Local Enhancement Programme 2025 – An Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025

Local Enhancement Programme 2025

The Closing Date for receipt of completed applications is 12 noon Friday 28th February 2025

Galway County Council, on behalf of the Local Community Development Committee (LCDC), invites applications for funding from non-profit community & voluntary groups within the Galway County administrative area under the Local Enhancement Programme 2025.

The Local Enhancement Programme is funded by the Department of Rural and Community Development and administered by the Local Community Development Committee (LCDC) in each local authority area.

Galway County Local Community Development Committee (LCDC) will administer the following capital funding under the Programme:

  • Capital Funding (€175,000) to support groups to carry out necessary repairs and improvements to their facilities, and to purchase equipment for community use.
  • Current Funding (€30,515) to support small grassroots groups such as Men’s/Women’s Sheds with their non-pay running costs, e.g. insurance, electricity, heating, etc.

The Local Enhancement Programme will support groups, particularly in disadvantaged areas to carry out necessary repairs and improvements to their facilities, purchase equipment, for example, tables and chairs, tools and signage, laptops and printers, lawnmovers, canopies and training equipment etc.  As well as their non pay running cost, for example, energy costs (electricity costs, refuse charges, heating charges) or other non-pay operating costs for example rental/lease costs, insurance bills.
Under the programme, Galway County LCDC will ringfence a proportion of funding to provide small capital grants of €1,000 or less, which will allow a larger volume of groups with limited resources to receive funding.
The scheme is designed to ensure local priorities are identified and met, in order to improve and enhance community facilities for all.  Applications should relate to one or more key priority areas identified in the LCDC’s Local Economic and Community Plan (LECP) in order to be eligible for consideration.

The LECP can be viewed at  Galway County LECP 2024-2030

Applicants should apply via our online grants system at https://galwaycoco.submit.com/  
Guidelines for Local Enhancement Programme (LEP) 2025

The Local Enhancement Programme 2025 is funded by the Department of Rural and Community Development.  Please see the following link to the press release announcing the Local Enhancement Programme 2025 at National Level, by the Minister for Rual and Community Development, Heather Humphreys TD, and Minister of State with responsibility for Community Development and Charities, Joe O’Brien TD Press Release

Contacts: [email protected] or 091 509 521

 

An Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025

Is é an dáta deiridh chun iarratais chomhlánaithe a fháil ná 12 meán lae Dé hAoine 28 Feabhra 2025

Fáiltíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe, ar son An gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC), roimh iarratais ar mhaoiniú ó ghrúpaí pobail agus deonacha neamhbhrabúis laistigh de cheantar riaracháin Chontae na Gaillimhe faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil 2025.

Tá an Clár Feabhsúcháin Áitiúil maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus á riar ag na Coistí Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC) i ngach ceantar Údaráis Áitiúil.

Riarfaidh Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Chontae na Gaillimhe an maoiniú caipitiúl seo a leanas faoin gClár:

  • €175,000: tacóidh an Ciste Ginearálta le grúpaí, go háirithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste, chun deisiúcháin agus feabhsúcháin riachtanacha a dhéanamh ar a n-áiseanna, agus/nó chun trealamh a cheannach le haghaidh úsáid an phobail.
  • €30,515: tá an maoiniú imfhálaithe seo chun tacú le líon méadaitheach na gClubanna agus na nGrúpaí Ban ar fud na tíre, m.sh. Seideanna na mBan, Grúpaí Spóirt na mBan, agus líonraí sóisialta eile ar nós grúpaí ICA, agus araile.

Cuideoidh an CFÁ le grúpaí, go háirithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste chun obair riachtanach dheisiúcháin agus feabhsuithe riachtanacha a dhéanamh ar a n-áiseanna, trealamh a cheannach, mar shampla, boird agus cathaoireacha, uirlisí agus comharthaíocht, ríomhairí glúine agus printéirí, lomairí faiche, ceannbhrait agus trealamh oiliúna etc. Chomh maith lena gcostais reatha gan phá, mar shampla, costais fuinnimh (costais leictreachais, táillí bruscair, muirir téimh) nó costais oibriúcháin eile gan phá mar shampla costais chíosa/léasa, billí árachais.
Faoin gclár, déanfaidh CFPÁ Chathair na Gaillimhe cuid den mhaoiniú a imfhálú chun deontais bheaga chaipitil €1,000 nó níos lú a chur ar fáil, rud a chuirfidh ar chumas líon níos mó grúpaí a bhfuil acmhainní teoranta acu maoiniú a fháil.
Tá an scéim leagtha amach chun a chinntiú go ndéanfar tosaíochtaí áitiúla a aithint agus a chur i gcrích, d’fhonn áiseanna pobail a fheabhsú do gach duine agus d’fhonn cur leis na háiseanna pobail sin. Ba chóir go mbainfeadh iarratais le príomhcheantar tosaíochta amháin nó níos mó mar a aithnítear i bPlean Pobail agus Eacnamaíochta Áitiúil Chathair na Gaillimhe 2024 – 2029 atá le fáil ar líne ag

Ba cheart d’iarratasóirí cur isteach ar ár gcóras deontas ar líne ag https://galwaycoco.submit.com/
Treoirlínte don Chlár Feabhsúcháin Áitiúil (LEP) 2025

Tá an Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025 maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.  Féach le do thoil ar an nasc seo a leanas leis an bpreseisiúint ag fógairt an Chláir Feabhsúcháin Áitiúil 2025 ar an leibhéal náisiúnta, ag an Aire Forbartha, Tuaithe agus Pobail, Heather Humphries TD, agus ag an Aire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas, Joe O’Brien T.DPreasráiteas

Teagmhálaithe: [email protected] nó 091 509 521

Local Enhancement Programme is funded by the Department of Rural and Community Development.


02/28/2025