
Scéim Deontas Cholmcille 2020
03/03/2020
[email protected]
Tá sé mar aidhm ag an scéim seo caidreamh a chothú idir pobail teanga
Ghaeilge na hAlban agus na hÉireann agus Gaeilge na hAlban agus na
hÉireann a neartú tríd an chaidreamh seo. Beidh dhá bhabhta
den scéim deontas ann in 2020:
Babhta 1
- Spriocdháta Dé Luain 23 Márta 2020
- Iarratais le haghaidh tionscadail a gcuirfear tús leo in 2020
- Uasteorainn €12,000/£10,800
Babhta 2
- Spriocdháta Dé Luain 12 Deireadh Fómhair 2020
- Iarratais le haghaidh tionscadail a gcuirfear tús leo in 2020/2021
- Uasteorainn €12,000/£10,800
Is féidir iarratas a dhéanamh ar suas le 80% de chostais uile an tionscadail. Tá an scéim oscailte d’eagraíocht ar bith atá i riocht an caidreamh a chur chun cinn, agus a bhfuil an cháipéisíocht chuí acu.
Tuilleadh Eolais