Fáilte curtha ag an Aire Stáit Calleary roimh Scéim Scoláireachta Printíseachta fógartha ag Údarás na Gaeltachta

 

Tá fáilte curtha ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta, na Gaeilge agus Spóirt Dara Calleary T.D. roimh an Scéim Scoláireachta Printíseachta atá fógartha ag Údarás na Gaeltachta.

 

Tugann an scéim seo deis d’iarrthóirí Gaeltachta scil/ceird nua a fhoghlaim nó athoiliúint a fháil agus cáilíocht phrintíseachta atá aitheanta ag an gComhairle Phrintíseachta a bhaint amach.

 

Tá réimse forleathan de 55 printíseacht difriúil faoi 12 earnáil éagsúil, atá aitheanta ag SOLAS, gur féidir le pobal na Gaeltachta tabhairt fúthu mar chuid den Scéim Scoláireachta atá á thairiscint ag Údarás na Gaeltachta, ar fiú níos mó ná €2,000 an ceann iad.

 

Clúdaíonn an scéim printíseachtaí na ceirdeanna traidisiúnta mar shampla pluiméireacht, siúinéireacht, meicníocht agus leictreoir, mar aon le réimse níos leithne rud a chiallaíonn go bhfuil deis anois ag daoine cur lena bhforbairt agus tabhairt faoin Innealtóireacht, Bithchogais , Ríomhaireacht, Cuntasíocht agus roinnt eile cursaí cosúil leo.

 

“Is scéim fíor thairbheach í seo do phobal na Gaeltachta go háirithe san am i láthair agus iad faoi bhrú ag an bpaindéim a bhaineann le COVID-19.  Tá deis anseo ag suas le 50 iarrthóir tabhairt faoi dhúshlán nua agus cur leis na scileanna atá acu cheanna féin” a deir Dara Calleary TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta, Gaeilge agus Spóirt.

 

Beidh an ghlaoch reatha ar iarratais do Scéim Scoláireachtaí Printíseachta Údarás na Gaeltachta 2020 oscailte go dtí an 17/07/2020.  Is féidir le lucht spéise tuilleadh eolais maidir le critéir cáilithe na Scéime Scoláireachta seo agus foirm iarratais a fháil ag www.udaras.ie.

 

CRÍOCH

Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta
Department of Media, Tourism, Arts, Culture, Sport and the Gaeltacht
Teil: (087) 6737338 / (087) 7374427
Ríomhphost: [email protected]
Láithreán Gréasáin: www.chg.gov.ie
Twitter: @DeptAHG

Instagram: Culture.Heritage.Gaeltacht

Facebook: An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Share This Story, Choose Your Platform!