Obair na nGrúpaí Pobail aitheanta ag Gradaim an Chathaoirligh 2023

Reáchtáladh Gradaim an Chathaoirligh 2023 mar aon le Ball an Chathaoirligh Dé Sathairn 27 Bealtaine. D’eagraigh Comhairle Chontae na Gaillimhe na Gradaim i gcomhpháirt le Líonra Rannpháirtíochta Phoiblí Chontae na Gaillimhe. Rinne an Cathaoirleach Clr. Michael Maher agus an reachtaire don tráthnóna, Bernadette Prendergast ó Galway Bay FM, na Gradaim a óstáil agus cuireadh fáilte mhór roimh gach duine chuig an Óstán Meadowcourt, Baile Locha Riach. 

 

Ag cur i láthair Gradaim an Chathaoirligh, dúirt an Clr. Michael Maher: “Gach bliain, aithníonn na gradaim seo an méid atá déanta ag na hoibrithe deonacha thar réimse leathan de ghníomhaíocht áitiúil agus an tionchar suntasach a bhíonn ag a ngníomhartha ar cháilíocht na beatha. Tabharfaidh Gradaim na hoíche anocht onóir d’obair na ngrúpaí thar réimse gníomhaíochtaí a dhéanann ár gceantar áitiúil níos fearr le maireachtáil, le hoibriú agus le cuairt a thabhairt orthu.” 

 

Dúirt an Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Liam Conneally; “Tugann na Gradaim seo deis do Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus do LRP Chontae na Gaillimhe luach leithleach agus cúnamh na n-oibrithe deonacha dár gContae a aithint, agus aitheantas a thabhairt don tionchar atá acu ar fholláine an phobail agus ar chaighdeán na beatha, agus don mhórtas áite a spreagann a ngníomhaíochtaí”. 

 

Dúirt Alan Farrell, Stiúrthóir Seirbhísí, Forbairt Eacnamaíochta, Tuaithe agus Pobail Chomhairle Chontae na Gaillimhe: “Cuidíonn na Grúpaí Pobail agus na hEagraíochtaí Deonacha go mór lena bpobail agus níos faide i gcéin agus is deis iad na gradaim seo lena n-éachtaí a cheiliúradh agus spreagfaidh siad gach a bhfuil páirteach rudaí níos fearr fós a bhaint amach sa todhchaí. 

DSC 7080 (1)
« of 87 »

 

Ba í Féile Amharclannaíochta Ghleann na Madadh buaiteoir an Ghradaim Ealaíon agus Cultúir, a thugann aitheantas do ghrúpaí a fheabhsaíonn a gceantar áitiúil trí na healaíona agus an cultúr a chur chun cinn. Tá Féile Amharclannaíochta Ghleann na Madadh ar an fhód le breis agus 60 bliain anuas agus tá Craobh Dhrámaíochta na hÉireann á reáchtáil aici le trí bliana anuas. Bhí ról lárnach ag na cluichí ceannais seo i bhforás agus i gcur chun cinn na suime as cuimse ó dhaoine as an cheantar sa drámaíocht agus tugann sé deis do Ghleann na Madadh bua na healaíne iontaí sa phobal a léiriú. 

 

Ba é Grúpa Oidhreachta Bhaile an Mhuilinn buaiteoir an Ghradaim don Rannchuidiú is Fearr san Oidhreacht, a thugann aitheantas do na hiarrachtaí atá déanta ag grúpaí pobail maidir le hoidhreacht a gceantar a chur chun cinn. D’oibrigh an Grúpa le chéile chun a n-oidhreacht chultúrtha a neadú i bhfabraic a bhaile trí thionscadail éagsúla ar nós “Bailiúchán Speisialta Litreacha,” a seoladh mar chuid de Sheachtain na hOidhreachta, a thug deis do dhaoine teacht isteach chun na litreacha a léamh agus éisteacht le taifeadtaí fuaime. 

