
An tSeachtain um Ionchuimsiú Sóisialta 2021
An tSeachtain um Ionchuimsiú Sóisialta 2021 |
Dé hDáeardaoin an 8ú Deireadh Fómhair 2021 ar 5.00 p.m. an spriocdháta
Beidh an tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta ar siúl i gContae na Gaillimhe idir an 18ú agus an 24ú Deireadh Fómhair 2021. Is é cuspóir na Seachtaine faoi leith seo feasacht agus tuiscint ar chúrsaí cuimsithe agus éagsúlachta i gContae na Gaillimhe a mhéadú.
Beidh deontais bheaga suas go dtí €400 an tionscadal ar a mhéid ar fáil. Is féidir an deontas seo a úsáid chun costas na n-ábhar, an trealaimh nó na n-acmhainní eile atá de dhíth don tionscadal a chlúdach.
Tá an Fhoirm Iarratais ar fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig i[email protected] nó glaoch gutháin a chur ar 091 509521. Ní mór d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe agus cáipéisíocht tacaíochta a chur isteach tráth nach déanaí ná an spriocdháta ach (a) leagan scanta agus sínithe a sheoladh ar ríomhphost chuig [email protected] NÓ (b) í a sheoladh tríd an bpost chuig Deontais Phobail, an Rannóg Forbartha Pobail, Tuaithe agus Eacnamaíochta, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.
Foirm Iarratais: Application Form 2021 (1)