Fáilte curtha ag an Aire Stáit Kyne roimh Campaí Cúla4

12 Meitheamh 2020

 

 D’fháiltigh an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin an Seanadóir Seán Kyne inniu, roimh an bhfógra a rinne TG4 go mbeidh sraith cláir teilifíse Campaí Cúla4 á craoladh ag an stáisiúin 5 lá sa tseachtain ar feadh 5 seachtaine. Beidh an tsraith clár – a bheidh dírithe ar an aos óg, ar siúl gach maidin ó 10:00 go dtí 10:30, Luan go hAoine ón 29 Meitheamh ar aghaidh.

 

Is le tacaíocht mhaoinithe ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ó Fhoras na Gaeilge atá an tsraith clár á léiriú mar bheart faoi leith den Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge atá á chur i bhfeidhm ar bhonn trasrialtais chun dlús a chur le forfheidhmiú pholasaí an stáit don Ghaeilge: An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

 

Dúirt an tAire Stáit Seán Kyne:

 

‘Agus é idir dhá cheann na meá an mbeifear in ann dul ar aghaidh le campaí samhraidh sa ghnáthbhealach de bharr COVID-19 an samhradh seo, cabhróidh Campaí Cúla4 chun an bhearna sin a mhaolú do pháistí le Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.’

 

CRÍOCH

 

An Oifig Preasa agus Eolais

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Teil: 087 6737338 / (01) 631 3807 / 3909/ 3803 (díreach)
Ríomhphost: [email protected]
Láithreán Gréasáin: www.chg.gov.ie
Twitter: @DeptAHG

Instagram: Culture.Heritage.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofCultureHeritageGaeltacht

Share This Story, Choose Your Platform!