Rannpháirtíocht na mBan agus Éagsúlacht sa Rialtas Áitiúil a Mhéadú

Clár atá le seachadadh ag Cácas Ban Chontae agus Chathair na Gaillimhe chun béim a leagan ar an ngá atá le comhionannas inscne agus le héagsúlacht níos mó sa rialtas áitiúil.

 

Seachadfaidh Cácas Ban Chontae agus Chathair na Gaillimhe clár in Óstán an Shearwater i mBéal Átha na Sluaighe ag deireadh mhí Feabhra, chun gníomhaíochtaí a chur chun cinn chun rannpháirtíocht ban agus daoine den éagsúlacht sa rialtas áitiúil a spreagadh, ní a bhfuil béim curtha air in ‘Clár an Rialtais – Ár dTodhchaí le Chéile’, go háirithe i gceantair ina bhfuil líon an-íseal ban páirteach sa pholaitíocht tofa.

 

Go ginearálta, beidh sé mar aidhm rannpháirtíocht na ngrúpaí seo i dToghcháin Áitiúla 2024 a mhéadú. Déanfar é seo trí chlár 2 lá a sheachadadh, mar aon le clár leathlae ar líne, a dhíríonn ar na nithe seo a leanas:

 

Ag Obair i dTreo Thoghcháin Áitiúla 2024: Oiliúint agus forbairt ag díriú ar chuimsiú agus éagsúlacht agus tuiscint ar an timpeallacht pholaitiúil chun tacú le agus spreagadh a thabhairt do rannpháirtíocht mhéadaithe ban agus daoine den éagsúlacht i dtoghcháin áitiúla 2024.

 

Comhairleoirí Reatha a Choinneáil: Forbairt ghairmiúil leanúnach trí oiliúint agus oideachas a thacaíonn le forbairt phearsanta, ceannaireacht, agus scileanna athléimneachta ár gcomhairleoirí baineanna atá ann cheana féin. Táithí a roinnt idir na comhaltaí tofa atá ann cheana féin agus iarrthóirí a bhfuil spéis léirithe acu, a chabhraíonn a thuilleadh le mná páirt a ghlacadh sa ról ceannaireachta seo.

 

Údaráis Áitiúla a Thacaíonn le Teaghlaigh: Plé ar conas ar féidir le húdaráis áitiúla nithe a chur i bhfeidhm, a thacaíonn le teaghlaigh agus ar conas mná agus daoine den éagsúlacht a chumhachtú agus a chumasú i ngnéithe éagsúla den saol polaitiúil.

 

Sábháilteacht Ar Líne agus Úsáid na Meán Sóisialta: Ceardlann oiliúna a ardaíonn feasacht agus a sholáthraíonn comhairle agus treoir do chomhaltaí tofa agus d’iarrthóirí chun cabhrú le sábháilteacht ar líne agus úsáid na meán sóisialta a chinntiú.

 

Tá an ócáid seo á heagrú a bhuíochas do mhaoiniú a fuarthas ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Dúirt Iar-Uachtarán an AILG, an Comh. Mary Hoade, a bhí lárnach i mbunú an chácais sa Réigiún Thiar, Lár Tíre agus an Tuaiscirt, go bhfuil áthas uirthi go bhfuil an maoiniú seo faighte ón Roinn:

“Táim thar a bheith paiseanta faoi seo agus bhí áthas orm cabhrú leis an nglao ar mhaoiniú ón Roinn. Is líonra tacaíochta iontach do mhná sa pholaitíocht é cácas na mBan ann féin. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh cothromaíocht inscne againn agus tá súil agam go dtaispeánfaidh an imeacht seo tacaíocht an Chácais agus go spreagfaidh sé mná dul isteach sa pholaitíocht.”

 

Dúirt Cathaoirleach Chácas Ban Chontae agus Chathair na Gaillimhe, an Comh. Martina O’Connor:

“Tá Cácas na mBan i nGaillimh cheana féin ina fhoinse tacaíochta ollmhór do Chomhairleoirí áitiúla. Tá sé mar aidhm againn, leis na cláir seo, an t-eolas gairmiúil agus an fháilte a chur ar fáil do mhná eile ar mian leo dul isteach sa Pholaitíocht nó fanacht sa Pholaitíocht. Tá an-luach ag baint le hobair Polaiteora agus féadann sé braistint gnóthachtála brí a bhaint amach. Tá a fhios agam go bhfuil go leor ban agus daoine ó chúlraí éagsúla ar mian leo a scileanna a thabhairt isteach sa Pholaitíocht dá bpobail agus dá dtír. Tá sé mar aidhm againn mná a chumasú chun iad féin a fheiceáil sna róil seo agus tacú leo tabhairt faoi.”

