An Clár um Fheabhsú an Phobail
Maidir leis an gCLÁR UM FHEABHSÚ AN PHOBAIL (CFP)
Clár nua don bhliain 2018 is ea an Clár um Fheabhsú an Phobail (an CFP). Soláthraítear sa CFP cistiú do phobail ar fud na hÉireann chun barr feabhais a chur ar áiseanna i bpobail faoi mhíbhuntáiste. Féadfaidh an clár tionscadail chaipitil ar scála níos mó a chistiú nó a chistiú go páirteach chun dul i ngleic le míbhuntáiste. Déantar roinnt cistiú a imfhálú chun deontais bheaga chaipitil €1,000 nó níos lú a sholáthar. Tá seo dírithe ar chabhrú le tionscadail bheaga phobail chosmhuintire dul chun cinn a dhéanamh. Trí chistiú a imfhálú ar an leibhéal seo, ligfear do líon níos mó díobh siúd a bhfuil acmhainní teoranta acu chun roinnt cistiú a fháil.
CÉARD ATÁ MAOINITHE
Cuimsíonn an cistiú tionscadail chaipitil amháin agus ba cheart go léireodh sé breisluach. Is féidir tionscadail nó gnéithe de thionscadail de chineál caipitiúil a chistiú. Áirítear leo seo, mar shampla, trealamh oifige, acmhainní tionscadail, saoráidí taighde, trealamh éifeachtúlachta fuinnimh etc. do ghrúpaí deonacha. Cuirtear liosta neamhchríochnaitheach ar fáil sa mhéid seo a leanas de thionscadail chaipitil a d’fhéadfadh cistiú a fháil faoin gclár:
- Fóntais phobail
- Clubanna nó saoráidí óige
- Saoráidí spóirt/áineasa
- Trealamh TF
- Trealamh Spóirt
- Trealamh sábháilteachta
- Trealamh Oiliúna
- Ionaid phobail a fhorbairt/a athchóiriú
- Cothabháil aonuaire áitribh. Ní áirítear leis seo gnáthchothabháil rialta
- Feabhsúcháin ar pháirceanna baile agus limistéir agus spásanna coiteanna
- Trealamh CCTV
- Feabhsúcháin fearainn phoiblí
- Sráid-dreachú
- Spás súgartha/áineasa
- Tionscadail de chineál éifeachtúlachta fuinnimh
Tabharfar tús áite do thionscadail a chuirfeadh feabhas ar chaighdeán na beatha do chónaitheoirí, agus a sholáthraíonn tacaíochtaí inbhraite a théann i ngleic le míbhuntáiste.
AN MÉID A MHAOINEOFAR
Tá suim €143,401 leithroinnte ar Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Chontae na Gaillimhe (LCDC) faoin gclár thuasluaite do:
- Cineál A – Tionscadail chaipitil ar scála beag, deontas €1,000 ar a mhéad
- Cineál B – Tionscadail chaipitil ar mheánscála, deontas €15,000 ar a mhéad
Níl cistiú meaitseála ó fhoinsí eile riachtanach faoin gclár seo.
CÉ ATÁ INCHÁILITHE CHUN IARRATAS A DHÉANAMH
Is grúpaí pobail agus grúpaí deonacha agus eagraíochtaí neamhbhrabúis eile na hiarratasóirí atá incháilithe faoin gClár.
AN PRÓISEAS IARRATAIS
Chun iarratas a chur isteach ar mhaoiniú, déan cinnte go bhfuil an fhoirm oifigiúil líonta amach go hiomlán agus go bhfuil cáipéisíocht tacaíochta cuireadh isteach leis. Léigh Téarmaí agus Coinníollacha an CFP sula gcomhlánaíonn tú an fhoirm.
Stádas – Oscailte – is féidir iarratais a dhéanamh anois
Spriocdháta – 5i.n Dé Luain 30 Iúil 2018
Cuir isteach air – I gceangal leis seo, tá an foirm iarratais agus Téarmaí & Coinníollacha an chláir.
Cuir glaoch ar; Mary McGann at 091 509128