Grúpaí Nascachta agus Comhairliúcháin

Cuireann Grúpaí agus Comhairliúcháin Nascachta deiseanna iontacha ar fáil do bhalleagraíochtaí an PPN chun tionchar a imirt ar bheartais a réimse oibríochta.  Tugann Grúpaí Nascachta eagraíochtaí leasmhara ag a bhfuil leas comhchoitinn le chéile chun na tuairimí agus suimeanna éagsúla atá acu ar réimse beartas ar leith a phlé – tithíocht, cultúr, an comhshaol, pleanáil agus mar sin de.

Toghann na grúpaí seo Ionadaithe PPN ar Bhoird nó ar Choistí, faightear aiseolas ó na hionadaithe sin, agus treoraíonn a ngníomhaíocht.  D’fhéadfadh go leagfadh siad amach tosaíochtaí agus ionchur beartas etc thar ceann an PPN.  D’fhéadfadh sin ansin, cabhrú le balleagraíochtaí tuiscint níos fearr a bheith acu ar an bpróiseas beartas áitiúil.

Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird gurb é ról an Ghrúpa Nascachta ná é a chur ar chumas na n-eagraíochtaí réimse éagsúla tuairimí agus ábhar spéise laistigh den chóras rialtais áitiúil a chur in iúl agus iad a éascú, agus gan an éagsúlacht sin a laghdú ná a mhaolú.