Choiste Beartais Straitéisigh atá ag Comhairle Chontae na Gaillimhe

Tá ainmniúcháin á lorg ag PPN Chontae na Gaillimhe do shuíocháin ar na 2 Choiste Beartais Straitéisigh atá ag Comhairle Chontae na Gaillimhe
SPC Tithíochta
Is é is aidhm leis an SPC deis a thabhairt do Chomhairleoirí agus do pháirtithe leasmhara sna hearnálacha ábhartha a bheith rannpháirteach go hiomlán sa bpróiseas déanta beartas ón gcéad chéim, agus ba chóir an díospóireacht a thabhairt chun críche ag leibhéal SPC chun go ndéanfaidh an Chomhairle a breithniú agus a cinneadh deireanach.

Tá 11 bhall, 7 gcomhairleoir, 4 ionadaí earnála san SPC Tithíochta agus tá an earnáil Phobail & Dheonach agus an Colún Cuimsithe Sóisialta san áireamh.

Bíonn an SPC Tithíochta i mbun beartas a fhorbairt maidir leis na réimsí seo a leanas atá leagtha amach i nDréachtphlean SPC Chomhairle Chontae na Gaillimhe 2019-2024

  • Clár Cóiríochta don Lucht Siúil.
  • Scéim Tosaíochtaí Ligin /Leithdháiltí / Inrochtaineacht / Tús Áite.
  • Cláir Tógála Tithíochta.
  • Straitéis maidir le Daoine gan Dídean.
  • Straitéis maidir le Tithíocht.

Tá ionadaí amháin ag teastáil uainn anois ón gColún Cuimsithe Sóisialta agus ionadaí amháin ón Earnáil Phobail agus Dheonach.

Ainmnigh
SPC Pobail agus Cultúir
Is é is aidhm leis an SPC deis a thabhairt do Chomhairleoirí agus do pháirtithe leasmhara sna hearnálacha ábhartha a bheith rannpháirteach go hiomlán sa bpróiseas déanta beartas ón gcéad chéim, agus ba chóir an díospóireacht a thabhairt chun críche ag leibhéal SPC chun go ndéanfaidh an Chomhairle a breithniú agus a cinneadh deireanach.

Tá 10 mball, 6 chomhairleoir, 4 ionadaí earnála san SPC Pobail agus Cultúir ag déanamh ionadaíochta ar an earnáil Phobail agus Dheonach agus an Colún Cuimsithe Sóisialta. 

Bíonn an SPC Pobail agus Cultúir i mbun beartas a fhorbairt maidir leis na réimsí seo a leanas atá leagtha amach i nDréachtphlean SPC Chomhairle Chontae na Gaillimhe 2019-2024

  • Beartais um Fhorbairt Leabharlann
  • Beartas Cultúir agus Oidhreacht Phríomhchathair Chultúir na hEorpa
  • Plean Ealaíon
  • An Scéim Teanga
  • Gnéithe pobail den LECP
  • Scéimeanna Rannpháirtíochta Pobail

Tá ionadaí amháin ag teastáil uainn anois ón Earnáil Phobail agus Dheonach.

Ainmnigh
Treoirlínte do ghrúpaí le linn dóibh ainmnithe a roghnú lena dtoghadh
I ngach cás, táimid ag iarraidh éagsúlacht a bhaint amach, i dtaca le hionadaithe de, a mhéid a bhaineann le hinscne, le geografaíocht agus le taithí.  Cuirimid fáilte ar leith roimh ainmniúcháin ó ghrúpaí a mbíodh gannionadaíocht acu roimhe seo.

  • An bhfuil taithí ag an duine ar an ábhar áirithe ar taithí fóinteach don choiste é (i.e. Líonra a bhainistiú don SPC i réimsí na Rúnaíochta, na mBóithre, na Pleanála etc )?
  • An bhfuil taithí agus eolas ag an duine ar shaincheisteanna a bhaineann le grúpaí ina n-earnáil i.e. an Comhshaol, Uilechuimsitheacht Shóisialta, cúrsaí Pobail agus Deonacha etc?
  • An féidir leis an duine páirt éifeachtach a ghlacadh ar choistí etc?
  • An bhfuil an duine toilteanach ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na ngrúpaí go léir a thoghann iad, seachas ionadaíocht thar ceann a t(h)uairimí féin?
  • An bhfuil an duine toilteanach teagmháil a dhéanamh go rialta le gach comhalta leasmhar den PPN chun saincheisteanna iomchuí a phlé.
  • An bhfuil an t-am ag an duine chun ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh cruinnithe (ar minic léamh doiciméad mór a bheith i gceist leis sin) agus aiseolas a thabhairt do na grúpaí a thogh é/í?

De bhreis ar an méid sin thuas, ní mór na coinníollacha ginearálta seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Ní féidir ionadaithe tofa de chuid Údarás Áitiúil a ainmniú tríd an bpróiseas seo.
  • Má chineann aon duine a ainmnítear tríd an bpróiseas seo ar pháirt a ghlacadh sa pholaitíocht thoghchánach ní mór dó/di éirí as a ról ionadaíochta PPN láithreach agus déanfaidh an t-aonad ainmnithe PPN (Coláiste Toghcháin/Nasc-Ghrúpa) ionadaí eile a roghnú.
  • Ní ceart aon duine a bhí ina (h)ionadaí tofa ag aon leibhéal Rialtais (rialtas áitiúil nó rialtas náisiúnta) a roghnú chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann PPN, in aon ról ionadaíochta, go dtí go mbeidh bliain amháin caite ón tráth ar tháinig deireadh lena t(h)éarma oifige.
  • Beifear ag súil go ndearbhóidh ionadaithe coimhlintí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann. Má thagann coimhlint shuntasach chun cinn i gcás fostaithe nó gairmithe, ní féidir iad a ainmniú.
  • Maidir le grúpaí a bhfuil cearta ionadaíochta acu cheana féin ar choiste áirithe, ní féidir iad a ainmniú don choiste sin (e.g. ní féidir le heagraíochtaí feirmeoireachta ainmniúchán a dhéanamh do choiste a bhfuil ionadaí feirmeoireachta aige cheana féin).

Go sonrach, is é atá i ról an ionadaí ná:

  • Ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an PPN/Ceantar Bardasach agus a bheith cuntasach do chomhaltas an PPN. Ní dhéanann siad ionadaíocht thar ceann a n-eagraíochta féin.
  • Cuireann siad saincheisteanna ábhartha chun cinn, is é sin, saincheisteanna atá molta ag an gcomhlacht a roghnaigh iad don réimse déanta beartais, agus rannchuidiú a dhéanamh i ndáil le hobair an choiste ar comhalta de iad.
  • Aiseolas a thabhairt don PPN faoi thorthaí na gcruinnithe beartais agus faoi na saincheisteanna a ardaítear.

Is féidir aon cheisteanna a sheoladh chuig [email protected] nó is féidir glaoch teileafóin a dhéanamh ina leith ar 087 4555428 .