Fadó Fadó, An Saol mar a bhí

 

 

Glac páirt i gCnuasach Mór Grianghraf den Saol Fadó in Éirinn

 

Táimid ag iarraidh ar dhaoine, le linn COVID-19, cur leis an stór ar líne de ghrianghraif, scannáin agus scéalta a thugann léiriú ar shaol sóisialta, eacnamaíochta, oideachais agus cultúir i nGaillimh agus in Éirinn fadó agus béim ar leith ar an bhfichiú haois.

Cartlann Dhigiteach ar líne d’Oidhreacht Áitiúil é BEO a bhfuil súil caite 4.5 milliún uair ar láithreán gréasáin na cartlainne.
Is trí imeachtaí oideachais agus pobail arna reáchtáil ag scoileanna áitiúla chomh maith le grúpaí oidhreachta agus cumainn scoir ghníomhaigh is mó a bailíodh ábhar staire go dtí seo. Ó tharla srianta i bhfeidhm agus go gcaithfidh gach duine fanacht ag baile, táimid ag iarraidh ar dhaoine breathnú ar a gcuid albam teaghlaigh nó in áiteanna eile chun teacht ar ghrianghraif a thabharfadh léargas spéisiúil ar an gcineál saoil a chaith muintir na hÉireann roimh 1973 nuair a chuaigh Éire isteach san Aontas Eorpach nó i  Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (EEC) mar a bhí air ag an am. Ba chloch mhíle a bhí ann i stair na tíre nuair a chuaigh sí leis an eintiteas idirnáisiúnta seo agus chuidigh sin le dlús a chur le hathrú ar an tsochaí, athrú a bhí ar bealach mar a bhí – ar an tslí ar oibríomar, ar mhodhanna iompair agus siopadóireachta, ar chúrsaí siamsaíochta agus oideachais.

 

 

 

 

Nuair a bheifear ag cur ar aghaidh grianghraf/grianghraif chuig: [email protected], tabhair an t-eolas seo a leanas
nuair is féidir:


Ainm an duine a sheol:

An bhliain ar tógadh an grianghraf:

Áit A: Baile fearainn/Comharsanacht Uirbeach (sráid, eastát
tithíochta)

Áit B: Contae

Áit C: Baile/cathair (má bhaineann)

Imeacht: e.g. bainis, obair feirme, spórt, scoil, saoire teaghlaigh,
féile, creideamh).

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

le hOifig Oidhreachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus Ionad Oideachais na Gaillimhe a dhéanann BEO a chomhordú.

Séanadh:
Tabhair ar aird gur chun leasa an phobail agus do thaighde staire amháin aon ghrianghraif, físeán, fuaim nó téacs a choinnítear agus a phróiseáiltear ar láithreáin ghréasáin BEO. Trí ábhar a chur ar fáil d’Ionad Anailísíochta Sonraí Insight, OÉ Gaillimh deimhním tú go bhfuil an ceart agus/nó cead agat an t-ábhar a chur ar fáil agus deimhníonn gur ceadmhach ábhar den chineál sin a áireamh i gCartlann Dhigiteach Ar Líne Oidhreachta Áitiúla BEO. Sa chás go mbraitheann aon duine gur cheart ábhar atá ar láithreáin ghréasáin BEO a bhaint anuas déan teagmháil le do thoil [email protected]. Tá sonraí maidir le do chearta agus nósanna imeachta cosanta sonraí (iarrataí ar rochtain, ceartú, scriosadh, inaistriú, agóid, gearán a dhéanamh) le fáil ar Leathanach Cosanta Sonraí na
hOllscoile: https://www.nuigalway.ie/data-protection/datasubjectrights/. Is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí na hOllscoile ag: https://www.nuigalway.ie/dataprotection/ contactus/ Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí ag: https://www.dataprotection.ie/en/contact/how-contact-us.

Share This Story, Choose Your Platform!