Líonra Rannpháirtíochta Poiblí – clinicí ar scéimeanna maoinithe agus seisiúin eolais

Is é Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Chontae na Gaillimhe (PPN) fós an ceangal is mó atá ag eagraíochtaí Pobail & Deonacha, eagraíochtaí Comhshaoil agus Ionchuimsithe Shóisialta i nGaillimh le hidirghníomhú le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus a bheith rannpháirteach ar choistí déanta beartas na Comhairle. Gheobhaidh grúpaí pobail a chláróidh gach cineál eolais maidir le gníomhaíocht pobail – eolas ar mhaoiniú, oiliúint, imeachtaí áitiúla agus a leithéid. Cuireann an PPN rannpháirteacht saoránach chun cinn agus neartaíonn an ceangal idir pobail agus Comhairle Chontae na Gaillimhe.   Bealach amháin chun sin a dhéanamh ná cruinnithe iomlánacha PPN (cruinnithe oscailte) a eagrú i ngach Ceantar Bardasach. Chomh maith le ceardlanna ar mhaoiniú, tá seisiúin eolais eile eagraithe ag an PPN do ghrúpaí pobail. Ina measc sin:

  • An tAcht nua Carthanas agus an tionchar a bheidh aige ar do ghrúpa.
  • An Rialachán Cosanta Sonraí agus méid atá le déanamh ag do ghrúpa.

Beidh siad seo ar siúl sna hionaid seo a leanas:

Déardaoin an 15 Feabhra, Ionad Pobail na Cealtraí, An Chealtrach @ 7.30pm

Dé Luain an 26 Feabhra, Ionad Pobail Leacaigh, Leacach, An Turlach Mór@ 7.30pm

Dé Céadaoin, an 28 Feabhra, Ionad Fiontair Thuama, Bóthar Weir, Tuaim @7.30 pm.

Dé Céadaoin, an 21 Márta, An Crompán,Ionad Comharchumann Mhic Dara,Eastát Tionsclaíoch na Ceathrún Rua, Co. na Gaillimhe @ 7.30pm

Beidh clinicí ar scéimeanna maoinithe Chomhairle Contae na Gaillimhe ar siúl;

Dé Luain, an 5 Feabhra, Óstán Baile Loch Riach ó 2.30pm go 8pm

Déardaoin, an 8 Feabhra, Óstán Cósta Chonamara, Furbough ó 2.30pm go 8pm

Chun eolas a fháil ar imeachtaí traenála eile pobail déan teagmháil le  Denise Feeney, An tOifigeach Acmhainne PPN @ 087 9455722 nó dfeeney@galwaycoco.

Share This Story, Choose Your Platform!