Ciste Éigeandála COVID-19 Chomhairle Chontae na Gaillimhe

 

Clár deontais is ea an Ciste Éigeandála COVID-19 chun maoiniú a chur ar fáil do ghrúpaí a bhfuil baint dhíreach acu le freagra an phobail maidir le paindéim COVID-19.

 

Mar gheall go bhfuil obair a bhaineann le Covid-19 de dhíth ar bhonn láithreach tá an Chomhairle ag tabhairt cuireadh do Ghrúpaí atá cláraithe le seirbhísí a chur ar fáil mar chuid de Ghlao an Phobail iarratais a dhéanamh trí ghlao dúnta agus tá na foirmeacha iarratais & treoirlíne eisithe díreach chuig na Grúpaí sin.   Tá na Grúpaí/Eagraíochtaí ar fad atá cláraithe le Glao an Phobail Chontae na Gaillimhe ar ár láithreán gréasáin ar http://www.galway.ie/FindAssistance -ma tá do Ghrúpa/Eagraíocht ag cur seirbhísí ar fáil ach níl cláraithe go dtí seo, is féidir sin a dhéanamh anois tríd an bhfoirm clárúcháin a chomhlánú agus a chur ar aghaidh ar http://www.galway.ie/OfferAssistance agus seolfaimid foirm iarratais ar aghaidh chugat chomh luath agus atá do chuid sonraí deimhnithe againn.

 

Tá na deontais seo á gcistiú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus á riar ag an údarás áitiúil.  Déanfaidh an tÚdarás Áitiúil na hiarratais a mheas chun teidlíocht a chinntiú agus ní mór do na tionscnaimh a bheith ag teacht le héiteas an chláir, agus is ionann sin agus maoiniú a chur ar fáil do ghrúpaí a bhfuil baint dhíreach acu le Glao an Phobail maidir le paindéim COVID-19.   Is do chaiteachas de chineál caipitil agus/nó oibríochtúil a bhaineann le hobair mar fhreagra ar COVID-19 na deontais agus tá sé beartaithe gur le haghaidh deontais ar fiú €1,000 nó níos lú iad a bheidh sa chuid is mó den mhaoiniú a bheidh ar fáil.

5 p.m. Dé hAoine an 1 Bealtaine 2020 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais chomhlánaithe.

Má tá aon fhiosruithe agat, déan teagmháil leis an Aonad Forbartha Pobail ar 091 509 390 nó [email protected]

Share This Story, Choose Your Platform!