An nuacht is déanaí

An nuacht is déanaí

09 02,2024

Rannpháirtíocht na mBan agus Éagsúlacht sa Rialtas Áitiúil a Mhéadú

Clár atá le seachadadh ag Cácas Ban Chontae agus Chathair na Gaillimhe chun béim a leagan ar an ngá atá le comhionannas inscne agus le héagsúlacht níos mó sa rialtas áitiúil.   Seachadfaidh Cácas Ban Chontae agus Chathair na Gaillimhe clár in Óstán an Shearwater i mBéal Átha na Sluaighe ag deireadh mhí Feabhra, chun…
Read More »

10 11,2023

Dréachtphlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024-2029 Comhairle Chontae na Gaillimhe

Dáta: 10 Samhain 2023 Aithníodh an tAthrú Aeráide mar an dúshlán domhanda is práinní dár linne. Tá sé de dhualgas níos mó ar rialtais náisiúnta agus áitiúla gníomhaíocht uaillmhianach a dhéanamh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa is cúis leis an athrú aeráide (maolú) a laghdú agus athléimneacht i leith tionchair agus rioscaí an athraithe aeráide…
Read More »

13 06,2023

Obair na nGrúpaí Pobail aitheanta ag Gradaim an Chathaoirligh 2023

Reáchtáladh Gradaim an Chathaoirligh 2023 mar aon le Ball an Chathaoirligh Dé Sathairn 27 Bealtaine. D’eagraigh Comhairle Chontae na Gaillimhe na Gradaim i gcomhpháirt le Líonra Rannpháirtíochta Phoiblí Chontae na Gaillimhe. Rinne an Cathaoirleach Clr. Michael Maher agus an reachtaire don tráthnóna, Bernadette Prendergast ó Galway Bay FM, na Gradaim a óstáil agus cuireadh fáilte…
Read More »

28 11,2022

Seolann an Rialtas Ciste Nua €3m um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide

Dé hAoine, an 25 Samhain 2022 Sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, agus an tAire Comhshaoil, Aeráide, Cumarsáide agus Iompair, Eamon Ryan, ciste €3 mhilliún inniu chun tacú le tionscadail chruthaitheacha shamhlaíocha a chothaíonn feasacht ar athrú aeráide agus a thugann cumhacht do shaoránaigh athruithe fiúntacha iompraíochta a dhéanamh.…
Read More »

24 10,2022

Leabhrán eolais PPN as Gaeilge

Tá ár leabhrán eolais ar fáil i nGaeilge anois, is féidir leat é a íoslódáil thíos. Má tá cóip chrua uait seol ríomhphost le do thoil chuig [email protected] Leabhrán PPN (as Gaeilge)

26 07,2022

Lá Stairiúil agus Céad Chruinniú an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge tionólta inniu

Lá Stairiúil agus Céad Chruinniú an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge tionólta inniu Bhuail Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers T.D., le comhaltaí an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge inniu, an 25 Iúil 2022, nuair a tháinig siad le chéile den chéad uair i bhfoirgneamh Fhoras na Gaeilge…
Read More »

01 12,2021

Ciste Séadchomharthaí Pobail 2022

Iarratais le bheith istigh faoin 8 Feabhra 2022 Fáilteoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe i gcomhar le Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta roimh iarratais ar Chiste Séadchomharthaí Pobail 2022. Cuirtear maoiniú ar fáil leis an scéim deontais chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú, a chothabháil, a chosaint agus slacht a chur…
Read More »

09 11,2021

Plean Fuinnimh (EMP) do Chontae na Gaillimhe

Abair do chuid maidir le dréachtú an chéad Mháistirphlean Fuinnimh do Chontae na Gaillimhe Tá Máistirphlean Fuinnimh do Chontae na Gaillimhe á fhorbairt ag an Líonraí Rannpháirtíochta Pobail (PPN) Chontae na Gaillimhe agus an Grúpa Oibre um Théarnamh Glas (GRWG). Táimid i mbun iarratas ar mhaoiniú don mháistirphlean fuinnimh a réiteach i láthair na huaire…
Read More »

27 09,2021

An tSeachtain um Ionchuimsiú Sóisialta 2021

  An tSeachtain um Ionchuimsiú Sóisialta  2021     Dé hDáeardaoin an 8ú Deireadh Fómhair 2021 ar 5.00 p.m. an spriocdháta    Beidh an tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta ar siúl i gContae na Gaillimhe idir an 18ú agus an 24ú Deireadh Fómhair 2021.  Is é cuspóir na Seachtaine faoi leith seo feasacht agus tuiscint ar chúrsaí cuimsithe…
Read More »

