260 glaoch curtha ar Uimhir Saorghlao Chontae na Gaillimhe atá i bhFeidhm do Dhaoine Leochaileacha sa Phobal maidir le Cúnamh mar Fhreagra ar Ghlao an Phobail COVID-19

14/4/20

 

Aitheantas tugtha ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe Kevin Kelly do fhreagra suntasach an Stáit, Forbairt Áitiúil, Grúpaí Pobail agus Deonacha agus Eagraíochtaí Spóirt fud fad na tíre i ndáil le Tacaíochtaí Áitiúla a shlógadh mar chuid d’iarrachtaí Ghlao Náisiúnta an Phobail Náisiúnta mar fhreagra ar COVID-19.

“Tá grúpaí pobail agus deontais áitiúla, eagraíochtaí spóirt agus baill den Líonra Rannpháirtíochta Poiblí ag tacú le daoine leochaileacha, a bhformhór atá ag féin-aonrú, chun teacht slán as an ngéarchéim sláinte poiblí náisiúnta reatha.  Bhí m’fhoireann an-tógtha go deimhin ar feadh na seachtaine, le leibhéal na dTacaíochtaí Áitiúla atá ar fáil agus na tionscnaimh atáthar ag tabhairt fúthu i bpobail, a léiríonn an cúram agus an meon comharsanúil atá i gContae na Gaillimhe.”

“Ó seoladh SAORGHLAO 1800-92-88-94 Chontae na Gaillimhe Dé Luain an 31 Márta, tá 260 glaoch ar chúnamh faighte.”

Dúirt an tUasal Kevin Kelly, Cathaoirleach Fhóram Freagartha Pobail Chontae na Gaillimhe freisin, “Is iontach a bhí na hionadaithe ar fad ar Fhóram Freagartha Pobail Chontae na Gaillimhe ag cur eolas soiléir agus praiticiúil ar fáil maidir lena gcuid tacaíochtaí, teacht ar a gcuid fostaithe agus oibrithe deonacha, ag roinnt eolais ar an Uimhir Saorghlao agus tacaíocht dhíreach a chur ar fáil do dhaoine a dteastaíonn an tacaíocht sin uathu, go háirithe daoine a bhfuil orthu féin-aonrú a dhéanamh. Ag an tráth seo, tá ríthábhacht ag baint le hobair i gcomhair agus leis an gcomhpháirtíocht idir an pobal agus an earnáil dheonach agus an Stáit. Tá ár nGníomhaireachtaí Forbartha Áitiúla, Baill den PPN agus Grúpaí Pobail ag déanamh difríocht mhór i gcuidiú le daoine aonair ag tráth seo na hanacra, tráth nach bhfacthas riamh cheana.”

Tá an tUasal Alan Farrell, Stiúrthóir Gníomhach na Seirbhísí, agus a fhoireann chomh maith le hionadaithe ó Rannóga eile ag tacú leis an bPríomhfheidhmeannach maidir le Glao an Phobail seo agus rinne siad nasc idir tacaíochtaí áitiúla ar fud an Chontae, ag obair le Gníomhaireachtaí Stáit, Grúpaí Forbartha Áitiúla, Baill den Líonra Rannpháirtíochta Poiblí (PPN), Eagraíochtaí Spóirt, Míchumais agus Cúramóra.

Thug an tUasal Farrell comhairle agus dúirt “Déileáileann an líne chabhrach tacaíochta tiomnaithe le cúnamh a thabhairt do dhaoine sa phobal atá i mbaol chun go mbeidh teacht acu ar thacaíochtaí neamhéigeandála agus ar thacaíochtaí eile seachas tacaíochtaí leighis le linn na héigeandála sláinte poiblí reatha.   Leagtar béim ar chúnamh praiticiúil a chur ar fáil maidir le hearraí grósaera, breosla a bhailiú, oideas atá de dhíth a bhailiú agus córas chun béilí te a chur ar fáil más gá sin a dhéanamh a shocrú suas chun cúnamh a thabhairt do dhaoine a chaithfidh ‘fanacht sa bhaile ar fad’ nó do dhaoine leochaileacha.  Ta socruithe déanta maidir le daoine a thabhairt chuig coinní in ospidéil agus tá comhpháirtíocht i bhfeidhm le hOrd Mhálta agus eile chun an nasc ríthábhachtach a chur ar fáil.  Le 10 lá anuas, bhain thart ar daichead faoin gcéad de ghlaonna le seachadadh agus le bailiú earraí Grósaera agus níor bhain ach 10% eile le cúrsaí a bhain le leigheas neamhéigeandála lena n-áirítear oidis a bhailiú agus taisteal chuig coinní riachtanacha leighis. Bhain 46% eile le fiosruithe maidir le Bearta COVID-19, mar imní faoi ioncam agus fiosruithe maidir le cá bhfaigheadh duine eolas, agus bhain an chuid eile de na glaonna le haonrú sóisialta agus folláine go ginearálta”.

