Straitéis Aoisbhá 2021-2026

Straitéis Aoisbhá 2021-2026

Comhairliúchán Poiblí le Daoine Breacaosta agus a nGrúpaí Ionadaíocha

 

Tá Comhairle Contae na Gaillimhe ag tabhairt faoi phróiseas comhairliúcháin phoiblí le haghaidh Straitéis Aoisbhá nua agus teastaíonn uathu tuairimí daoine breacaosta agus a ngrúpaí ionadaíocha agus eagraíochtaí i gContae na Gaillimhe a fháil chun tosaíochtaí a shainaithint do na chéad 5 bliana eile amach romhainn.   Leagfar tosaíochtaí amach sa Straitéis Aoisbhá i limistéir ar nós an mhéid seo a leanas:

  • Feabhas a chur ar an teacht ar spásanna agus foirgnimh taobh amuigh, iompar poiblí agus pobail, agus níos mó roghanna tithíochta lena chur ar chumas daoine breacaosta cónaí ina dtithe agus ina bpobail féin agus na tacaíochtaí oiriúnacha tí agus pobail acu.
  • Daoine breacaosta a spreagadh an ceangal eatarthu a chothú i gcónaí agus páirt ghníomhach a ghlacadh i mbeatha shóisialta, gheilleagrach agus chultúrtha a bpobal, trí fheabhas a chur ar an teacht atá acu ar eolas agus a chur ar a gcumas páirt iomlán a ghlacadh ina bpobail.
  • Barr feabhais a chur ar chomhpháirtíochtaí idir Comhairle Contae na Gaillimhe agus eagraíochtaí eile áitiúla poiblí, príobháideacha agus deonacha chun freagairt do na riachtanais a sainaithníodh atá ag daoine breacaosta agus deiseanna a chur chun cinn chun feabhas a chur ar a sláinte agus a bhfolláine.

 

Bheimis an-bhuíoch díot dá bhféadfá an t-am a ghlacadh chun ár bhFoirm Shuirbhé a líonadh chun eolas a chur ar fáil dúinn ar na limistéir a dhéanann difear do shaol daoine breacaosta i gContae na Gaillimhe agus an méid is féidir a dhéanamh chun athruithe dearfacha a dhéanamh inár gContae sna chéad 5 bliana eile amach romhainn.   Is féidir leat teacht ar an bhFoirm Shuirbhé ar líne ag https://www.surveymonkey.com/r/DDBVF26 nó cruachóip a iarraidh trí theagmháil a dhéanamh leis An Rannóg Forbartha Pobail i gComhairle Contae na Gaillimhe trí ghlaoch ar 091 509 521. Iarrtar ort d’Fhoirm líonta a sheoladh ar aghaidh an 19 Márta 2021 nó roimhe sin.

Iontrálfar gach ceistneoir a sheoltar ar aghaidh i gcrannchur chun Dearbhán €100 One-For-All a bhuachan – ní úsáidfear sonraí pearsanta a sheoltar ar aghaidh ar fhoirmeacha suirbhé ach ar an gcuspóir seo amháin.

 

Nocht do thuairim trí bhallraíocht a ghlacadh dár bhFóram Seanóirí

 

Tá Fóram Seanóirí á bhunú ag Comhairle Contae na Gaillimhe agus Líonra Rannpháirtíochta Pobail (LRP) Chontae na Gaillimhe laistigh de struchtúir an LRP lena chinntiú go dtéitear i gcomhairle go leanúnach le daoine breacaosta agus lena nGrúpaí / Eagraíochtaí ionadaíocha.   Déanfaidh an Fóram seo ionadaíocht do leasanna agus riachtanais daoine breacaosta ar bhonn leanúnach agus ainmneoidh sé ionadaithe ó gach Ceantar Bardasach den Chontae chun suí sa Chomhaontas Aoisbhá, arb é sin an grúpa trasearnála ardleibhéil, a ndéanann Príomhfheidhmeannach an údaráis áitiúil cathaoirleacht air, a dhéanann maoirseacht ar an Straitéis Aoisbhá a chur i bhfeidhm.  Lena chinntiú go nochtar an méid tuairimí agus is féidir, tugtar cuireadh don mhéid seo a leanas glacadh le ballraíocht;

  • Daoine aonair níos sine ná 55 bliain d’aois, daoine san áireamh ó ghrúpaí eitneacha éagsúla
  • Grúpaí nó Eagraíochtaí Pobail agus Deonacha a dhéanann ionadaíocht do leasanna Daoine Breacaosta
  • Ionadaithe daoine breacaosta níos leochailí, e.g. iad siúd a chónaíonn i suíomhanna cúraim foirmiúla / neamhfhoirmiúla

 

Más mian leat nó do Ghrúpa/Eagraíocht páirt a ghlacadh san Fhóram Seanóirí, seol ríomhphost, le do thoil, chuig [email protected] ina dtugtar cuntas ar do shonraí teagmhála agus aon limistéir ar leith spéise.

 

Clár Aoisbhá na Gaillimhe;

Ag oibriú le chéile chun áit iontach a dhéanamh de Ghaillimh le dul in aois ann.

 

Share This Story, Choose Your Platform!