Dámhachtainí do Phobail Níos Glaine 2018
Tá ríméad ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe na Dámhachtainí do Phobail Níos Glaine a fhógairt.
Comórtas é seo a bheidh siúl ar fud an chontae agus é d’aidhm leis Contae na Gaillimhe a dhéanamh níos glaine agus níos glaise le cónaí ann. Tugann na Dámhachtainí aitheantas don obair a dhéanann cónaitheoirí, grúpaí pobail agus gnólachtaí d’fhonn an áit a choinneáil saor ó bhruscar agus slachtmhar le súil is mórtas a chothú sa cheantar áitiúil.
Tá ceithre chatagóir i gcomórtas 2018, mar seo a leanas
- An Limistéar is Deise faoi Phlandaí
Catagóir é seo a bhféadfaidh gach pobal a thugann faoi slacht a chur ar a gceantar trí bhláthanna/sceacha/crainn dúchasacha a chur, iarratas a dhéanamh faoi.
An Limistéar is Deise faoi Phlandaí | |
An chéad duais | €1,000 |
An dara duais | €500 |
An tríú duais | €250 |
2. An Reilg is Fearr Coinnithe
Catagóir é seo a bhféadfaidh gach coiste reilige agus eagraíocht eile a choinníonn a gcuid reiligí ar ardchaighdeán iarratas a dhéanamh faoi. Áirítear ar an obair a dhéantar cothabháil féir, rialú fiailí/bruscair agus cothabháil ghinearálta.
An Reilg is Fearr Coinnithe | |
Duais
(duais amháin in aghaidh an cheantair chathrach) |
€500 |
3. Scuab do Shráid / Glanadh Bruscair
Tá an catagóir seo ar oscailt do gach grúpa pobail, gnóthais agus cónaitheoirí i mbailte, ceantar sráidbhaile agus é mar aidhm rannpháirtithe a speagadh chun a sráid agus / nó ceantar a choinneáil saor ó bhruscar.
Scuab do Shráid / Glanadh Bruscair | |
An chéad duais | €1,000 |
An dara duais | €500 |
An tríú duais | €250 |
4. An Limistéar Athchúrsála Poiblí is Fearr
Tá an catagóir seo oscailte do gach pobal a bhfuil suim acu a limistéar athchúrsála poiblí, mar shampla, banc buidéal, a choinneáil mar is ceart, glan agus saor ó bhruscar.
An Limistéar Athchúrsála Poiblí is Fearr | |
An chéad duais | €1,000 |
An dara duais | €500 |
An tríú duais | €250 |
Is é an dáta deiridh a nglacfar le Foirmeacha Iarratais, grianghraif san áireamh, ná 4.00pm, Dé hAoine, an 22 Meitheamh 2018.
Ní mheasfar iarratais a bheidh déanach.
Tugann Dámhachtainí do Phobail Níos Glaine deis do gach duine a bpobal áitiúil a fheabhsú agus aitheantas foirmiúil a fháil maidir leis an obair chrua ar fad a rinne Comhairle Chontae na Gaillimhe i rith na bliana. Spreagfaimid gach pobal dul isteach.
Tuilleadh eolais ar fáil ar www.gaillimh.ie nó trí theagmháil a dhéanamh le Lisa Glynn,
Forbairt Pobail, Tuaithe agus Eacnamaíochta ar 091 509016.