 

Ba é Comhaontas na Coiribe Thoir buaiteoir an Ghradaim Comhshaoil & Don Athrú Aeráide, a thugann aitheantas do Ghrúpaí nó Scoileanna a d’oibrigh sa phobal chun an timpeallacht thart orthu a fheabhsú nó chun an tionchar a bhíonn acu ar an chomhshaol a laghdú. Thug an grúpa seo roinnt grúpaí slatiascaireachta ar an taobh thoir de Loch Coirib le chéile a dhéanann bearta praiticiúla chun cáilíocht uisce agus gnáthóg do bhradáin agus breaca a fheabhsú. Oibríonn siad go dlúth le roinnt gníomhaireachtaí ar nós Iascach Intíre Éireann agus téann siad i dteagmháil le húinéirí talún áitiúla agus le grúpaí sa dobharcheantar. Éascaíonn an grúpa foghlaim idir phiaraí agus eagraíonn siad turais allamuigh chun oideachas a chur ar dhaoine faoin obair atá ar bun acu. 

 

Ba é CURVE buaiteoir an Ghradaim um Ionchuimsiú Sóisialta a thugann aitheantas do Ghrúpaí nó do Shaoráidí Pobail a spreagann gach duine sa phobal páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí sóisialta agus pobail. Déanann an grúpa seo ionadaíochta d’Úcránaigh san Eiscir agus sna ceantair mórthimpeall. Comhordaíonn CURVE roinnt tacaíochtaí ar nós éadaí agus earraí riachtanacha, abhcóideacht maidir le hiompar scoile, lóistín agus nascann siad Pobal na hÚcráine le seirbhísí riachtanacha go háitiúil agus ar fud an chontae. Tá roinnt clubanna bunaithe freisin ag CURVE, ar nós Club Gairdín, agus Cór. Bhunaigh CURVE Seid Rothair chomh maith ó thabhartais áitiúla, déantar athchóiriú ar na rothair seo agus úsáideann an Pobal Úcránach iad chun cabhrú lena shláinte agus lena fholláine agus chun neamhspleáchas agus deis a thabhairt do chónaitheoirí na hEascrach teacht ar fhostaíocht. 

 

Ba é Bothán na mBan Thuama buaiteoir an Ghradaim Spóirt, a thugann aitheantas d’iarrachtaí Grúpaí nó Scoileanna rannpháirtíocht sa spórt a mhéadú, go háirithe ó ghrúpaí a bhfuil rátaí ísle rannpháirtíochta acu. Tugann Bothán na mBan Thuama deiseanna dá bhaill páirt a ghlacadh i gcláir aclaíochta éagsúla ar nós Cuaillí Músclóra agus Boccia. Ghlac an grúpa páirt freisin i roinnt Cúrsaí Oiliúna Ceannairí ionas gur féidir leo a gcláir aclaíochta féin a reáchtáil ar bhealach inbhuanaithe agus buntáistí na haclaíochta a spreagadh ón taobh istigh den ghrúpa. Ghlac Bothán na mBan Thuama páirt i roinnt imeachtaí Aclaíochta i rith na bliana a thugann deis do bhaill bualadh le grúpaí eile agus páirt a ghlacadh i roinnt comórtais chairdiúla freisin! 

 

Ba í Emma Laffey – “An Bhean Ghlúine” – Cnáimhseach – Bean Ghlúine – Bean Cabhartha buaiteoir an Ghradaim um Fhoilseacháin Oidhreachta, a thugann aitheantas do na hiarrachtaí atá déanta ag Grúpaí nó Scoileanna chun taighde a dhéanamh ar oidhreacht a gceantar agus an oidhreacht sin a thaifead. Díríonn taighde agus obair Emma aird ar an ról a bhí ag cnáimhseacha agus a dhéantar dearmad air go minic i sláinte agus cúram leanaí agus máithreacha. Cuireann an foilseachán cuid de na mná iontacha a bhíodh ina gcnáimhseacha ag tús an 20ú haois in aithne dúinn, nuair a tugadh ‘mná cabhartha’ orthu. ‘Goitse go gasta’! a tugadh ar bhean amháin, Anne Nic Giolla Chomáin as an Chreagán. 

