
CLÁR 2020
CLÁR 2020
Iarratais á lorg anois ar CLÁR 2020.
Clár infheistíochta spriocdhírithe do cheantair thuaithe é CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais) a bhfuil sé mar aidhm leis maoiniú a chur ar fáil do thograí beaga infreastructúir i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste. Is é aidhm CLÁR tacú le forbairt inbhuanaithe cheantair shainaitheanta CLÁR le súil is daoine a mhealladh chun cónaí agus chun dul i mbun oibre iontu. Oibríonn an maoiniú i gcomhar le cláir mhaoiniúcháin áitiúla/Gníomhaireachta agus Ranna agus ar bhonn tosaíochtaí a shainaithnítear go háitiúil.
Tá leithdháileadh de €5 mhilliún san iomlán ar fáil le haghaidh 2020 go náisiúnta, agus beidh na bearta seo a leanas á bhfeidhmiú trí Údaráis Áitiúla do réimse tograí Scoile agus Pobail.
Beart 1: Tacaíocht do Bhearta Sábháilteachta ag Scoileanna agus ag Áiseanna Pobail- Foirm Iarratais
Beart 2: Tacaíocht do Áiteanna Áineasa Pobail- Foirm Iarratais
Léarscáil de limistéir CLÁR i nGaillimh
An Próiseas Iarratais:
Ba chóir d’iarratasóir a dheimhniú ar dtús go bhfuil a dtogra laistigh de cheantar atá aitheanta faoi Clár. Féach an léarscáil ar www.galway.ie/ga/, le do thoil, agus liosta D.E.D greamaithe leis.
Ní mór foirmeacha iarratais do Bhearta 1 & 2, agus iad comhlánaithe go hiomlán, a chur ar ais chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe roimh Dé Luain, 13 Iúil 2020 ag Meán Oíche ar ríomhphoist chuig [email protected]
Téigh chuig www.galway.ie le sonraí a fháil maidir le Beart CLÁR agus Samplaí de Thionscadail Incháilithe.
Cuir Iarratais ar Fhoirmeacha, Fiosruithe & Iarrataí ar Eolas/Cruinnithe ar aghaidh chuig an Aonad Forbartha Eacnamaíochta, Pobail agus Tuaithe, Comhairle Chontae na Gaillimhe trí ríomhphost a sheoladh chuig: [email protected]
Nóta: Beart 3 iarratas le cur isteach go Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Féach https://www.gov.ie/en/policy-information/91ba52-clar/#2020-clar-measures le haghaidh tuilleadh faisnéise