23 09,2021

Scéim um Dheontais Chaipitil d’Fhiontair Shóisialta 2021

Dé hAoine an 15ú Deireadh Fómhair 2021 ar 5.00 p.m. an spriocdháta  Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tríd an gCoiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC) ag fáiltiú roimh iarratais ó Fhiontair Shóisialta laistigh de limistéar riaracháin Chontae na Gaillimhe, i dtreo an Scéim um Dheontais Chaipitil d’Fhiontair Shóisialta 2021.    ·       Is féidir le Fiontair Shóisialta, mar a…
Read More »

02 06,2021

An Clár Feabhsúcháin Pobail 2021

Dé Máirt an 22ú Meitheamh 2021 ar 5.00 p.m. an spriocdháta   Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tríd an gCoiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC) ag fáiltiú roimh iarratais ó Ghrúpaí Pobail agus Deonacha “neamhbhrabúis” laistigh de limistéar riaracháin Chontae na Gaillimhe, i dtreo an Clár Feabhsúcháin Pobail (an CFP) 2021.   Tá sé mar…
Read More »

07 05,2021

Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte

Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail Foilsithe 3 Bealtaine 2021 Príomhsprioc i Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte is ea aghaidh a thabhairt ar dhearóiliú Maoiniú ar fáil chun foirgnimh fholmha i lár bailte a iompú isteach ina moil oibre, spásanna fiontair, moil chultúir, turasóireachta agus phobail Spreagtar Tionscadail Chomhoibríocha leis an scéim chun aghaidheanna…
Read More »

30 04,2021

Tá Ainmniúcháin do Gradaim an Chathaoirligh oscailte anois

Tionscnamh bliantúil iad Gradaim an Chathaoirligh chun aitheantas a thabhairt do dhúthracht daoine aonair agus grúpaí a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí pobail agus saorálaíochta gan íocaíocht agus don tionchar suntasach a bhíonn ag an méid a dhéanann siad ar chaighdeán saoil na ndaoine ina bpobail féin. Tá tábhacht ar leith ag baint le Gradaim na…
Read More »

29 03,2021

Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann

Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: Treoirphlean an Rialtais maidir le hathrú a chur ar shaol na tuaithe in Éirinn.  29ú Márta 2021. Deis faoi leith maidir le Forbairt na Tuaithe tar éis COVID-19   ·       Béim mhór ar Chianoibrithe a mhealladh go dtí pobail faoin tuath    ·       Athbheochan ar lár na mbailte móra, postanna faoin tuath,…
Read More »

16 03,2021

Clár CLÁR 2021 ar fiú €5.5 milliún é seolta ag an Aire Humphreys

·                 Méadú 10% ar mhaoiniú 2020 ·                 Beart Nua chun tacú le pobail smaointe nua tionscadail a fhorbairt agus a thástáil ·                 Tacófar le Gairdíní Pobail agus Cuibhrinn Phobail chomh maith   Tá sé fógartha ag an Aire Forbartha Pobail agus Tuaithe, Heather Humphreys TD, inniu (Dé hAoine an 12 Márta) go bhfuil clár CLÁR 2021 seolta.  …
Read More »

21 01,2021

Straitéis Aoisbhá 2021-2026

Straitéis Aoisbhá 2021-2026 Comhairliúchán Poiblí le Daoine Breacaosta agus a nGrúpaí Ionadaíocha   Tá Comhairle Contae na Gaillimhe ag tabhairt faoi phróiseas comhairliúcháin phoiblí le haghaidh Straitéis Aoisbhá nua agus teastaíonn uathu tuairimí daoine breacaosta agus a ngrúpaí ionadaíocha agus eagraíochtaí i gContae na Gaillimhe a fháil chun tosaíochtaí a shainaithint do na chéad 5…
Read More »

13 01,2021

CISTE ÉIGEANDÁLA COVID-19

Dé hAoine an 12ú Feabhra 2021 ar 5.00 p.m. an spriocdháta    Iarann Comhairle Chontae na Gaillimhe, tríd an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC) iarratais faoin 2ú babhta de Mhaoiniú Éigeandála COVID-19 ó ghrúpaí / eagraíochtaí pobail laistigh de limistéar Riaracháin Chontae na Gaillimhe.    Cuirfear deontais ar fail do ghrúpaí pobail leis chun cuidiú leo:…
Read More »