 

Ba é Cumann Forbartha Pobail na Mainistreach buaiteoir an Ghradaim Aitheantais na mBailte Slachtmhara, a thugann aitheantas do ghaiscí Grúpaí na mBailte Slachtmhara i gComórtas Náisiúnta na mBailte Slachtmhara agus d’éifeacht a gcuid oibre chun ár mbailte agus sráidbhailte a dhéanamh tarraingteach agus fáilteach le maireachtáil, le hobair agus le cuairt a thabhairt orthu. Tá na marcanna is airde á mbaint amach ag Cumann Forbartha Pobail na Mainistreach go seasta i gcúrsaí Slachta agus i Rialú Bruscair ag leibhéal an chontae agus roghnaíodh iad ar son an Deiscirt ag ‘Comórtas na mBailte is Feistiúla 2022,’ áit a raibh siad ar an ghearrliosta mar iomaitheoirí an Chomórtais Iomaíoch Uile-Oileáin seo. 

 

Ag an deireadh, bronnadh na Gradaim um Mórtas Ceantar ar an 2 Ghrúpa a roghnaíodh ar son na Gaillimhe sa Chomórtas Náisiúnta um Mórtas Ceantair IPB 2023, ar comórtas Uile-Oileáin é chun aitheantas agus ceiliúradh a dhéanamh ar obair na bpobal chun mórtas cathartha a chruthú ina gceantar. Is é Grúpa Siúlóide Cois Abhann an Ghoirt an iontráil ainmnithe ag an Chontae sa Tionscnamh um Fholláine Pobail, le haghaidh forbairt leanúnach ar shiúlóid Abhainn an Ghoirt, siúlóid 3km álainn lúbtha a chuimsíonn bithéagsúlacht iontach, áit scíthe agus droichead coise nua. Is í Forbairt Tuaithe na gCreag iontráil ainmnithe an Chontae sa Ghníomhú ar son na hAeráide agus Bithéagsúlachta as a tiomantas do chur chun cinn na bithéagsúlachta, daoine a chur ar an eolas fúithi, aird a tharraingt uirthi agus ag cur léi laistigh den tsráidbhaile. 

 

Díreach mar a cheap an lucht éisteachta go raibh na Gradaim thart, d’fhógair an Cathaoirleach, an Comhairleoir Michael Maher, go raibh gradam speisialta aige chun aitheantas a thabhairt do ghnóthachtáil Chumann Cuimhneacháin Aileen Cust. Ba í Aileen Isabel Cust an chéad bhean sa Bhreatain agus in Éirinna fuair cáilithe ina tréidlia. Rinneadh tréidlia di tráth nár measadh gur ról oiriúnach do bhean é. Thóg sé breis is 20 blain uirthi sular glacadh léi mar bhall de Choláiste Ríoga na Máinlianna Tréidliachta. Ba trí dhiongbháilteacht agus grá Aileen d’ainmhithe a glacadh léi faoi dheiridh mar bhall de Choláiste Ríoga na Máinlianna Tréidliachta. 

 

Bhronn an Cathaoirleach Michael Maher gradam a coimisiúnaíodh go speisialta ar gach ceann de na Grúpaí, deartha agus lámhdhéanta ag Sean Mahony. Fuair gach Grúpa Deimhniú agus duais airgid de €500 le húsáid dá gcuid oibre. Dúirt an Cathaoirleach gur léirigh Buaiteoirí na nGradam le linn na hoíche an caighdeán iontach oibre pobail agus deonach atá ar siúl ar fud an Chontae. 

 

Ba é Sean Mahony, ceardaí áitiúil as Creachmhaoil a dhear agus a rinne de láimh na Gradaim 2023. Tá gach gradam uathúil agus lámhdhéanta le bheith cosúil le Húicéar na Gaillimhe, le seolta déanta as feá spaltaithe agus an t-adhmad don bhonn dubhaithe ag baint úsáid as seanmhodh Seapánach chun adhmad a dhó. Is i nGaillimh a fuarthas agus a rinneadh na Gradaim, agus mar chomhartha aitheantais d’ábhair a athúsáid, rinneadh iad as crainn a leagadh le linn stoirmeacha. 

 

Share This Story, Choose Your Platform!