Ciste Éire Shláintiúil Scéim na nDeontas Beag – Meabhairshláinte sa Phobal 2020

4.00 p.m. Dé hAoine an 30 Deireadh Fómhair an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

 

Tionscnamh de chuid an Rialtais atá in Éire Shláintiúil atá dírithe ar shláinte agus ar fholláine gach duine atá ag cur fúthu in Éirinn a fheabhsú agus atá á riar ag an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC) i ngach ceantar údaráis áitiúil.  Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe, thar cheann LCDC Chontae na Gaillimhe, ag lorg iarratas ar Scéim na nDeontas Beag – Meabhairshláinte sa Phobal  de chuid Éire Shláintiúil trína gcuirfear  maoiniú ar fáil do Ghrúpaí/Eagraíochtaí Pobail, Deonacha agus Spóirt neamhbhrabúis tionscadail ar scála beag nó gníomhaíochtaí a sholáthar trína dtacaítear le cúrsaí meabhairshláinte  ina bpobail i gContae na Gaillimhe.

Ní mór na tionscadail nó gníomhaíochtaí a bheartófar a bheith ag teacht le Téama Mheabhairshláinte Éire Shláintiúil, e.g. gníomhaíochtaí folláine, tionscnaimh i ndáil le gníomhaíochtaí fisiciúla, oiliúint i leith cúrsaí meabhairshláinte, etc. Ní mór gach iarratas ar dheontas a bheith ag baint le tionscnaimh a bhfuil caiteachas idir €2,000 ar a laghad agus €5,000 ar a mhéad i gceist leo agus gur tionscadail iad a bheifear in ann a thabhairt chun críche agus a tharraingt anuas faoin 30 Meitheamh 2021 ar a dhéanaí.

Teoirlínte don Foirm Iarratais.

Community Mental Health Fund Small Grants Scheme APPLICATION FORM

Is féidir Foirmeacha Iarratais agus treoirlínte a fháil ó Chomhordaitheoir Chontae na Gaillimhe trí ghlaoch a chur ar an uimhir 091 509 521 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] .  Ní mór d’iarrthóirí a bhfoirmeacha iarratais comhlánaithe agus cáipéisíocht tacaíochta a sheoladh ar aghaidh an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais nó roimhe, – Dé hAoine an 30 Deireadh Fómhair 2020, trí (a) iad a sheoladh ar ríomhphost chuig [email protected] NÓ trí (b) iad a chur sa phost chuig  Comhordaitheoir Éire Shláintiúil, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh H91 H6KX.

 

Share This Story, Choose Your Platform!