhuilinn, Tuaim @ 7.30i.n.

Déardaoin 12 Nollaig;                   Óstán Peacocks , An Teach Dóite @ 7.30i.n.

Cuirfimid eolas ar fáil ag na ceardlanna seo faoi na scéimeanna maoinithe reatha agus nua seo a leanas:

  • Scéimeanna Tacaíochta Pobail 2020
  • An Clár um Fheabhsú an Phobail
  • An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe / Uirbeach (URDF & RRDF)
  • Clár Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte
  • Clár
  • An Scéim Bonneagair Áineasa Amuigh faoin Spéir (ORIS)
  • Scéim Caipitil Cultúir 2019 – 2022
  • Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí & Cónaitheacht Tyrone Guthrie
  • Éire Shláintiúil (Clár um Chócaireacht Pobail, Clár Trealamh Go For Life, Scéim Deontais Beaga um Mheabhairshláinte Phobail).

Beidh na foirmeacha agus Treoirlínte d’Iarratasóirí ar fáil ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na Ceardlanna, déan teagmháil le Niamh Seoighe, An tOifigeach Acmhainne PPN ar 091 509147 nó [email protected]

more

Time

November 26 (Tuesday) 7:30 pm - December 12 (Thursday) 7:30 pm

ADD A COMMENT

You must be logged in to post a comment.