13 01,2021

SCÉIMEANNA TACAÍOCHTA POBAIL 2021

Tá iarratais ar mhaoiniú á lorg ó Ghrúpaí Pobail agus Deonacha “neamhbhrabúis” i dtreo ghníomhaíochtaí agus imeachtaí a bheidh chun leasa phobail áitiúla ar fud an chontae agus a thacóidh le forbairt inbhuanaithe eacnamaíochta, phobail agus chultúir.  Teoirlínte –Sceimeanna Tacaiochta Pobail 2021 GA   Scéim Tacaíochta d’Fhorbairt Eacnamaíochta: ·       Féilte agus Imeachtaí Rannpháirtíochta: is éard is aidhm…
Read More »

19 11,2020

Tuarascáil Bhliantúil an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí 2019 seolta ag an Aire O’Brien

Preis Ráiteas Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail  Foilsithe 19 Samhna 2020 Léirítear sa tuarascáil go bhfuil 15,600 grúpa deonach cláraithe leis an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí in 2019 Sheol an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht i leith Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, an tUasal Joe O’Brien TD, inniu (an 19 Samhain 2020) Tuarascáil Bhliantúil 2019…
Read More »

09 10,2020

Ciste Éire Shláintiúil Scéim na nDeontas Beag – Meabhairshláinte sa Phobal 2020

4.00 p.m. Dé hAoine an 30 Deireadh Fómhair an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.   Tionscnamh de chuid an Rialtais atá in Éire Shláintiúil atá dírithe ar shláinte agus ar fholláine gach duine atá ag cur fúthu in Éirinn a fheabhsú agus atá á riar ag an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC) i ngach ceantar údaráis…
Read More »

22 09,2020

Seachtain um Chuimsiú Sóisialta 2020 maoiniú ar fáil

Beidh Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta 2020 Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar siúl ón 19 Deireadh Fómhair go dtí an 25 Deireadh Fómhair. Is é is aidhm leis an tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta feasacht agus tuiscint a ardú maidir le hionchuimsiú agus éagsúlacht i gContae na Gaillimhe. Baineann sé le haird a tharraingt ar an obair dhearfach a thugann…
Read More »

13 07,2020

Maoiniú ceadaithe ag an Aire Martin do Ghaillimh 2020

Clár Cultúir leasaithe ina mbeidh taispeántais agus imeachtaí beo agus ar líne i gceist   Tacófar le 28 tionscadal agus 350 ealaíontóir     Tá an maoiniú do Ghaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa in Éirinn ceadaithe ag Catherine Martin TD, an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, chun go mbeifear ábalta an…
Read More »

13 07,2020

Fáilte curtha ag an Aire Stáit Calleary roimh Scéim Scoláireachta Printíseachta fógartha ag Údarás na Gaeltachta

  Tá fáilte curtha ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta, na Gaeilge agus Spóirt Dara Calleary T.D. roimh an Scéim Scoláireachta Printíseachta atá fógartha ag Údarás na Gaeltachta.   Tugann an scéim seo deis d’iarrthóirí Gaeltachta scil/ceird nua a fhoghlaim nó athoiliúint a fháil agus cáilíocht phrintíseachta atá aitheanta ag an gComhairle…
Read More »

22 06,2020

€2 mhilliún fógartha ag an Aire Ring faoin gClár Feabhsúcháin Pobail agus iarrann ar phobail a bheith rannpháirteach ann

Cuirtear deontais bheaga ar fáil faoin gClár chun saoráidí i bpobail faoin tuath agus i gcathracha a fheabhsú   D’fhógair Michael Ring TD, an tAire Forbartha, Tuaithe agus Pobail, sonraí inniu maidir leis an gClár Feabhsúcháin Pobail  (CEP) agus thug chun solais na tairbhí a d’fhéadfadh pobail áitiúla a bhaint as an gClár.   Is…
Read More »

19 06,2020

Maoiniú d’Fhéilte Beaga Áitiúla agus Scoileanna Samhraidh fógartha ag an Aire Madigan

Déardaoin an 18 Meitheamh, 2020 ***Íomhánna ar fáil do na meáin ANSEO***   Tá leithroinnt maoinithe €54,700 fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta inniu chun tacú le Féilte Beaga Áitiúla agus Scoileanna Samhraidh a bheidh ar siúl ar fud na hÉireann in 2020.   Tá an Scéim leagtha amach chun tacú le himeachtaí…
Read More »