 

Is do chomhairleoirí reatha amháin a bheidh an chéad lá den chlár, agus beidh an dara lá agus an leathlá ar líne dírithe ar bhaill den phobal i gcoitinne atá ag smaoineamh ar rith mar iarrthóir sna Toghcháin atá le teacht.

 

Am agus Áit

Reáchtálfar an clár in Óstán an Shearwater, Béal Átha na Sluaighe ar an 29 Feabhra, do dhaoine ón bpobal i gcoitinne agus beidh sé á éascú ag Sinéad Doody ó ‘Doody Facilitation and Consulting Ltd’.

 

Clarú

Beidh an clár saor in aisce, ach beidh gá le Léiriú Suime / Clárú mar beidh spásanna teoranta. Is féidir leo siúd ar mian leo freastal go pearsanta ar an 29 Feabhra clárú trí chiceáil ar an nasc seo nó dul chuig https://forms.office.com/e/5xwAAGqiD8.

 

Is féidir na sonraí ar fad a fháil ag www.galway.ie/ga/nuacht/

 

Maidir le Cácas na mBan

Is féidir cur síos a dhéanamh ar caucus na mban mar líonra de chomhairleoirí ban ó gach páirtí polaitíochta a thagann le chéile chun comhar a neartú agus a oibríonn i dtreo spriocanna comhaontaithe. Ar fud an domhain, tá cácais na mban níos coitianta i bparlaimintí náisiúnta ach, le blianta beaga anuas, tá siad níos suntasaí i Rialtas Áitiúil na hÉireann.

 

Bunaíodh an chéad cácas réigiúnach ban, WoMeN, in Éirinn in 2021 agus tá sé ina chéim phíolótach faoi láthair go dtí Márta 2024. Is líonra de chomhairleoirí ban é ó 13 limistéar rialtais áitiúil ar fud trí réigiún nasctha: réigiún an Iarthair, Lár na Tíre agus an Tuaiscirt de Éire – a chuimsíonn ár gceantair féin i gContae agus i gCathair na Gaillimhe. Is é an aidhm atá leis ná comhar a neartú idir Comhairleoirí ban sa réigiún agus meicníocht a sholáthar dóibh chun comhionannas inscne a chur chun cinn le chéile i seomra na Comhairle agus níos faide i gcéin.

 

Tá na comhairleoirí seo a leanas mar chomhaltaí de Chaucus na mBan i gContae agus i gCathair na Gaillimhe ag leibhéal áitiúil:

An Comh. Martina O’Connor (Cathaoirleach Chácas Ban Chontae agus Chathair na Gaillimhe)

An Comh. Mary Hoade (Iar-Uachtarán an AILG)

An Comh. Shelly Herterich Quinn

An Comh. Eileen Mannion

An Comh. Evelyn Francis Parsons

An Comh. Geraldine Donohue

An Comh. Karey McHugh-Farag

An Comh. Clodagh Higgins

An Comh. Imelda Byrne

An Comh. Terry O’Flaherty

 

Maidir leis an Éascatheoir

Le 20 bliain anuas, tá cláir oiliúna agus forbartha deartha agus seachadta ag Sinéad Doody ó ‘Doody Facilitation and Consulting Ltd’ do ghníomhaireachtaí stáit, ionadaithe tofa, eagraíochtaí neamhbhrabúis, Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí, grúpaí pobail agus deonacha. Chomh maith leis sin, tá tuairiscí agus uirlisí curtha le chéile aici a bhaineann le mná sa pholaitíocht áitiúil, sa chomhionannas, san éagsúlacht agus sa chuimsiú. Le déanaí, d’oibrigh sí ar thionscadail do Chomhairle Náisiúnta na mBan (NWC), Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí (PPNanna), Líonra Ban Luimnigh agus Cácas Réigiúnach na mBan, WoMeN, gan ach roinnt a lua. Soláthraíonn sí cóitseáil agus meantóireacht freisin do chliaint bhan phríobháideacha maidir le ceannaireacht, forbairt gairme agus cothromaíocht oibre-saoil a bhaint amach.

Share This Story, Choose Your Platform!