€600,000 breise curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta leis an Scéim Dearbhán Trádála Ar Líne a sholáthar sa Ghaeltacht

Government Press Release, 8 June 2020

 

Tá fáilte curtha ag Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, An Seanadóir Seán Kyne, roimh an bhfógra go bhfuil €600,000 breise curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta leis an Scéim Dearbhán Trádála Ar Líne a sholáthar sa Ghaeltacht.

Níos luaithe inniu, d’fhógair an tAire Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD, agus an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Richard Bruton TD, go leathnófar go mór an scéim tacaíochta seo faoina gcuirfear maoiniú breise de €14.6m ar fáil go náisiúnta.

Tá an-éileamh ar an scéim de bharr Covid-19 agus chuige sin tá maoiniú breise á cheadú. Is féidir le gnólachtaí beaga iarratas a dhéanamh ar an scéim seo, ar fiú suas le €2,500 é, le cur ar a gcumas tabhairt faoin trádáil ar líne agus is é Údarás na Gaeltachta a bheidh á riar sna ceantair Ghaeltachta.

Ag cur fáilte roimh an scéal, dúirt an tAire Stáit Seán Kyne:

“Tá léirithe ag cliantchuideachtaí Údarás na Gaeltachta go bhfuil ar a gcumas, agus gur mian leo, a bheith nuálaíoch chun teacht tríd an bpaindéim seo, go príomha mar a bhaineann sé leis an ngluaiseacht seo i dtreo trádáil ar líne. Cuideoidh an maoiniú breise seo ar fiú €0.6m, atá á chur ar fáil ag mo Roinn féin agus ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, le cumasú don Údarás tacú níos fearr le gnólachtaí Gaeltachta agus iad ag aistriú i dtreo trádáil ar líne le linn na tréimhse dúshlánaí seo don gheilleagar domhanda.”

 

 

CRÍOCH

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Teil: 087 6737338 / (01) 631 3807 / 3909/ 3803 (díreach)
Ríomhphost: [email protected]
Láithreán Gréasáin: www.chg.gov.ie
Twitter: @DeptAHG

Instagram: Culture.Heritage.Gaeltacht

Facebook: Department of Culture Heritage Gaeltacht
Chun d’ainm a bhaint de liosta na ríomhphost, cliceáil ANSEO.

Share This Story, Choose Your Platform!