Cé muid féin

Bunaíodh Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Chontae na Gaillimhe chun go mbeadh sé ar chumas mhuintir agus ghrúpaí pobail na Gaillimhe a gcuid tuairimí a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leo. Is struchtúir nua do rannpháirtíocht agus rannpháirteachas an phobail sa Rialtas Áitiúil i ngach limistéar Údaráis Áitiúil iad na Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí (PPNanna) seo.

Is é an PPN an córas trína nascann nó ina ndéanann an tÚdarás Áitiúil teagmháil leis an earnáil phobail níos leithne agus déanann sé ionadaíocht ar mhaithe leis na hearnálacha seo a leanas: pobal agus deonach, cuimsiú sóisialta agus comhshaol.

Is é príomhról an PPN líonra a fhorbairt a thabharfaidh gach grúpa pobail agus deonach, grúpaí cuimsithe sóisialta agus grúpaí ar son an chomhshaoil le chéile. Roinntear eolas agus is féidir le daoine oibriú as lámh a chéile ar chúrsaí a bhaineann le beartais.

Éascaíonn an PPN do ghrúpaí ionadaithe ar bhoird agus ar choistí déanta beartas na n-údarás áitiúil a ainmniú lena n-áirítear an Coiste Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC), Coistí um Beartas Straitéiseach (SPCanna). An Chomhpháirtíocht Spóirt, An Comhchoiste Póilíneachta agus mar sin de.

Déantar cur síos sna treoirlínte náisiúnta ar na cineálacha grúpaí ar féidir leo clárú don struchtúr PPN mar seo a leanas:

  • Comhshaol – Eagraíochtaí ar cosaint comhshaoil agus/nó inbhuanaitheacht comhshaoil a mbunghníomhaíochtaí.
  • Cuimsiú Sóisialta – Eagraíochtaí ar cuimsiú sóisialta, ceartas sóisialta agus/nó comhionannas na gníomhaíochtaí a ndíríonn siad orthu. Áirítear ar shamplaí díobh sin – eagraíochtaí a bhfuil sé mar aidhm acu tacú le daoine atá faoi mhíchumas, le teifigh agus lucht iarrtha tearmainn, daoine níos sine, mná, daoine óga agus iad sin atá ag maireachtáil i mbochtaineacht.
  • Pobail & Deonach – Aon eagraíocht arb iad a mbungníomhaíochtaí gníomhaíochtaí nach bhfuil liostaithe thuas.

Beidh an grúpa ina chuid de Struchtúr PPN an Chontae nuair a chlárófar éTá sé éasca clárú. Líon isteach an Fhoirm Chlárúcháin ar an leathanach baile le do thoil. Níl aon chostas i gceist. Cuirtear an t-eolas is déanaí, eolas faoi dheiseanna maoinithe ar fáil go rialta do ghrúpaí cláraithe agus is féidir leo tairbhe a bhaint as a bheith ag fógairt a gcuid gníomhaíochtaí pobail féin saor in aisce.

Go hachomair’
  • Toghaimid ionadaithe pobail, comhshaoil agus cuimsithe sóisialta ar choistí údaráis áitiúil agus ar bhoird agus ar ghníomhaireachtaí déanta beartas eile.
  • Cruthaímid fís d’fholláine na glúine seo agus na nglúnta atá le teacht agus oibrímid ina treo.
  • Forbraímid caidrimh straitéiseacha agus chomhoibríocha le lucht déanta cinntí.
  • Aithnímid saincheisteanna ar ábhar imní iad agus oibrímid chun tionchar a imirt ar bheartais go háitiúil maidir leis na saincheisteanna sin.
  • Cuirimid ar chumas na mball a bheith páirteach i gcomhairliúcháin phoiblí agus spreagaimid iad chun sin a dhéanamh.
  • Gníomhaímid mar mhol eolais agus scaipimid eolas ábhartha ar ghrúpaí pobail.