€2 mhilliún fógartha ag an Aire Ring faoin gClár Feabhsúcháin Pobail agus iarrann ar phobail a bheith rannpháirteach ann

Cuirtear deontais bheaga ar fáil faoin gClár chun saoráidí i bpobail faoin tuath agus i gcathracha a fheabhsú

 

D’fhógair Michael Ring TD, an tAire Forbartha, Tuaithe agus Pobail, sonraí inniu maidir leis an gClár Feabhsúcháin Pobail  (CEP) agus thug chun solais na tairbhí a d’fhéadfadh pobail áitiúla a bhaint as an gClár.

 

Is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a mhaoiníonn an Clár agus cuirfear €2 mhilliún ar fáil i maoiniú deontais chun saoráidí atá ar fáil do phobail a fheabhsú. Is ar thacú le grúpaí i limistéir faoi mhíbhuntáiste atá an bhéim faoin gClár.

 

I measc gnáthfheabhsúcháin a dhéantar faoin gClár, tá ionaid pobail agus fóntais pobail a réiteach, páirceanna baile a fheabshú chomh maith le comhlimistéir agus spásanna, agus trealamh a cheannach le húsáid ag an bpobal. Tá cúnamh curtha ar fáil faoin gclár freisin d’uasghrádú éifeachtachta fuinnimh, gairdíní pobail a dhéanamh, dífhibrileoirí, CCTV, agus trealamh spóirt agus TE a chur ar fáil.

 

Is Coistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDCanna) i ngach limistéar Údaráis Áitiúil a riarann an Coiste. Leagtar amach sa tábla thíos leithroinntí maoinithe do gach limistéar Údaráis Áitiúil.

 

Tá maoiniú curtha ar fáil faoin gclár do bhreis is 5,000 tionscadal i bpobail tuaithe agus uirbeacha ar fud na hÉireann ó seoladh ar dtús é sa bhliain 2018.

 

Maidir leis an gClár Feabhsúcháin Pobail, dúirt an tAire Ring:

 

Cuirtear cúnamh ríthábhachtach ar fáil do ghrúpaí pobail faoin gClár chun cuidiú leo a gcuid saoráidí a fheabhsú. Cuirtear maoiniú beag ar fáil do thionscadail ó lomairí faiche a agus trealamh TE a cheannach go mionobair athchóirithe ar fhoirgnimh.  Freagraíonn an Clár do riachtanais an phobail áitiúil agus dá bhrí sin cuirtear roinnt maoinithe ar fáil freisin do thionscadail níos mó nuair is gá.

 

“Táimid ag brath go mór ar na grúpaí pobail seo agus tá súil agam go gcuideoidh an maoiniú seo leo leanúint leis an obair thábhachtach a dtugann siad fúithi. Iarraim ar phobail eolas a chur ar an gClár agus iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú má cheapann siad go mbeadh tairbhe ag an bpobal as.

 

“Cé go mbeidh an Clár ar aon dul leis an mbliain anuraidh, beidh solúbthacht ag Coiste LCDC i ngach limistéar leas a bhaint as an maoiniú seo i leith caiteachas a bheadh ar ghrúpaí pobail a bhaineann le COVID-19 agus ar tosaíocht é i limistéir aonair údaráis áitiúil.  Beidh sin sa bhreis ar mhaoiniú eile a d’fhógair mo Roinn le déanaí mar an ciste Éigeandála COVID-19 de luach €2.5m agus an Ciste Cobhsaíochta de €35m.”

 

Is Coistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDCanna) i ngach limistéar Údaráis Áitiúil a riarann an Coiste. Beidh na sonraí maidir le hiarratas a dhéanamh le fáil ó gach coiste LCDC go luath.

 

Le bheith solúbtha, níl an Roinn chun aon dáta deiridh náisiúnta d’iarratais a leagan amach ach ligfidh do gach Coiste LCDC a dháta féin a shocrú de réir mar is fearr a fheilfidh an limistéar. Éileoidh an Roinn nach mbeadh aon dáta deiridh nach faide ná an 30 Meán Fómhair 2020. Ní mór do ghrúpaí teagmháil a dhéanamh lena gCoiste LCDC chun tuilleadh sonraí a fháil.

 

Leagtar amach sa tábla thíos sonraí maidir leis an leithroinnt a bheidh ag dul do gach limistéar údaráis áitiúil.

An tÚdarás Áitiúil Suim
Ceatharlach €56,628
An Cabhán €57,025
An Clár €60,265
Cathair Chorcaí €70,666
Contae Chorcaí €72,536
Dún na nGall €74,812
Cathair Bhaile Átha Cliath €112,860
Dún Laoghaire €62,318
Fine Gall €68,375
Cathair na Gaillimhe €55,368
Contae na Gaillimhe €63,249
Ciarraí €62,534
Cill Dara €66,570
Cill Chainnigh €58,150
Laois €58,297
Liatroim €53,040
Luimneach €70,118
An Longfort €55,317
€64,790
Maigh Eo €64,546
An Mhí €62,883
Muineachán €55,451
Uíbh Fhailí €59,756
Ros Comáin €55,977
Sligeach €56,540
Baile Átha Cliath Theas €81,967
Tiobraid Árann €67,777
Port Láirge €64,039
An Iarmhí €58,331
Loch Garman €68,047
Cill Mhantáin €61,767

 

 

CRÍOCH

Teagmháil:

Preasoifig na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail

076-1006843 / 087-1734633

[email protected]

 

 

Nóta d’Eagarthóirí

  • Tá an Clár Feabhsúcháin Pobail (CEP) dírithe ar shaoráidí a fheabhsú i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste. Cuirtear maoiniú caipitil ar fáil do ghrúpaí pobail.
  • Sa bhliain 2018 a seoladh an Clár den chéad uair.  Tá liosta de na tionscadail a fuair maoiniú sa bhliain 2019 le fáil ag an nasc seo a leanas: Tuarascálacha ar an gClár Feabhsúcháin Pobail
  • Leagtar amach sa tábla thuas an leithroinnt maoinithe a dhéanfar i leith gach limistéar Údaráis Áitiúil. Déantar an maoiniú a leithroinnt trí shuim bhonnlíne a chur ar fáil do gach limistéar agus an chuid eile a roinnt bunaithe ar dhaonra coibhneasta agus leibhéal míbhuntáiste gach limistéir. Baintear leas as figiúirí daonáirimh agus innéacs díothachta  Pobal Hasse sa mhodheolaíocht seo.
  • Is Coistí Forbartha Pobail Áitiúil Coistí LCDC ar fud na tíre a dhéanamh an maoiniú a riar go háitiúil, le cúnamh óna nÚdarás Áitiúil.  Is féidir iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh leis an gCoiste LCDC ábhartha.
  • Tá an maoiniú dírithe ar shaoráidí a fheabhsú d’fhonn dul  i ngleic le míbhuntáiste, ar bhealach atá ag teacht le Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail gach limistéir.
Share This Story, Choose Your Platform!