Comhairle Chontae na Gaillimhe i mbun comhordú ar eagraíochtaí chun cuidiú le saoránaigh le linn Covid-19

Líne chabhrach don phobal le fáil ag an uimhir 091-509390 9.00am-6.00pm

1800 92 88 94 an uimhir saorghlao 

 

Ar spreagadh ón Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy déanfar Fóram Freagartha Pobail Covid-19 a bhunú i ngach contae arna chomhordú ag gach Údarás Áitiúil i ngach cás.

 

Déanfar líne chabhrach tacaíochta tiomanta a bhunú i gComhairle Chontae na Gaillimhe chun cuidiú le daoine sa phobal atá i mbaol teacht ar chúnamh, cúnamh nach mbaineann le cúrsaí éigeandála ná leighis, agus ar chomhairle le linn na héigeandála sláinte poiblí atá ann faoi láthair. Tá an tseirbhís fóin a bheidh faoi rún á bunú ag Fóram Freagartha Pobail Chomhairle Chontae na Gaillimhe i leith Covid-19 ina bhfuil breis is dhá eagraíocht agus ghníomhaireacht déag páirteach ann. Tá an líne chabhrach dírithe den chuid is mó ar a chinntiú go mbeidh daoine leochaileacha sa phobal nó iadsan atá ina gcónaí leo féin ábalta teacht ar bhia, ar chógas agus ar bhreosla. Is é ról an Fhóraim a chinntiú go bhfuil freagra comhordaithe ann don phobal agus a chur ar chumas gach gníomhaireacht reachtúil deonach comhoibriú chun tacú lenár gcuid pobal agus go háirithe na daoine is leochailí ann.

 

I measc na n-eagraíochtaí atá ar Fhóram Pobail Chomhairle  Chontae na Gaillimhe tá:

  • Comhairle Chontae na Gaillimhe
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • An Garda Síochána
  • Gníomhaireachtaí Forbartha Áitiúla
  • Ionadaithe pobail, deonacha agus spóirt eile

 

Níl sa líne fóin ach gné amháin d’obair an Fhóraim. An aidhm is mó atá leis cuidiú leis an dícheall ar fud an phobail scaipeadh Covid-19 a mhaolú. Cinnteoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe, tríd an ngrúpa seo, go gcuideoidh réimse leathan grúpaí ar fud Chontae na Gaillimhe leo sin atá i gcruachás agus go ndéanfar sin ar bhealach atá eagraithe, comhoibríoch agus dírithe.  Tá Fóram Freagartha Pobail COVID-19 na Comhairle ann chun a chinntiú go mbainfear an leas is fearr as na hacmhainní go leor atá ann a chuidíonn le daoine leochaileacha leis na riachtanais a bhíonn acu ó lá go lá le linn na géarchéime seo cibé an cógas a bhailiú, bia a cheannach, tacaíocht shóisialta nó teagmháil atá i gceist.

 

Dúirt an Cathaoirleach, an Comhairleoir Jimmy McClearn  “Tá athrú ar an saol do go leor daoine mar gheall ar an ngéarchéim sláinte poiblí seo agus táimidne anseo chun cuidiú leis an athrú sin.   Cinnteoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe sa ról a imreoidh sí chun an freagra seo a stiúradh go bhfuil an freagra ar fud an chontae chun cuidiú le pobail agus go háirithe na daoine is leochailí sa phobal á tabhairt ar bhealach atá comhordaithe.”

Mhínigh Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe Kevin Kelly “Tá freagra ollmhór tugtha go dtí seo.   Tá grúpaí áitiúla agus grúpaí forbartha pobail, na Gardaí, CLG agus gnólachtaí áitiúil agus go leor oibrithe deonacha go obair go dícheallach chun aire a thabhairt don phobal.  Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe san áit cheart ó thaobh an réigiúin agus na reachtaíochta chun tabhairt faoin dea-obair seo agus chun struchtúr rialaithe a chur ar fáil i gcomhpháirt leis na páirtithe leasmhara.  Beidh baill foirne, a bhfuil athrú tagtha ar an obair a bhíodh ar bun acu gach lá, ar na príomhacmhainní chun an clár tacaíochta pobail seo a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm agus sin á dhéanamh i gcomhar leis na gníomhaireachtaí/grúpaí atá i bpáirt linn.

 

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag cur uimhir theagmhála thiomanta ar fáil 091-509390 nó Saorghlao 1800 92 88 94. 7 days per week Monday through to Sunday.  Tiocfaidh an líne i bhfeidhm ón Luan an 30 Márta agus beidh na línte oscailte ón 9.00am go dtí 6.00pm 7 lá na seachtaine ó Luan go Domhnach agus R-Piost [email protected]

 

CRÍOCH

 

Maidir le Fiosruithe ó na Meáin, Déan Teagmháil le:

Eímear Dolan, 087-7987738/091-509334

[email protected]  

 

 

 

Share This Story, Choose Your Platform!