Seachtain um Chuimsiú Sóisialta 2020 maoiniú ar fáil

Beidh Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta 2020 Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar siúl ón 19 Deireadh Fómhair go dtí an 25 Deireadh Fómhair. Is é is aidhm leis an tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta feasacht agus tuiscint a ardú maidir le hionchuimsiú agus éagsúlacht i gContae na Gaillimhe. Baineann sé le haird a tharraingt ar an obair dhearfach a thugann grúpaí pobail agus grúpaí deontais fúthu chun eisiamh sóisialta, aonrú sóisialta agus bochtaineacht a laghdú. Is é ‘Ag Fanacht Ceangailte agus muid Ag Fanacht Amach óna Chéile’ téama na bliana seo agus baineann sé le béim a leagan ar an mbealach a bhfuilimid ábalta fanacht ceangailte agus ábalta leanúint de bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí pobail ag an tráth seo. I mbliana d’fhéadfadh do thionscadal ionchuimsithe shóisialta a bheith ar siúl le linn mhí Dheireadh Fómhair agus mhí na Samhna.

Is é is aidhm leis an tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta feasacht agus tuiscint a ardú maidir le hionchuimsiú
agus éagsúlacht i gContae na Gaillimhe. Baineann sé le haird a tharraingt ar an obair dhearfach a
thugann grúpaí pobail agus grúpaí deontais fúthu chun eisiamh sóisialta, aonrú sóisialta agus
bochtaineacht a laghdú.

Is é ‘Ag Fanacht Ceangailte agus muid Ag Fanacht Amach óna Chéile’ téama na bliana seo agus baineann
sé le béim a leagan ar an mbealach a bhfuilimid ábalta fanacht ceangailte agus ábalta leanúint de bheith
rannpháirteach i ngníomhaíochtaí pobail ag an tráth seo. Iarraimid ar ghrúpaí a insint dúinn mar atá sibh
ag ‘fanacht ceangailte’ nó mar atá beartaithe agaibh ‘fanacht ceangailte’ in bhur bpobail i mbliana.
D’fhéadfadh sibh tionscadail a bhaineann leis an gcruthaitheacht, le folláine fhisiciúil agus mheabhrach,
agus le bheith ag fanacht ceangailte a chur san áireamh i bhur n-iarratas. Smaointe eile: Pacáistí
gníomhaíochta, pacáistí cúraim, comórtais áitiúla, seirbhísí chun cairde a dhéanamh, imeachtaí ar líne.

Beidh Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta 2020 Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar siúl ón 19 Deireadh
Fómhair go dtí an 25 Deireadh Fómhair. D’fhéadfadh do thionscadal ionchuimsithe shóisialta a bheith ar
siúl le linn mhí Dheireadh Fómhair agus mhí na Samhna.

Fáilteofar roimh iarratais ó ghrúpaí pobail, ó ghrúpaí deontais agus ó eagraíochtaí neamhbhrabúsacha i
gContae na Gaillimhe.

An tSeachtain um Cuimsiú

 

Share This Story, Choose Your Platform!