12 06,2020

Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte 2020 Co. na Gaillimhe

  Léirithe Spéise á Lorg   In 2020, táthar ag déanamh Clár Infheistíochta Forbartha Tuaithe, lena n-áirítear Scéim Athnuachana na mBailte   agus na Sráidbhailte a shaincheapadh chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ag teacht chun cinn mar gheall ar COVID-19, lena n-áirítear Beart Luathaithe.   Tá Léirithe Spéise (EOI) á lorg ag Comhairle…
Read More »

12 06,2020

Fáilte curtha ag an Aire Stáit Kyne roimh Campaí Cúla4

12 Meitheamh 2020    D’fháiltigh an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin an Seanadóir Seán Kyne inniu, roimh an bhfógra a rinne TG4 go mbeidh sraith cláir teilifíse Campaí Cúla4 á craoladh ag an stáisiúin 5 lá sa tseachtain ar feadh 5 seachtaine. Beidh an tsraith clár – a bheidh dírithe ar an aos óg, ar…
Read More »

12 06,2020

CLÁR 2020

CLÁR 2020 Iarratais á lorg anois ar CLÁR 2020. Clár infheistíochta spriocdhírithe do cheantair thuaithe é CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais) a bhfuil sé mar aidhm leis maoiniú a chur ar fáil do thograí beaga infreastructúir i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste.   Is é aidhm CLÁR tacú le forbairt inbhuanaithe cheantair shainaitheanta CLÁR le súil is daoine…
Read More »

12 06,2020

Fadó Fadó, An Saol mar a bhí

    Glac páirt i gCnuasach Mór Grianghraf den Saol Fadó in Éirinn   Táimid ag iarraidh ar dhaoine, le linn COVID-19, cur leis an stór ar líne de ghrianghraif, scannáin agus scéalta a thugann léiriú ar shaol sóisialta, eacnamaíochta, oideachais agus cultúir i nGaillimh agus in Éirinn fadó agus béim ar leith ar an…
Read More »

11 06,2020

Imeachtaí Iontacha  Chruinniú na nÓg ag tarlú ar fud Chontae na Gaillimhe!

  Lá speisialta é Cruinniú na nÓg ar a ndéantar ceiliúradh ar an gcruthaitheacht do leanaí agus do dhaoine óga. Reáchtálfar líon mór imeachtaí a cruthaíodh do dhaoine óga ar fud an chontae Dé Sathairn an 13 Meitheamh. Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Foireann Éire Ildánach cuireadh duit páirt a ghlacadh sa cheiliúradh i…
Read More »

10 06,2020

Ciste na Struchtúr Stairiúil agus Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2020

Dé Céadaoin, 10 Meitheamh, 2020   Tá breis is €4.3m i maoiniú fógartha ag an Aire Madigan do 449 tionscadal ar fud na tíre     Tá sé fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta  Josepha Madigan TD, inniu (10 Meitheamh, 2020), go mbainfidh 449 tionscadal oidhreachta ar fud gach contae sa tír tairbhe…
Read More »

10 06,2020

An tAire Madigan ag moladh do dhaoine óga tabhairt faoin gcruthaitheacht do Chruinniú na nÓg 2020 ar líne

9 Meitheamh 2020   Tá os cionn 460 gníomhaíocht, imeacht agus píosa craoltóireachta ar líne saor in aisce deimhnithe do Chruinniú na nÓg 2020 cheana féin Tá moladh tugtha ag an Aire do RTÉ agus d’fhoirne cultúir na n-údarás áitiúil as a dtacaíocht chun Cruinniú na nÓg a sheachadadh Is cuid d’fheachtas #InThisTogether an Rialtais …
Read More »

08 06,2020

€600,000 breise curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta leis an Scéim Dearbhán Trádála Ar Líne a sholáthar sa Ghaeltacht

Government Press Release, 8 June 2020   Tá fáilte curtha ag Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, An Seanadóir Seán Kyne, roimh an bhfógra go bhfuil €600,000 breise curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta leis an Scéim Dearbhán Trádála Ar Líne a sholáthar sa Ghaeltacht. Níos…
Read More »

03 06,2020

Maoiniú caipitil de €821,672 á fhógairt ag an Aire Stáit Seán Kyne d’Áras Mhic Amhlaigh, Ionad nua Gaeilge i gCnoc na Cathrach

3 Meitheamh 2020   Maoiniú caipitil  de €821,672 á fhógairt ag an Aire Stáit Seán Kyne d’Áras Mhic Amhlaigh, Ionad nua Gaeilge i gCnoc na Cathrach   Tá sé fógartha ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, an Seanadóir Seán Kyne, inniu go bhfuil deontas de €821,672 á chur ar…
Read More »

