Maoiniú ceadaithe ag an Aire Martin do Ghaillimh 2020

Clár Cultúir leasaithe ina mbeidh taispeántais agus imeachtaí beo agus ar líne i gceist

 

Tacófar le 28 tionscadal agus 350 ealaíontóir

 

 

Tá an maoiniú do Ghaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa in Éirinn ceadaithe ag Catherine Martin TD, an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, chun go mbeifear ábalta an clár cultúir leasaithe a chur ar fáil, trína gcinnteofar go mbeidh na tionscnaimh ó thairiscint bhuacach bhunaidh na Gaillimhe á gcur ar siúl. Bhí ar pháirtnéirí cultúir an clár a athshamhlú chun é a chur ar fáil d’fhonn cúinsí a bheith athraithe de bharr COVID-19 agus treoracha sláinte poiblí a ghlacadh san áireamh. Meascán de thaispeántais fhisicúla a bheidh ag cloí leis na srianta atá ann agus seachadadh ar líne a bheidh i gceist anois.

 

Ar nós go leor eile in earnálacha na n-ealaíon agus an chultúir tá tionchar rímhór ag géarchéim COVID-19 ar Ghaillimh 2020 agus ag ar a páirtnéirí cultúir díograiseacha. Ó tharla go bhfuil cead faighte leanúint ar aghaidh leis an gclár leasaithe agus go leor de na tionscadail ar líne anois, beidh lucht spéise breise ar fud an domhain agus go deimhin ar fud na tíre ábalta sult a bhaint as na tionscadail ilghnéitheacha agus nuálacha a bheidh á gcur os ár gcomhair suas do dtí Márta 2021.

 

Glacann an clár, lena mbaineann os cionn 350 ealaíontóir, go fonnmhar le réimse tionscadal ina gcuimsítear amharclannaíocht, damhsa, amharc-ealaíon, cumadh agus taispeántas ceoil, taispeántas sorcais agus sráide, litríocht, filíocht agus scannánaíocht, agus tugann aghaidh ar go leor d’earnálacha éagsúla den tsochaí, lena n-áirítear leanaí, daoine óga agus daoine aosta, an lucht siúil, daoine faoi mhíchumas intleachta agus daoine a bhfuil míchumais ó thaobh na gcéadfaí orthu agus othair in ospidéil. Tá tionscadal na Scoileanna agus na mBailte Beaga agus Smaointe Móra de chuid Ghaillimh 2020, a bhfuil an contae ar fad mar chuid díobh, fós mar chuid den chlár leasaithe agus is i nGaeilge amháin nó dátheangach ar fad atá 7 gcinn den 28 tionscadal sin. I measc na dtionscnamh suntasach beidh athshamhlú de Gilgamesh le Macnas, a bheidh ar siúl anois i bhfoirm dhigiteach den chuid is mó, chomh maith le léirithe den tsraith aon mhíre anois ó Amharclann an Druid a bheidh ar siúl ar stáitse faoin spéir.

 

Dúirt an tAire Martin, “Táimse tiomanta le go mbeifear ábalta an obair mhór seo a roinnt go poiblí, obair ar iomaí tionscadal iontach a chuir páirtnéirí cultúir Ghaillimh 2020 tús leo blianta fada ó shin. Trí Chlár Ghaillimh 2020 a chur os comhair lucht spéise ar bhealaí nuálacha leagfar béim ar chruthaitheacht na Gaillimhe agus na hÉireann ar fud an domhain”.

 

Ghlac an tAire buíochas leis an mBord agus le foireann Ghaillimh 2020 as a ndúthracht agus as a gcuid samhlaíochta i gclár leasaithe a fhorbairt chun go bhféadfaí é a sheachadadh ar líne ag teacht le treoracha sláinte poiblí.  “Tá dúshlán mór fós roimh phobal ealaíon agus cultúir na tíre de bharr COVID-19.  Ach sin ráite, ní raibh an luach a bhaineann lenár n-ealaíona agus lenár gcultúr chomh soiléir riamh agus a bhí le cúpla mí anuas.  Molaim gach duine a bhfuil baint acu le Gaillimh 2020 as an gClár athshamhlaithe seo a chur ar fáil i gcúinsí dúshlánacha”.

 

Tagann fógra an lae inniu sna sála ar gealltanas a tugadh ar an 16 Meitheamh go gcuirfí €25 milliún breise ar fáil do earnáil na healaíona chun tacú leis i rith an tréimhse dhúshlánach seo.

 

CRÍOCH

Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta
Department of Media, Tourism, Arts, Culture, Sport and the Gaeltacht
Teil: (087) 6737338 / (087) 7374427
Ríomhphost: [email protected]
Láithreán Gréasáin: www.chg.gov.ie
Twitter: @DeptAHG

Instagram: Culture.Heritage.Gaeltacht

Facebook: An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Share This Story, Choose Your Platform!