Maoiniú caipitil de €821,672 á fhógairt ag an Aire Stáit Seán Kyne d’Áras Mhic Amhlaigh, Ionad nua Gaeilge i gCnoc na Cathrach

3 Meitheamh 2020

 

Maoiniú caipitil  de €821,672 á fhógairt ag an Aire Stáit Seán Kyne d’Áras Mhic Amhlaigh, Ionad nua Gaeilge i gCnoc na Cathrach

 

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, an Seanadóir Seán Kyne, inniu go bhfuil deontas de €821,672 á chur ar fáil faoin Scéim Tacaíochta Gaeilge d’Ionaid Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht do Choiste Tógála Áras Mhic Amhlaigh, Cnoc na Cathrach, Gaillimh chun ionad Gaeilge a thógáil ar an suíomh atá acu taobh le Gaelscoil Mhic Amhlaigh.

 

Is Gaelscoil nua-thógtha í Gaelscoil Mhic Amhlaigh atá suite ar an taobh thoir de cheantar Chnoc na Cathrach in iarthar chathair na Gaillimhe, agus í in ann freastal ar 720 páiste. Tá an scoil suite lasmuigh den Ghaeltacht ach laistigh de cholbha na cathrach atá aitheanta faoin phróiseas pleanála teanga mar ábhar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.  Is ceantar é seo ina bhfuil meánscoil lán-Ghaeilge, Coláiste na Coiribe, suite chomh maith.

 

Agus an deontas á fhógairt aige, dúirt an tAire Stáit Kyne:

 

“Is léiriú an-mhaith í Gaelscoil Mhic Amhlaigh, scoil a thosaigh amach in 1993 le fiche páiste, ar an éileamh atá ar an scolaíocht trí Ghaeilge sa cheantar seo.  Tá sé rí-thábhachtach go dtógfar ar an éileamh seo ón phobal, agus go gcuirfear seirbhísí eile ar bhonn níos leithne ar fáil ná an córas oideachais amháin. Chuige sin, tá an-áthas orm go bhfuil ar chumas mo Roinne tacú le hÁras Mhic Amhlaigh, ionad Ghaeilge nua don cheantar a bheidh tógtha ar champas na scoile.

 

“Beidh an t-ionad nua ag freastal ar thart ar 70 páiste réamhscoile agus beidh os cionn 200 páiste ábalta freastal ar sheirbhísí roimh/iarchúram scoile trí Ghaeilge, an t-aon seirbhís mar é sa cheantar. Beidh an t-ionad ar fáil chomh maith le tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na Gaeilge sa cheantar cathrach ina bhfuil an scoil agus an t-ionad suite.

 

“Chomh maith leis seo, beidh fostaíocht curtha ar fáil do 15 duine ar a laghad san ionad sa bhreis ar an 35 atá fostaithe sa Ghaelscoil cheana féin agus iad uilig ag obair ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge sa cheantar.  Níl aon amhras ann nach togra thar a bheith fiúntach é seo ó thaobh bhuanú agus láidriú na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe. Tá an Ghaelscoil féin ag dul ó neart go neart agus chun tacú leis an fhorbairt sin tá gá le hionad den saghas seo ina mbeidh pobal an cheantar ábalta an Gaeilge a úsáid lasmuigh den seomra ranga – rud atá riachtanach má tá daoine óga go háirithe ag dul a mhothú go bhfuil tábhacht leis an teanga ina ngnáthshaol. 

 

“Tá mé cinnte go mbeidh an tIonad nua seo ins thacú don próiseas pleanála teanga agus é in ann freastal a dhéanamh ar éileamh an phobail agus clubanna áitiúla.  Guím gach rath ar lucht a úsáide. “

 

Is é seo ceann amháin de thrí thogra caipitil atá fógartha ag an Aire Stáit Kyne inniu leis an dá ceann eile suite i nGaeltachtaí Dhún na nGall agus Mhaig Eo.  Cuirfidh na deontais seo borradh faoi thionscal na tógála sna ceantair seo ag am a bhfuil an tionscal sin ag oscailt suas arís tar éis srianta COVID-19 a bheith ardaithe.  Is faoi réir ghealltanais atá tugtha i bPlean 5-Bliana don Ghaeilge 2018-2022 de chuid an Rialtais atá na deontais seo á gceadú ag an Aire Stáit Kyne.

 

CRÍOCH

 

An Oifig Preasa agus Eolais

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Teil: 087 6737338 / (01) 631 3807 / 3909/ 3803 (díreach)
Ríomhphost: [email protected]
Láithreán Gréasáin: www.chg.gov.ie
Twitter: @DeptAHG

Instagram: Culture.Heritage.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofCultureHeritageGaeltacht
Chun d’ainm a bhaint de liosta na ríomhphost, cliceáil ANSEO.

 

Nóta d’Eagarthóirí:

Is iad seo a leanas sonraí an dá thogra caipitil eile atá fógartha ag an Aire Stáit Kyne inniu:

  • Deontas suas le €169,151 nó 95% den chostas iomlán, cibé acu is lú, ceadaithe ag Aire Stáit Kyne do Naíonra úr a thógáil ar an Eachléim, i gCo. Mhaigh Eo le cur ar a chumas foirgneamh buan a thógáil don Naíonra ar an láthair céanna leis an bhunscoil sa cheantar.
  • Deontas suas le €184,418 nó 95% den chostas iomlán, cibé acu is lú, ceadaithe ag Aire Stáit Kyne do Naíonra Ghleann Domhain, Min an Lábain i gCo. Dhún na nGall le cur ar a chumas foirgneamh buan a thógáil don Naíonra ar an láthair céanna leis an bhunscoil sa cheantar.
Share This Story, Choose Your Platform!