Dréachtphlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024-2029 Comhairle Chontae na Gaillimhe

Dáta: 10 Samhain 2023

Aithníodh an tAthrú Aeráide mar an dúshlán domhanda is práinní dár linne. Tá sé de dhualgas níos mó ar rialtais náisiúnta agus áitiúla gníomhaíocht uaillmhianach a dhéanamh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa is cúis leis an athrú aeráide (maolú) a laghdú agus athléimneacht i leith tionchair agus rioscaí an athraithe aeráide a mhéadú (oiriúnú). Feictear é sin san Acht um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, a éilíonn ar gach Údarás Áitiúil a Chéad Phlean Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide (ÚÁ PGA) a ullmhú faoin 24 Feabhra 2024.

Níos luaithe i mbliana, d’iarr Comhairle Chontae na Gaillimhe ar ionchur réamhdhréachta ón bpobal chun ár Dréachtphlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024-2029 a chomhchruthú, chun cabhrú le gníomhartha cuí a mhúnlú a éascóidh agus a chumasóidh gníomh éifeachtach ar son na haeráide ag leibhéal áitiúil agus pobail. Cuireadh gach aighneacht san áireamh agus an Plean seo á dhréachtú. Tá an Dréachtphlean Gníomhaithe ar son na hAeráide oscailte anois le haghaidh comhairliúcháin phoiblí le haghaidh próiseas comhairliúcháin poiblí míosa, a chríochnóidh ar 10 Nollaig 2023.

Cllr Liam Carroll – Cathaoirleach Galway County Council with (l-r) Rebecca Mooney – Climate Action Officer, Galway County Council, Liam Conneally – Chief Executive Galway County Council, Tina Ryan – Climate Action Co-ordinator, Galway County Council and Denise Feeney – Community Climate Action Officer, Galway County Council at the launch of the Galway County Council Draft Climate Action Plan.

Chuir an Cathaoirleach fáilte roimh an comhairliúchán ag rá “Léiríonn sé ár ndiongbháilteacht chomhchoiteann chun ár dtimpeallacht a chosaint, tacú lenár bpobail, agus todhchaí rathúil agus inbhuanaithe a chinntiú.”

D’fháiltigh Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe roimh sheoladh an an gcomhairliúchán ag rá: “Tá dúshláin romhainn maidir le hathléimneacht aeráide Chontae na Gaillimhe a mhéadú agus bogadh i dtreo glan-astuithe nialasach faoi 2050 ach tá deiseanna agus tairbhí iontacha ann freisin. Leagtar amach sa dréachtphlean an fhís atá againn maidir le geilleagar atá seasmhach ó thaobh na haeráide de, atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de agus atá inbhuanaithe, fís a chabhróidh le todhchaí shábháilte agus rathúil a chinntiú dóibh siúd go léir a chónaíonn, a oibríonn agus a thugann cuairt ar ár gcontae.”

Ba mhaith le Eileen Ruane, Stiúrthóir Seirbhísí, buíochas a ghabháil le gach duine a bhí páirteach in aithint na ngníomhartha a cuireadh sa Dréachtphlean lena n-áirítear eagraíochtaí pobail, ionadaithe gnó, comhlachtaí poiblí, grúpaí óige agus saoránaigh.

Tugtar cuireadh leis seo d’aighneachtaí nó do bhreathnóireacht ar Dhréachtphlean  i scríbhinn ón pobal agus aon pháirtithe leasmhara.  Déanfar gach aighneacht nó breathnóireacht scríofa a chur san áireamh sula ndéanfar an plean.

Is féidir cóipeanna den Dréachtphlean agus na tuarascálacha comhshaoil ​​a ghabhann leo a iniúchadh ag na láithreacha seo a leanas:

  • Ar líne ag https://www.galway.ie/ClimateAction
  • Leabharlanna Poiblí Gaillimhe (seiceáil go háitiúil, le do thoil, chun teacht ar uaireanta oscailte): An Cheathrú Rua, Bhéal Átha na Sluaighe, Baile Átha na Rí, An Clocháin, Cathair na Gaillimhe, Bhaile Locha Riach, Órán Mór, Port Omna, Tuaim.
  • Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh

 

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh mar seo a leanas:

  1. Ar líne trí https://www.galway.ie/ClimateAction nó tríd an gcód QR seo a leanas:
  2. I scríbhinn chuig An tAonad um Ghníomhú ar son na hAeráide, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX agus ‘Dréachtphlean um Ghníomhú ar son na hAeráide Chomhairle Chontae na Gaillmhe’ a mharcáil orthu.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Dréachtphlean déan teagmháil le: Tina Ryan/Rebecca Mooney, an tAonad um Ghníomhú ar son na hAeráide, [email protected]

Beidh Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag oscailt Ciste nua Gníomhaíochta Pobail ar son na hAeráide do eagraíochtaí agus grúpaí pobail ar spéis leo tionscadail agus tionscnaimh a fhorbairt a bhaineann leis an dúshlán aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide. Tá próiseas iarratais á fhorbairt ag an gComhairle a chuirfear ar fáil ar ár suíomh Gréasáin nuair a osclaítear an Ciste.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gCiste Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide, déan teagmháil le Denise Feeney, Oifigeach Gníomhaithe ar son na hAeráide Pobail, [email protected]

Tugtar cuireadh don phobal agus do ghrúpaí leasmhara bualadh leis an bhFoireann Ghníomhaíochta Aeráide chun and plean agus an Ciste um Ghníomhaíochta Aeráide atá le teacht a phlé ag na láithrecha seo a leanas:

 

Suíomh Am agus Dáta
Leabharlann Béal Átha na Sluaighe Dé Máirt an 14úSamhain, 17:30 – 19:00
Leabharlann An Clocháin Déardaoin and 16ú Samhain, 16:30 – 18:00
Leabharlann Tuaim Dé Sathairn 18ú Samhain, 14:00 – 15:30
Leabharlann Locha Riach Dé Céadaoin 22ú Samhain 17:30 – 19:00
Óstán Bhaile Chláir Dé Máirt an 28úSamhain, 18:00 – 18:30

 

Share This Story, Choose Your Platform!