Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte

Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail

Foilsithe 

  • Príomhsprioc i Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte is ea aghaidh a thabhairt ar dhearóiliú
  • Maoiniú ar fáil chun foirgnimh fholmha i lár bailte a iompú isteach ina moil oibre, spásanna fiontair, moil chultúir, turasóireachta agus phobail
  • Spreagtar Tionscadail Chomhoibríocha leis an scéim chun aghaidheanna siopaí a uasghrádú agus chun slacht a chur ar aghaidheanna sráide le beagán datha agus beochta
  • Infheistíocht i limistéir ghlasa i lár bailte
  • Feachtais Mhargaíochta chun cianoibrithe a mhealladh chuig ceantair thuaithe na hÉireann
  • Deontais ó €20,000 go €500,000 ar fáil

Tá €15 milliún i maoiniú fógartha ag an Aire Forbartha Pobail agus Tuaithe, Heather Humphreys TD inniu (Dé Luain an 3 Bealtaine) chun cuidiú le hathbheochan a dhéanamh ar bhailte agus ar shráidbhailte tuaithe na hÉireann i ndiaidh Covid-19.

Tá Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte leagtha amach chun borradh nua a chur faoi phobail tuaithe – le go ndéanfar áiteanna díobh a bheidh níos deise le cónaí iontu, le bheith ag obair iontu, le bualadh le chéile iontu agus le clann a thógáil iontu.

Is príomhchuid de Thodhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann – straitéis cúig bhliana an Rialtais chun ceantair thuaithe na hÉireann a athbheochan – an tionscnamh.

I measc na mbeart a dtacóidh Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte na bliana 2021 leo beidh:

  • Aghaidh a thabhairt ar dhearóiliú i lár bailte
  • Maoine folmha a iompú isteach ina spásanna do chianobair agus ina spásanna don phobal
  • Tacú le hÚdaráis Áitiúla feachtais nuálacha margaíochta a reáchtáil a bheidh dírithe ar chianoibrithe a mhealladh chuig a gcontae.
  • Infheistíocht a dhéanamh i limistéir ghlasa, i bpáirceanna agus i dtaitneamhachtaí áineasa
  • Uasghrádú agus slacht a chur ar aghaidheanna siopaí & sráid-dreacha ar Phríomhshráideanna
  • Tionscadail a thacaíonn leis an ngeilleagar oíche agus a fheabhsaíonn é chomh maith le tionscadail a chuireann borradh faoi lár bailte

Is trí na hÚdaráis Áitiúla a dhéantar Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte a riar, a mbíonn orthu oibriú go dlúth le pobail áitiúla agus le gnónna áitiúla chun tograí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Tá an deontas uasta €200,000 a bhí ar fáil i mblianta roimhe seo méadaithe go dtí €500,000 faoi scéim na bliana seo chun go mbeifear ábalta tacú le tionscadail ar scála mór.

Ag seoladh na Scéime inniu dúirt an tAire Humphreys:

“Mar chuid de bheartas nua uaillmhianach an Rialtais d’fhorbairt tuaithe, Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, táim meáite ar bhailte agus ar shráidbhailte tuaithe na tíre a bheith ina n-áiteanna bríomhara agus deasa le bheith ina gcónaí iontu, le bheith ag obair iontu, le bualadh le chéile iontu agus le clann a thógáil iontu.

“Mar chuid den Chiste €15 milliún atáim a fhógairt inniu, ba mhaith liom líon níos mó de thionscadail nuálacha agus iontacha a fheiceáil ag teacht chun cinn chun difear ceart agus buan a dhéanamh i mbailte agus sráidbhailte na tíre.

“Díreofar ar fhoirgnimh dhearóile agus fholmha a athchóiriú i lár bhailte na tíre agus úsáid nua a bhaint astu – cibé más don chianobair, ar mhaithe le cúrsaí cultúir nó chun go mbainfeadh an pobal úsáid astu a bheidh siad. Tá méadú go dtí €500,000 déanta agam ar an deontas uasta i mbliana chun go mbeifear ábalta tionscadail ar scála mór agus atá uaillmhianach a chur chun cinn.

“Ba mhaith liom go bhfeicfinn Údaráis Áitiúla i mbun rannpháirtíochta le gnónna agus le húinéirí maoine áitiúla ar phríomhshráideanna na tíre agus tionscadail chomhoibríocha a chur chun cinn chun aghaidheanna siopaí a uasghrádú agus slacht a chur ar shráid-dreacha na hÉireann. Tá tacaíocht ar fáil freisin chun múrphictiúir a chruthú i lár bailte, múrphictiúir a d’fhéadfadh a bheith in ómós do phearsanra nó d’imeachtaí cultúir nó spóirt áitiúil. Is faoi dhath agus faoi bheocht a chur faoi bhailte agus faoi shráidbhailte na tíre an scéim, ar mhaithe le háiteanna níos deise le cónaí iontu, le hoibriú iontu agus le cuairt a thabhairt orthu a dhéanamh astu.

“Níos tábhachtaí fós, ba mhaith liom an fuinneamh atá ann don chianobair a thapú agus is í sin an chúis go bhfuilim ag tacú le hÚdaráis Áitiúla feachtais margaíochta nuálaíochta a rith chun béim a leagan ar atá ar fáil ina gceantar i dtaobh saoráidí cianoibre chomh maith le taitneamhachtaí áineasa. Is faoi bhailte agus sráidbhailte na hÉireann a chur i láthair an scéim seo chun cianoibrithe agus an dream a dtugtar na ‘fánaithe digiteacha’ orthu a mhealladh chun cur fúthu i gceantair thuaithe na hÉireann.”

Share This Story, Choose Your Platform!