Tá Ainmniúcháin do Gradaim an Chathaoirligh oscailte anois

Tionscnamh bliantúil iad Gradaim an Chathaoirligh chun aitheantas a thabhairt do dhúthracht daoine aonair agus grúpaí a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí pobail agus saorálaíochta gan íocaíocht agus don tionchar suntasach a bhíonn ag an méid a dhéanann siad ar chaighdeán saoil na ndaoine ina bpobail féin.

Tá tábhacht ar leith ag baint le Gradaim na bliana 2020 ó tharla ceiliúradh á dhéanamh againn ar an iomaí saorálaí neamhleithligh a bhfuil tacaíocht tugtha acu dár bpobail, do dhaoine leochaileacha agus do dhaoine atá buailte go dona ó thosaigh paindéim COVID-19, agus dá bharr, tá Catagóire na nGradam leasaithe chun dúshláin ar leith na bliana seo caite a thabhairt san áireamh.

  1. Fáilteofar roimh ainmniúcháin do ghrupaí ag an nasc seo:

 https://www.galwaycountyppn.ie/gradaim-pobail-an-chathaoirligh-ghrupai/

Gradam Freagartha Pobail COVID-19 (1 Gradam in aghaidh an Cheantair Bhardasaigh), Gradam don Chultúr agus don Chruthaitheacht, Gradam Timpeallachta & Oidhreachta Nádúrtha, Gradam Sláinte &  Folláine, Gradam na Gaeilge, An Gradam um Ionchuimsiú Sóisialta

 

      2.Fáilteofar roimh ainmniúcháin d’oibrí deonach ag an nasc seo: 

https://www.galwaycountyppn.ie/gradaim-pobail-an-chathaoirligh-2020/

Gradam d’Oibrí Deonach na Bliana

Ní mór gach Foirm chun Ainmniúchán a chur isteach ar lína. An dáta deiridh a nglacfar le Foirmeacha Ainmniúchán chomhlánaithe ná Dé hAoine 21ú Bealtaine 2021.  

 

Foirmeacha agus teoirlínte (leagan Gaeilge & Béarla):

Cathaoirleach Community Awards 2020 Guidance Notes Gaeilge

Cathaoirleach Awards – Nomination Form – Individual

Cathaoirleach Awards – Nomination Form – Community

Share This Story, Choose Your Platform!