27 04,2020

Scéalta-Ó-Thaobh-An-Uisce

22 04,2020

Ciste Éigeandála COVID-19 Chomhairle Chontae na Gaillimhe

  Clár deontais is ea an Ciste Éigeandála COVID-19 chun maoiniú a chur ar fáil do ghrúpaí a bhfuil baint dhíreach acu le freagra an phobail maidir le paindéim COVID-19.   Mar gheall go bhfuil obair a bhaineann le Covid-19 de dhíth ar bhonn láithreach tá an Chomhairle ag tabhairt cuireadh do Ghrúpaí atá cláraithe…
Read More »

17 04,2020

260 glaoch curtha ar Uimhir Saorghlao Chontae na Gaillimhe atá i bhFeidhm do Dhaoine Leochaileacha sa Phobal maidir le Cúnamh mar Fhreagra ar Ghlao an Phobail COVID-19

14/4/20   Aitheantas tugtha ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe Kevin Kelly do fhreagra suntasach an Stáit, Forbairt Áitiúil, Grúpaí Pobail agus Deonacha agus Eagraíochtaí Spóirt fud fad na tíre i ndáil le Tacaíochtaí Áitiúla a shlógadh mar chuid d’iarrachtaí Ghlao Náisiúnta an Phobail Náisiúnta mar fhreagra ar COVID-19. “Tá grúpaí pobail agus deontais áitiúla,…
Read More »

12 04,2020

Galway BEO Project

Galway Beo project   Tá an oidhreacht le brath I ngach uile áit, sna seanfhoirgnimh agus reiligí, ar na sráideanna agus bóithríní faoin tuath, in aibhneacha agus le cósta, sna fálta sceach agus gairdíní atá thimpeall orainn agus leis na scéalta agus amhráin atá againn.   Seol grianghraf, líníocht, dán nó scéal chugainn chun cuidiú…
Read More »

04 04,2020

Fóram Freagartha Pobail COVID-19 Chomhairle Chontae na Gaillimhe

  Glacfaidh deasc chabhrach glaonna ó dhaoine leochaileacha sa phobal a bhfuil riachtanais acu le linn na géarchéime. Féadfaidh daoine leochaileacha sa phobal nó daoine atá ina gcónaí leo féin a dteastaíonn uathu teacht ar earraí grósaera, cógas nó breosla, glaoch ar an Uimhir Saorghlao faoi Rún seo agus gheobhaidh an fhoireann cúnamh duit i…
Read More »

31 03,2020

Comhairle Chontae na Gaillimhe i mbun comhordú ar eagraíochtaí chun cuidiú le saoránaigh le linn Covid-19

Líne chabhrach don phobal le fáil ag an uimhir 091-509390 9.00am-6.00pm 1800 92 88 94 an uimhir saorghlao    Ar spreagadh ón Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy déanfar Fóram Freagartha Pobail Covid-19 a bhunú i ngach contae arna chomhordú ag gach Údarás Áitiúil i ngach cás.   Déanfar líne chabhrach tacaíochta tiomanta…
Read More »

18 03,2020

ALONE launch a COVID-19 support line for older people

ALONE, the organisation that supports older people, has announced the launch of a national support line and additional supports for older people who have concerns or are facing difficulties relating to the outbreak of COVID-19 (Coronavirus) in Ireland.   As a member organisation of the National Public Health Emergency COVID-19 Subgroup for Vulnerable People, ALONE…
Read More »

12 03,2020

Polasaí Oileánda – Plépháipéar

  Tá plépháipéar foilsithe ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin a dhíríonn ar Polasaí Oileánda.   Is féidir an páipéar sin a léamh agus a íoslódáil anseo. Is féidir cóip chrua den páipéar sin a iarraidh ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (tá na sonraí teagmhála thíos). Glacfar le aighneachtaí maidir leis…
Read More »

05 03,2020

Community Smoke Alarm Scheme

  On average 50 people die in fires each year in Ireland. Most of these can be prevented by a smoke alarm.   Do you know someone in your community who doesn’t have a smoke alarm?   Register them now for a FREE smoke alarm *     Contact: Email: [email protected]   *Name, address and…
Read More »

