Tuarascáil Bhliantúil an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí 2019 seolta ag an Aire O’Brien

Preis Ráiteas Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail  Foilsithe 19 Samhna 2020

Léirítear sa tuarascáil go bhfuil 15,600 grúpa deonach cláraithe leis an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí in 2019

Sheol an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht i leith Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, an tUasal Joe O’Brien TD, inniu (an 19 Samhain 2020) Tuarascáil Bhliantúil 2019 na Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí.

Is í seo an ceathrú Tuarascáil Bhliantúil ar na Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí (PPNanna), a bunaíodh chun rannpháirtíocht ghníomhach saoránach i ndéanamh polasaithe ag leibhéal na n-údarás áitiúil a éascú. Tugtar léiriú dearfach sa tuarascáil ar an éagsúlacht oibre atá déanta chomh maith le fás leanúnach ar fud na tíre a thaispeáint.

Ag labhairt dó faoi sheoladh na tuarascála bliantúla, dúirt an tAire O’Brien:

“Léirítear sa tuarascáil seo go bhfuil an tionchar a bhí de dhíth ag na PPNanna agus go bhfuil go leor bainte amach in achar gearr ama ó bunaíodh iad in 2014. Léirítear sa tuarascáil chomh maith go raibh 15,599 grúpa deonach cláraithe leis an Líonra sa bhliain 2019. Ag an leibhéal náisiúnta, thug 928 n-ionadaí PPN guth do ghrúpaí faoi stiúir oibrithe deonacha ar 424 bord nó coiste údarás áitiúil. Léiríonn sin go soiléir go bhfuil PPNanna ag dul ó neart go neart.

Maidir leis an ardú atá tagtha ar an mballraíocht, dúirt an tAire O’Brien:

“Is iontach an comhartha ar bheocht agus ar fhuinneamh an phobail agus ar an earnáil dheonach in Éirinn, go háirithe ag an leibhéal áitiúil, agus ar an ról atá ag PPNanna i ndéanamh polasaí agus líonrú go háitiúil iad na figiúirí sin.

Leanann PPNanna de chaidreamh dearfach a bheith acu le húdaráis áitiúla agus tá siad ag obair i gcomhar ar roinnt tionscadal. Mar shampla, tá siad i mbun feasacht a ardú ar Chuspóirí maidir le Forbairt Inmharthanach na Náisiún Aontaithe agus tionchar a imirt ar pholasaí d’fhonn cuidiú lena mbaint amach ag leibhéal áitiúil.

Tá PPNanna eile ag úsáid taithí a mballghrúpaí chun cuidiú le húdaráis áitiúla feabhas a chur ar inrochtaineacht daoine faoi mhíchumais agus a bhfuil néaltrú orthu agus chun cuidiú le daoine ó phobail atá imeallaithe suí ar bhoird údaráis áitiúil. Leagtar béim i dTuarascáil Bhliantúil 2019 ar a thuilleadh samplaí de ghníomhaíochtaí agus tionchair PPNanna.

Dúirt an tAire O’Brien:

“Léiríonn na samplaí sin treallús agus tiomantas bhaill na PPNanna, le gníomhaíochtaí ó bheith páirteach i gCoistí áitiúla um Beartas Straitéiseach go dtí imeachtaí a reáchtáil ar ábhair mar sábháilteacht sa phobal, Cuspóirí maidir le Forbairt Inmharthanach na Náisiún Aontaithe agus polasaí tuaithe. Chuaigh roinnt PPNanna i gcomhairle le lucht iarrtha tearmainn agus chur fáilte roimhe, agus dhírigh roinnt eile ar spásanna poiblí a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumais. Níl ansin ach sampla beag de na bealaí tábhachtacha a gcuireann PPNanna leis an bpobal áitiúil.”

Bíonn PPNanna faoi bhláth faoin bprionsabal rannpháirtíocht an phobail. Tionólann siad ceardlanna agus comhairliúcháin phoiblí go rialta chun an rannpháirtíocht sin a éascú agus tá sin ag déanamh difríocht inbhraite agus ag láidriú pobal ar fud na tíre.

Tá dúthracht na n-oibrithe acmhainne, oibrithe tacaíochta, baill rúnaíochta agus na mballghrúpaí soiléir síos tríd na tuarascála agus is féidir an luach atá acu a fheiceáil sa leibhéal níos airde rannpháirtíochta saoránach atá ag tarlú.

Mar fhocal scoir, thug an tAire aitheantas chomh maith don obair a bhí ar bun ag PPNanna le linn na ráige Covid-19:

“Bhí PPNanna ríthábhachtach i ndáil le freagairt an phobail a eagrú agus a chinntiú go ndearnadh riachtanais daoine leochaileacha le linn na tréimhse éiginnteachta seo a shásamh. Tá mé buíoch as an obair a rinne siad sa réimse sin agus táim tugtha dona chinntiú go ngabhfaidh an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí sa tír seo ó neart go neart.”

Is féidir an tuarascáil a íoslódáil anseo.

Share This Story, Choose Your Platform!