Seolann an Rialtas Ciste Nua €3m um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide

Dé hAoine, an 25 Samhain 2022

Sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, agus an tAire Comhshaoil, Aeráide, Cumarsáide agus Iompair, Eamon Ryan, ciste €3 mhilliún inniu chun tacú le tionscadail chruthaitheacha shamhlaíocha a chothaíonn feasacht ar athrú aeráide agus a thugann cumhacht do shaoránaigh athruithe fiúntacha iompraíochta a dhéanamh.

Glacfar le hiarratais ar an scéim i mí na Nollag 2022 ar www.creativeireland.gov.ie

Áireofar ar na foirne rathúla saineolaithe ó na hearnálacha eolaíochta aeráide, earnálacha na n-ealaíon agus an chultúir agus rannpháirtíocht phobail.

Comhthionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach agus an Roinn Chomhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide is ea clár ‘Gníomhaíocht Chruthaitheach ar son na hAeráide II: Gníomhairí um Athrú.’

Tá an clár ag iarraidh tionscadail chruthaitheacha a spreagadh ina dtugtar aghaidh ar na nithe seo a leanas:

  • Gach duine a spreagadh chun athmhachnamh a dhéanamh ar a stíleanna maireachtála
  • Ceangail le géarchéim na bithéagsúlachta
  • Aistriú cothrom cóir a chumasú agus athruithe á ndéanamh ar stíleanna maireachtála
  • Cabhrú le saoránaigh tuiscint a fháil ar an ngéarchéim aeráide
  • Cuir in oiriúint d’éifeachtaí an athraithe aeráide

Tá dhá shnáithe maoinithe ann:

  1. Spreag

Tá an snáithe seo ann dóibh siúd atá ag iarraidh smaoineamh nua a thriail, nó ar mhaith leo tionscadal cruthaitheach a sheachadadh ag leibhéal áitiúil. Cuirtear fáilte roimh eagraíochtaí, grúpaí pobail agus grúpaí cruthaitheacha atá in ann eolas, scileanna agus muinín a spreagadh, cur isteach ar dheontais idir €20,000 agus €50,000.

  1. Las

Tá an tsraith maoinithe seo oiriúnach dóibh siúd a bhfuil taithí acu ar thionscadail rannpháirtíochta poiblí a sheachadadh ar scála, agus atá ag moladh tionscadail fhadtréimhseacha le rannpháirtíocht fhorleathan phoiblí. Féadfaidh iarratasóirí a bheith i dteideal deontais idir €50,000 agus €250,000.

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin: “In 2021 leagadh amach i bPlean na hÉireann um Ghníomhú ar son na hAeráide na céimeanna ba ghá a ghlacadh chun todhchaí níos inbhuanaithe a chruthú d’Éirinn. Bhí an plean sin uaillmhianach agus iarradh ann ar gach earnáil den tsochaí lena n-áirítear an pobal cruthaitheach páirt a ghlacadh chun astaíochtaí neodracha ó thaobh fuinnimh de a bhaint amach faoi 2050. Táim bródúil go bhfuil nasc chomh follasach sin ag rialtas na hÉireann idir polasaí náisiúnta cultúir agus polasaí aeráide. Rinneadh go leor oibre sna chéad thionscadail um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide chun aird a tharraingt, pobail a spreagadh agus na hathruithe is gá a dhéanamh a thaispeáint. Is é an t-athrú aeráide an dúshlán is tábhachtaí roimh an gcine daonna agus teastaíonn tionscadail chruthaitheacha mar iad seo chun gníomh dearfach a spreagadh”.

Dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan:

“Tá gá le hathrú suntasach cultúir agus córais chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide. Ní bheifear ábalta an t-athrú sin a dhéanamh ach trí dheiseanna a fhiosrú go hiomlán le haghaidh bealaí nuálacha agus cruthaitheacha a dhéanfaidh daoine a spreagadh le dul i mbun gnímh. Tá páirt ar leith le himirt ag an earnáil chultúir san athrú cultúir seo agus táim ag tnúth leis na bealaí iontacha a dhéanfaidh tionscadail a bheidh maoinithe faoin gcéad chéim eile den Chlár um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide daoine a spreagadh a fheiceáil.”

Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig https://youtu.be/3j8_GP_tAMs

CRÍOCH

Press and Information Office

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Tel: 087 6737338 / 087 7374427
Email: [email protected]
Website: Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

Nótaí don Eagarthóir

An Ciste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide

Sheol an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an chéad chiste i mí Iúil 2021 i gcomhar leis an Roinn Chomhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Thacaigh sé le 15 thionscadal phíolótacha ó cheann ceann na tíre. Áiríodh leis seo suiteálacha solais drámatúla a léirigh leibhéil na farraige ag ardú, cosáin phailneoirí uirbeacha, cláir thumoideachais talmhaíochta sa Daingean agus Tiobraid Árann, tionscadail dícharbónaithe i Luimneach agus Port Láirge agus athghiniúint an chultúir deisiúcháin agus athúsáide san Iarmhí.

