Struchtúr

Is é an Comhlacht Iomlánach  príomhchomhlacht déanta cinntí an PPN (i.e. na ballghrúpaí neamhspleácha ar fad) agus ní mór don chomhlacht teacht le chéile faoi dhó sa bhliain ar a laghad chun oibriú an PPN a athbhreithniú agus an clár oibre don tréimhse atá le teacht a leagan amach.  Is í an Rúnaíocht thofa atá freagrach as an PPN a riar idir cruinnithe Iomlánacha.  Cuireann fo-thacair den PPN ar nós Grúpaí Nascachta an próiseas ar an eolas.  Is modh nua oibre é seo atá éagsúil ón struchtúr céimlathach traidisiúnta a bhí ann agus is cinnte go bhfuil sé dúshlánach.  Ach tá go leor fianaise ar fud na tíre gur modh é a oibríonn go maith.
An Comhlacht Iomlánach
Is é an Comhlacht Iomlánach (na balleagraíochtaí ar fad le chéile) an déantóir cinntí is tábhachtaí sa PPN agus tagann an comhlacht le chéile faoi dhó sa bhliain ar a laghad.  Is é an ról atá aige feidhmiú an PPN a a stiúradh agus beartais agus próisis iomlánacha an PPN a leagan amach.  Ní mór na cinntí a dhéantar idir dhá chruinniú iomlánacha, lena n-áirítear toghadh ionadaithe, a chur i láthair lena ndaingniú ag an gcéad chruinniú eile. Tá vóta amháin ag gach ballghrúpa neamhspleách sa Chomhlacht Iomlánach.  Is fóram iontach iad na cruinnithe iomlánacha do bhallghrúpaí chun aithne a chur ar a chéile agus na hábhair spéise atá acu a phlé.  Tá sé de chúram ar an gComhlacht Iomlánach ráiteas folláine a fhorbairt chomh maith don ghlúin seo agus do na glúnta atá le teacht sa cheantar. Is i mí Bealtaine agus i mí na Samhna a thagann an Comhlacht Iomlánach le chéile de ghnáth.
Rúnaíocht
Is iad Baill an PPN a thoghann an Rúnaíocht le hionadaíocht a dhéanamh ar na limistéir gheografacha éagsúla agus ar na trí cholún.  Comhlacht riaracháin é seo atá freagrach as oibríochtaí lá go lá an PPN a mhaoirsiú. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin Rúnaíocht anseo.
Ionadaithe PPN
Is baill iad na hIonadaithe PPN den PPN agus toghtar iad chun ionadaíocht a dhéanamh ar shaincheisteanna thar ceann bhaill an PPN ar Bhord nó ar Choiste faoi leith.  Ní dhéanann Ionadaí PPN ionadaíocht ar son an ghrúpa a bhfuil sé/sí ina bhall de. Déanann siad ionadaíocht ar an PPN agus déanann a ngrúpa nascachta iad a threorú. Is féidir níos mó a fháil amach faoi Ionadaithe PPN anseo.