Maoiniú d’Fhéilte Beaga Áitiúla agus Scoileanna Samhraidh fógartha ag an Aire Madigan

Déardaoin an 18 Meitheamh, 2020

***Íomhánna ar fáil do na meáin ANSEO***

 

Tá leithroinnt maoinithe €54,700 fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta inniu chun tacú le Féilte Beaga Áitiúla agus Scoileanna Samhraidh a bheidh ar siúl ar fud na hÉireann in 2020.

 

Tá an Scéim leagtha amach chun tacú le himeachtaí áitiúla cultúir nach measfar a bheith incháilithe faoi chritéir mhaoinithe le haghaidh imeachtaí ar scála níos mó amhail na cinn arna dtacú ag Fáilte Éireann, an Chomhairle Ealaíon agus comhlachtaí eile mar sin.  An 24 Aibreán 2020 an dáta deiridh a glacadh le hiarratais. Leithdháileadh maoiniú i ndiaidh próiseas iomaíoch iarratas ina raibh deontas €5,000 ar a mhéad ar fáil.

 

Meascán d’imeachtaí ar líne agus imeachtaí a tharlóidh ‘sa saol mar atá’ a bheidh sna tionscnaimh a chuirfear maoiniú ar fáil dóibh, imeachtaí a chuirfear ar fáil do lucht spéise na tíre ag teacht le treoir ghinearálta sláinte poiblí. Táthar ag súil go gcuirfear leis an ábhar cultúir le tacaíocht ón Roinn chun ionad cultúir ábhartha a chruthú ar mhaithe le leas an phobail agus an pobal níos leithne.

 

Seo a leanas an liosta de na hiarratasóirí ar éirigh leo.

 

Dúirt an tAire Madigan inniu:

“Tá sé tábhachtach tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí agus do ghníomhaíochtaí áitiúla cultúir, go bunúsach, tosaíonn sé go háitiúil le muintir an phobail agus déantar é a neartú agus a fhorbairt tríd an bpobal féin ansin. Is ríthábhachtach atá sé sin i láthair na huaire agus go leor daoine b’fhéidir ag brath go bhfuileadar scoite amach ón bpobal agus leo féin amach is amach.

 

Tá an-chuid teacht aniar léirithe ag na heagraíochtaí a tugadh maoiniú dóibh faoin scéim seo mar aon le hoiriúnacht maidir lena gcuid tionscadal a phleanáil agus beidh tionchar dearfach ag na himeachtaí seo ar fholláine gach duine a mbeidh an t-ádh orthu a bheith i láthair nó a bheith páirteach.    Táthar ag súil go eascróidh mórtas an phobail ar a gcultúr áitiúil féin fad agus atá gach duine ag fanacht amach óna chéile agus go mbeidh pobail cultúir agus cóngaracht le mothú de bharr na n-imeachtaí a dtabharfar maoiniú dóibh tríd an scéim.

 

CRÍOCH

 

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Teil: 087 6737338 / 087 7374427
Ríomhphost: [email protected]
Láithreán Gréasáin: www.chg.gov.ie
Twitter: @DeptAHG

Instagram: Culture.Heritage.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofCultureHeritageGaeltacht
Chun d’ainm a bhaint de liosta na ríomhphost, cliceáil ANSEO.

 

 

Nótaí d’Eagarthóirí:

 

Iarratasóir Cur síos ar an Tionscadal Contae Suim an chistithe atá beartaithe
Scoil Samhraidh Sheosaimh Mhic Gabhann Ceoil Traidisiúnta, Amhránaíocht Thraidisiúnta & Damhsa Traidisiúnta – lena cur ar líne do 2020 Maigh Eo €5,000.00
Féile Scannán Araibise Bhaile Átha Cliath Féile chun an chuid is fearr de chultúr scannán Arabach a chur os comhair lucht féachana i mBaile Átha Cliath Baile Átha Cliath €3,000.00
CLG Chomhlachas Drámaíochta na hÉireann Cúrsa 8 lá ar thraenáil amharclannaíochta Baile Átha Cliath €5,000.00
Músaem Scríbhneoirí Chiarraí Féile idirnáisiúnta scéalaíochta agus béaloidis Ciarraí €4,700.00
Féile Ceoil Thraidisiúnta Patrick O’Keefe Féile chun ceol agus cultúr dúchasach Shliabh Luachra a chaomhnú Ciarraí €5,000.00
Oifig Fógraíochta Oirthuaisceart Mhaigh Eo Féile Imill Bhéal an Átha Maigh Eo €5,000.00
NYAH an Chabháin Dhá Lá & Oíche de Cheol & an Focal Labhartha An Cabhán €4,500.00
Ionad Ealaíon & Oidhreachta Bhaile Átha an Rí Féile Ceoil, Ealaíon, Drámaíochta Bhaile Átha an Rí (Tá roghanna ar líne á mbreithniú) Gaillimh €5,000.00
Headfest Féile d’imeachtaí ceoil, pobal, spórt agus healaíona (dátaí an tsamhraidh curtha ar ceall) Gaillimh €1,500.00
Féile Sorcais Ghort na Silíní Baile Átha Cliath Scoil samhraidh ina mbeidh daltaí in ann léargas a fháil ar theaghlach sorcais agus beidh deis acu foghlaim faoi stair an tsorcais in Éirinn agus thar lear Baile Átha Cliath €3,000.00
CLG Foras Oidhreachta Airm na hÉireann Scoil Samhraidh – Féiniúlacht, éagsúlacht agus Athmhuintearas na hÉireann á Scrúdú Dún na nGall €4,000.00
Féile Fómhair na nGleanntach Féile Bhliantúil an Fhómhair Dún na nGall €2,500.00
Clowns Without Borders Féile saincheaptha cultúir lae atá san Umbrella Carnival i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. Baile Átha Cliath €3,000.00
Ionad Idirnáisiúnta Smashing Times Féile Ealaíon Bhaile Átha Cliath agus Féile Chearta Daonna chun ardán a thabhairt don obair iontach a dhéanann cosantóirí na gcearta daonna in Éirinn chomh maith le béim a leagan uirthi (Rogha ar líne) Baile Átha Cliath €3,500.00
Iomlán €54,700.00

 

 

Share This Story, Choose Your Platform!