03 03,2020

Scéim na nImeachtaí Óige 2020/2021

Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do shraith d’imeachtaí Óige (ara laghad 12 sheisiún i ngach sraith) oiriúnacha trí Ghaeilge don aos óg (3 bliana – 18 mbliana d’aois) taobh amuigh den Ghaeltacht:   a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a threisiú trí mheascán d’imeachtaí; nach imeachtaí cónaithe iad; a bheidh á reáchtáil idir an 31 Lúnasa 2020 agus an 03 Iúil 2021; nach féilte, comórtais, nó imeachtaí aon lae amháin iad.   Is le hairgead mpoiblí a bhronntar deontais, agus tá dualgais reachtúla ar Fhoras na Gaeilge chun luach ar airgead gach tionscadail mhaoinithe a dheimhniú. Molann Foras na Gaeilge d’iarratasóirí cómhaoiniú a lorg le haghaidh tionscadal, nuair is cuí, agus comhoibriú le heagraíochtaí eile leis an luach is fearr a fháil ó dheontas Fhoras na Gaeilge. Cuirimid fáilte faoi leith roimh iarratais ó eagraíochtaí atá lonnaithe i gceantair aitheanta i straitéisí agus/nó i reachtaíocht Rialtais.   Cáipéisí: Treoirlínte Gaeilge_Scéim na nImeachtaí Óige 2020-21 Foirm Iarratais Gaeilge_Scéim na nImeachtaí Óige 2020-21   Tabhair faoi deara go gcaithfidh gach iarratasóir an seicliosta um chumhdach cuí a chur isteach leisan iarratas, tá na seicliostaí ar fáil thíos; Treoir don Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh Treoir don Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó dheas Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó dheas Is gá cóip chrua shínithe a chur isteach chuig Foras na Gaeilge roimh an spriocdháta.

03 03,2020

Scéim Deontas Cholmcille 2020

    Tá sé mar aidhm ag an scéim seo caidreamh a chothú idir pobail teanga Ghaeilge na hAlban agus na hÉireann  agus Gaeilge na hAlban agus na hÉireann a neartú tríd an chaidreamh seo. Beidh dhá bhabhta den scéim deontas ann in 2020:   Babhta 1 Spriocdháta Dé Luain 23 Márta 2020 Iarratais le haghaidh tionscadail a gcuirfear tús leo in 2020 Uasteorainn €12,000/£10,800   Babhta 2 Spriocdháta Dé Luain 12 Deireadh Fómhair 2020 Iarratais le haghaidh tionscadail a gcuirfear tús leo in 2020/2021 Uasteorainn €12,000/£10,800 Is féidir iarratas a dhéanamh ar suas le 80% de chostais uile an tionscadail. Tá an scéim oscailte d’eagraíocht ar bith atá i riocht an caidreamh a chur chun cinn, agus a bhfuil an cháipéisíocht chuí acu. Tuilleadh Eolais Treoir…
Read More »

02 03,2020

Comhairle Chontae na Gaillimhe: ÉIRE ILDÁNACH 2020

4.00 p.m. Dé Déardaoin an 26 Márta 2020 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais   Tá an tréimhse inar féidir iarratas a dhéanamh ar ár Sparánachtaí Éire Ildánach 2020 anois oscailte. Tá foirm Léirithe Spéise chomhlánaithe le cur ar aghaidh ar ríomhphost [email protected] gceist leis an bpróiseas iarratais nó is féidir an fhoirm a phriontáil…
Read More »

24 04,2019

Gradaim Phobail an Chathaoirligh 2019

14 11,2018

Tugtar cuireadh duit a bheith i láthair ag Cruinniú Iomlánach PPN Chontae na Gaillimhe

Labhair le gníomhaireachtaí & grúpaí eile pobail agus roinn do chuid smaointe. Cas le d’Ionadaithe PPN a bhíonn ag obair ar do shon agus pléigh saincheisteanna a bhaineann le do phobal. Faigh amach faoin PPN agus an méid a chuireann sé ar fáil do ghrúpaí pobail. Dáta:        Dé Céadaoin an 28 Samhain 2018 Am:…
Read More »

10 04,2018

Gradaim Phobail an Chathaoirligh 2018

10 04,2018

Maoiniú Chlár Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe 2018.

Tá ana áthas ar Comhphartíocht Spóirt na Gaillimhe (CSG) a chuid schéim Moainiu Chlár a fhógair. Ta an maoiniú seo, curtha ar fáil dúinn ag SPOIRT EIREANN, ceaptha chun leibhéil rannphairtiocht í spóirt agus gníomhachtaí fisiciúl a mheadú, lé béim ar leith ar daoine atá neamhghníomhach faoi lathair nó nach bfhuil an deis acu a…
Read More »