Clár CLÁR 2021 ar fiú €5.5 milliún é seolta ag an Aire Humphreys

·                 Méadú 10% ar mhaoiniú 2020

·                 Beart Nua chun tacú le pobail smaointe nua tionscadail a fhorbairt agus a thástáil

·                 Tacófar le Gairdíní Pobail agus Cuibhrinn Phobail chomh maith

 

Tá sé fógartha ag an Aire Forbartha Pobail agus Tuaithe, Heather Humphreys TD, inniu (Dé hAoine an 12 Márta) go bhfuil clár CLÁR 2021 seolta.

 

Cuireann CLÁR maoiniú ar fáil do thionscadail bhonneagair ar scála beag i gceantair thuaithe atá buailte mar gheall ar thitim shuntasach i ndaonra.

 

Tá méadú 10% curtha le maoiniú an chláir CLÁR i mbliana, aitheantas ar an tábhacht atá leis an gclár do chuid de na ceantair is scoite amach sa tír.

 

Is ionann leithdháileadh na bliana 2021 mar sin agus €5.5 milliún.

 

Is iad seo a leanas na bearta a mbeidh maoiniú á chur ar fáil dóibh faoi chlár CLÁR 2021:

 

·       Beart 1:   Tacaíocht do Scoileanna / Bearta Sábháilteachta Pobail

·       Beart 2:   Saoráidí Áineasa Pobail Lasmuigh

·       Beart 3:   Beart Folláine Pobail:

a)    Gairdíní Pobail agus Cuibhrinn Phobail

b)    Soghluaisteacht agus Iompar Cúraim Ailse

  • Beart Nuálaíochta CLÁR

 

Ag fógairt sonraí an chláir inniu, dúirt an tAire Humphreys :

 

“Tá an-áthas orm seoladh an chláir CLÁR a fhógairt don bhliain 2021 inniu. Tá cuid dhearfach ollmhór curtha ag an scéim ó osclaíodh arís í in 2016 le cuid de na pobail faoin tuath is scoite amach sa tír. Tá tacaíocht curtha ar fáil do bhreis is 1,600 tionscadal, arb ionann sin agus €39 milliún i maoiniú. Chuidigh an maoiniú sin le borradh a chur faoi phobail tuaithe ar fud na hÉireann.

 

“Tá athbhreithniú déanta againn ar na Bearta arís i mbliana chun a chinntiú go bhfuiltear á gcur in oiriúint chun na riachtanais atá ag pobail tuaithe na tíre agus iad ag athrú a shásamh.  Tá Beart Nuálach nua CLÁR tugtha isteach agam ach go háirithe.  Díreofar an maoiniú sin ar smaointe nua a thástáil ar bhonn píolótach, smaointe trína ndéanfar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ar leith a mbíonn ar phobail i limistéir CLÁR aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear scoiteacht tuaithe, athrú i ndaonra, míbhuntáiste sóisialta agus imeallú. Tugtar deis iontach do phobail leis an mBeart seo na dúshláin ar leith a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt orthu a aithint agus teacht aníos le bealaí nuálacha chun dul i ngleic leo.”

 

Lean an tAire ar aghaidh ag rá:

 

“Ina theannta sin, áireofar maoiniú i CLÁR 2021 do bhearta sábháilteachta do limistéir timpeall ar Scoileanna agus saoráidí Pobail. Áireofar freisin ann maoiniú do Shaoráidí Áineasa Pobail Lasmuigh, lena n-áirítear áiteanna suí, struchtúir ar stíl pailliúin, páirceanna spraoi agus Limistéir Ilúsáide Cluichí.  Táimid ag glacadh Páirceanna Clárscátála san áireamh faoin mBeart seo den chéad uair, mar go mbraithim go bhfuil sé tábhachtach limistéar áineasa faoin spéir a bheith ar fáil do leanaí de gach aois agus do dhaoine óga a shásaíonn a gcuid riachtanas.

 

“Tacóidh clár na bliana seo freisin le Gairdíní Pobail agus Cuibhrinn Phobail a fhorbairt, agus tá a fhios agam go maith go bhfuil an-spéis ag daoine ann, go háirithe le dhá mhí dhéag anuas agus muid ag maireachtáil le COVID-19.

 

“Leanfar de thacaíocht a thabhairt d’fheithiclí eagraíochtaí saorálaíochta a chuireann iompar saor in aisce ar fáil chuig seirbhísí cúraim lae agus seirbhísí leighis do dhaoine a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu agus do dhaoine a bhíonn ag freastal ar ionaid cúraim ailse.

 

“An 7 Bealtaine an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais agus mholfainn do gach pobal i limistéir CLÁR leas a bhaint as na deiseanna atá á gcur ar fáil leis an maoiniú seo. Cuirfear sonraí iomlána na scéime ar aghaidh chuig na hÚdaráis Áitiúla agus chuig eagraíochtaí ábhartha eile go ríghairid.”

 

CRÍOCH

Share This Story, Choose Your Platform!