I measc na gcomhpháirtithe tionscadail bhí ealaíontóirí agus an earnáil chruthaitheach níos leithne, eolaithe aeráide, údaráis áitiúla agus grúpaí pobail. Is é príomhchuspóir thionscnamh Éire Ildánach um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide tacaíocht a sholáthar do thionscadail chruthaitheacha, chultúrtha a tharraingíonn aird an phobail ar na hathruithe iompraíochta a chaithfidh an tsochaí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide.

Is cuid den Chlár Rialtais é gealltanas “tacu le hÉire Ildánach ina tionscnamh chun ‘Plé a Dhéanamh leis an bPobal ar Athrú Aeráide tríd an Earnáil Chultúrtha agus Chruthaitheach.”

I mí na Samhna 2021, d’fhógair clár Éire Ildánach cúig fhaighteoir déag an Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide. Tá liosta iomlan tionscadal um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide ar fáil ar https://www.creativeireland.gov.ie/en/blog/creative-climate-action-fund-projects/

 

I measc na mbuaicphointí, bhí:

I mí Aibreáin 2022, d’óstáil Callan Energy Store sraith cainteanna, díospóireachtaí, ceardlann agus taispeántais scannán – iad ar fad le haidhm amháin: éifeachtúlacht fuinnimh an bhaile a fheabhsú. Sa bhliain 1907 sholáthair an chuideachta ghiniúna leictreachais faoi úinéireacht áitiúil, ‘The Callan Powerhouse’ leictreachas do dhá gnóthas déag go háitiúil, agus sholáthair sé soilsiú sráide poiblí, i bhfad sular cuireadh soilsiú ar fáil do bhailte tuaithe eile. Bhí sé mar aidhm ag an tionscadal seo an smaoineamh maidir le giniúint leictreachais a tháirgtear go háitiúil agus faoi úinéireacht áitiúil a chur chun cinn arís, agus saoránaigh a chumasú chun tús a chur leis na hathruithe a theastaíonn uainn go léir a fheiceáil. https://www.youtube.com/watch?v=I4SK_HR3zDQ

 

Is tionscadal comhoibríoch é Línte na Farraige a chuireann béim ar na fadhbanna a bhaineann le leibhéil farraige ardaithe mar gheall ar athrú aeráide. Chruthaigh na healaíontóirí Timo Aho agus Pekka Niittyvirta suiteálacha solais ag an bPóirse Caoch i nGaillimh agus ar Chuan Loch Garman a léiríonn leibhéil na farraige amach anseo mar a thuar gníomhaireachtaí taighde idirnáisiúnta ar nós an Phainéal Idir-Rialtais ar Athrú Aeráide. Beidh tuilleadh suiteálacha le feiceáil i nDún Laoghaire agus i mBaile Brigín an bhliain seo chugainn.  Ba iad na heolaithe Zoë Roseby (ó Choláiste na Tríonóide), Maeve Upton (Ollscoil Mhá Nuad), Gerard McCarthy (Ollscoil Mhaigh Nuad), agus Jamie Mathews (Imperial College London), chomh maith le hOifig Réigiúnach Bhaile Átha Cliath um Ghníomhú ar son na hAeráide a bhí i gceannas ar an tionscadal. https://www.youtube.com/watch?v=CjJ3SGGzWu4

 

Ba é Brookfield Farm a chuir Field Exchange i láthair i gcomhar leis na healaíontóirí Deirdre O’Mahony agus John Gerrard. Seoladh an tionscadal ar Ghrianstad an tSamhraidh, an 21 Meitheamh 2022, agus cuireadh bailchríoch air le comhdháil agus Féile an Fhómhair ar an 16 Meán Fómhair 2022.

I rith an tsamhraidh tháinig grúpa feirmeoirí, saineolaithe, ball den phobail agus ealaíontóirí le chéile ag boird malairte faoi cheannas Líonraí Oiliúna Orgánacha Náisiúnta. Tugadh ealaín, bia, agus talmhaíocht le chéile agus cruthaíodh deiseanna don phobal, d’ealaíontóirí, d’fheirmeoirí, d’eolaithe, agus do shaineolaithe ó réimsí ábhartha chun smaointe a bhailiú agus a mhalartú maidir le conas an t-athrú aeráide a chomhrac, chomh maith le táirgeadh agus tomhaltas. https://www.youtube.com/watch?v=5SJs0rdJQes

 

Share This Story, Choose Your Platform!