Cruinniú iomlánach PPN Chontae na Gaillimhe

28nov6:30 pmCruinniú iomlánach PPN Chontae na Gaillimhe

Event Details

Is é cuspóir an tráthnóna ná deis a thabhairt duit féin agus do ghrúpa pobail casadh le grúpaí eile cosúil libh féin agus le líonrú; chun casadh le roinnt de na hionadaithe pobail ón PPN atá ina suí ar struchtúir cinnteoireachta ar do shon agus le faisnéis a fháil faoi sheirbhísí agus tionscnaimh éagsúla a thacaíonn le hobair phobail agus le rannpháirtíocht an phobail sa Chontae.

Beidh seastáin éagsúla faisnéise ann ar an oíche agus beidh foireann ar fáil ó réimse eagraíochtaí le labhairt faoi na seirbhísí agus na tacaíochtaí a chuireann siad ar fáil do Ghrúpaí Pobail agus Deonacha.

I measc na seirbhísí sin tá eagraíochtaí Maoinithe agus Oiliúna, Comhphobail, Cuimsiú Sóisialta agus eagraíochtaí Comhshaoil, cuideachtaí Árachais Pobail, seirbhísí Comhairle Contae, Líonraí Tuaithe agus a lán eile.

Beidh gné bheag fhoirmeálta mar pháirt den ócáid, le cur i láthair gairid ó roinnt aíonna.

Déanfaidh an tAire Sean Canney T.D, an tAire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (a dhéanann maoirseacht ar na PPNanna) cúpla focal a rá ar an oíche, mar aon le Príomhfheidhmeannach Nasc Tuaithe na hÉireann, Seamus Boland.

more

Time

(Wednesday) 6:30 pm

Location

Óstán Bhaile Cláir

ADD A COMMENT

You must be logged in to post a comment.