Dúirt an tUasal Farrell, “Cé nach roinntear sonraí pearsanta, breathnaíonn muid ar an líon glaonna agus ar an gcineál glaonna a fhaightear gach aon lá agus déantar seo a shuimiú go náisiúnta.  Tá na cineálacha céanna glaonna agus an leibhéal céanna i gContae na Gaillimhe agus atá i gceantair thuaithe móra eile ina bhfuil bailte móra scaipthe ar fud an cheantair, mar Chiarraí, Dún na nGall agus Maigh Eo. Leanfaidh muid den obair chun ár seirbhís a chur chun cinn agus ba mhaith linn buíochas a ghlacadh leis na meáin, lenár gcomhpáirtithe seirbhíse agus grúpaí áitiúla as an uimhir 1800-92-88-98 a roinnt agus a chur chun cinn.  Tá ríomhphost againn freisin [email protected] agus is féidir le Grúpaí Áitiúla Tairiscintí maidir le Cúnamh a Thabhairt agus Iarratais maidir le Cúnamh a fháil a logáil ar an leathanach baile www.galway.ie.  Tá go leor grúpaí ábalta déileáil le fiosruithe i limistéar mór agus tá na limistéir seo ar mhapa againn ar an láithreán gréasáin chomh maith.  Táthar ag cur comhairle ar dhaoine aonair ar mhaith leo obair dheonach a dhéanamh teagmháil a dhéanamh le hIonad Oibrithe Deonacha na Gaillimhe a bheidh ábalta comhairle shoiléir a thabhairt maidir le dea-chleachtas.

Dúirt an tUasal Farrell chomh maith, go bhféadfaí glaoch ar an Uimhir Saorghlao 1800-92-88-94 ó Luan go Satharn, seacht lá na seachtaine idir 9:00am agus 6:00pm.

Is éard a dúirt an tUasal Farrell agus é ag déanamh cur síos ar mar a oibríonn an tSeirbhís “Is féidir le muintir an phobail, go háirithe na daoine atá ag fanacht sa bhaile ar fad nó a dteastaíonn cúnamh uathu, an Uimhir Saorghlao 1800 a úsáid chun labhairt le Ball d’Fhoireann an Chomhairle, a rachaidh tríd roinnt sonraí leo agus an cúnamh atá uathu a aithint bunaithe ar ár réimsí tús áite. Déanann muid an grúpa áitiúil nó an ghníomhaireacht is fearr, dar linn, a bheidh in ann cuidiú leis an duine a mheas.  Ansin déanann muid an duine sin a nascú leis na tacaíochtaí agus cuireann muid glaoch arís orthu, de réir mar is gá, chun a chinntiú gur oibrigh gach rud don duine agus go bhfuair siad an cúnamh a bhí uathu. Cuirtear glaonna maidir le cúrsaí leighis nó ioncam ar aghaidh chuig línte fóin an FFS agus na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh atá ann cheana, leagann muide béim ar thacaíochtaí laethúla agus aonrú sóisialta”.

Chuir sé tuileadh comhairle ar dhaoine ÉIRCHÓD a roinnt má tá sé ar eolas acu “mar go bhfuil an tSeirbhís ábalta é seo a úsáid chun an áit a bhfuil siad go díreach a fháil, níl sé riachtanach áfach, agus ba cheart do dhaoine glaoch ar aon nós má theastaíonn cúnamh uathu. Má tá duine ag glaoch thar ceann duine eile, a mheasann siad go m’fhéidir go dteastaíonn cúnamh uathu, sa chás seo, más féidir, fiafraigh don té sin roimh ré ar chuala siad faoin uimhir 1800.  Murar féidir sin a dhéanamh tá roghanna eile ag ár bhfoireann, ach is é seo an rogha is cuí”.

Dúirt an tUasal Farrell chomh maith “Fiú i gcás éigeandála, bíonn sé deacair cúnamh a iarraidh.  Tá meas ar Rúndacht agus ar Phríobháideachas agus tá maoirsiú déanta ag Comhordaitheoir an Fhóraim, Mary McGann Uasal, ar na prótacail. Tá an fhoireann agus na grúpaí go léir a bhfuil baint acu leis deimhnithe agus oibríonn siad bunaithe ar chomhairle an FSS agus ar Threoirlínte Sláinte Poiblí i ndáil le daoine atá ag fáil agus ag tabhairt tacaíochta.  Oibreoimid go dlúth leis an nGarda Síochána, FSS agus Gníomhaireachtaí eile de réir mar is gá.  Déantar oidis leighis a bhailiú mar shampla, a láimhseáil faoi Threoirlínte soiléire Rialacháin an FSS agus Chógaslanna, sa chaoi is nach gcuirtear isteach ar phríobháideachas agus sábháilteacht”.

Mar fhocal scoir dúirt an Príomhfheidhmeannach Kevin Kelly,“Slógadh nach bhfacthas riamh cheana ar acmhainní Rialtais, Údaráis Áitiúil agus deonacha é Glao an Phobail agus tá an freagra atá tugtha ag grúpaí áitiúla sa Chontae seo thar barr uile. Is ábhar misnigh é sin a fheiceáil agus tá mise i mo Phríomhfheidhmeannach agus thar ceann ár gcuid Ball agus Foirne sásta a bheith ag déanamh ár gcuid féin ina leith.”

 

Nóta don Eagarthóir:  Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le

Eímear Dolan 087-7987738 / [email protected]

An tAonad Forbartha Eacnamaíochta, Pobail agus Tuaithe Comhairle Chontae na Gaillimhe

Share This Story, Choose Your Platform!