Rúnaíocht PPN Chontae na Gaillimhe

Cúlra ar Rúnaíocht PPN Chontae na Gaillimhe
Tá coiste deonach ag an PPN, ar a dtugtar an Rúnaíocht, a dhéanann gníomhaíochtaí a riar agus a bhainistiú   ag leibhéal an Chontae.  Cuid d’fheidhmeanna na Rúnaíochta is ea bainistiú a dhéanamh ar an oibrí Acmhainní agus clár oibre agus cláir oiliúna a chur ar fáil, a bheidh chun leasa na 880 balleagraíocht.   Níl aon cheangal idir 11 ball an choiste agus an Chomhairle Chontae agus is iad baill an PPN a  thoghann iad. Tagann said le chéile 4-6 uair in aghaidh na bliana, taobh amuigh de Chruinnithe Ginearálta Contae. Ar na baill sin tá ionadaí amháin ó gach aon cheann den 5 Cheantar Bardasacha, 2 Ionadaí Pobail agus Deonach, 2 Ionadaí um Chuimsiú Sóisialta agus 2 Ionadaí faoin gColún Comhshaoil.
Ainmnigh
Treoirlínte do ghrúpaí le linn dóibh ainmnithe a roghnú lena dtoghadh
I ngach cás, táimid ag iarraidh éagsúlacht a bhaint amach, i dtaca le hionadaithe de, a mhéid a bhaineann le hinscne, le geografaíocht agus le taithí.  Cuirimid fáilte ar leith roimh ainmniúcháin ó ghrúpaí a mbíodh gannionadaíocht acu roimhe seo.

  • An bhfuil taithí ag an duine ar an ábhar áirithe ar taithí fóinteach don choiste é (i.e. Líonra a bhainistiú don SPC i réimsí na Rúnaíochta, na mBóithre, na Pleanála etc )?
  • An bhfuil taithí agus eolas ag an duine ar shaincheisteanna a bhaineann le grúpaí ina n-earnáil i.e. an Comhshaol, Uilechuimsitheacht Shóisialta, cúrsaí Pobail agus Deonacha etc?
  • An féidir leis an duine páirt éifeachtach a ghlacadh ar choistí etc?
  • An bhfuil an duine toilteanach ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na ngrúpaí go léir a thoghann iad, seachas ionadaíocht thar ceann a t(h)uairimí féin?
  • An bhfuil an duine toilteanach teagmháil a dhéanamh go rialta le gach comhalta leasmhar den PPN chun saincheisteanna iomchuí a phlé.
  • An bhfuil an t-am ag an duine chun ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh cruinnithe (ar minic léamh doiciméad mór a bheith i gceist leis sin) agus aiseolas a thabhairt do na grúpaí a thogh é/í?

De bhreis ar an méid sin thuas, ní mór na coinníollacha ginearálta seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Ní féidir ionadaithe tofa de chuid Údarás Áitiúil a ainmniú tríd an bpróiseas seo.
  • Má chineann aon duine a ainmnítear tríd an bpróiseas seo ar pháirt a ghlacadh sa pholaitíocht thoghchánach ní mór dó/di éirí as a ról ionadaíochta PPN láithreach agus déanfaidh an t-aonad ainmnithe PPN (Coláiste Toghcháin/Nasc-Ghrúpa) ionadaí eile a roghnú.
  • Ní ceart aon duine a bhí ina (h)ionadaí tofa ag aon leibhéal Rialtais (rialtas áitiúil nó rialtas náisiúnta) a roghnú chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann PPN, in aon ról ionadaíochta, go dtí go mbeidh bliain amháin caite ón tráth ar tháinig deireadh lena t(h)éarma oifige.
  • Beifear ag súil go ndearbhóidh ionadaithe coimhlintí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann. Má thagann coimhlint shuntasach chun cinn i gcás fostaithe nó gairmithe, ní féidir iad a ainmniú.
  • Maidir le grúpaí a bhfuil cearta ionadaíochta acu cheana féin ar choiste áirithe, ní féidir iad a ainmniú don choiste sin (e.g. ní féidir le heagraíochtaí feirmeoireachta ainmniúchán a dhéanamh do choiste a bhfuil ionadaí feirmeoireachta aige cheana féin).

 Go sonrach, is é atá i ról an ionadaí ná:

  • Ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an PPN/Ceantar Bardasach agus a bheith cuntasach do chomhaltas an PPN. Ní dhéanann siad ionadaíocht thar ceann a n-eagraíochta féin.
  • Cuireann siad saincheisteanna ábhartha chun cinn, is é sin, saincheisteanna atá molta ag an gcomhlacht a roghnaigh iad don réimse déanta beartais, agus rannchuidiú a dhéanamh i ndáil le hobair an choiste ar comhalta de iad.
  • Aiseolas a thabhairt don PPN faoi thorthaí na gcruinnithe beartais agus faoi na saincheisteanna a ardaítear.

Is féidir aon cheisteanna nó aon iarrataí ar shoiléiriú a sheoladh chuig [email protected] nó is féidir glaoch teileafóin a dhéanamh ina leith ar 091 509147.