Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann

Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: Treoirphlean an Rialtais maidir le hathrú a chur ar shaol na tuaithe in Éirinn. 

29ú Márta 2021.

Deis faoi leith maidir le Forbairt na Tuaithe tar éis COVID-19

 

·       Béim mhór ar Chianoibrithe a mhealladh go dtí pobail faoin tuath 

 

·       Athbheochan ar lár na mbailte móra, postanna faoin tuath, turasóireacht eachtraíochta, an geilleagar glas agus forbairt na n-oileán lárnach maidir leis an mbeartas nua

 

·       Deiseanna nua maidir le r-Shláinte, foghlaim i gcéin, trádáil ar líne agus cineálacha nua teicneolaíochta mar gheall ar cheangal leathanbhanda a chur ar fáil 

 

·       Straitéis cúig bhliana agus nuashonrú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta ina bhonn treise fúithi

 

D’fhoilsigh an Rialtas inniu Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, an beartas claochlaitheach is airde aidhmeanna maidir le forbairt na tuaithe in Éirinn le blianta fada.

Tugtar san áireamh leis an mbeartas an claochlú mór ar nósanna maireachtála agus oibre i rith phaindéim COVID-19 agus na deiseanna suntasacha a chuirtear dá bharr sin roimh an bpobal i bpobail faoin tuath – idir cianobair agus athbheochan ar lár na mbailte móra, cruthú fostaíochta agus geilleagar glas a thabhairt chun cinn, nó forfheabhsú ar áiseanna faoin aer.

Sheol an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar, Heather Humphreys, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Eamon Ryan, an tAire Iompair agus an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an straitéis cúig bhliana i bPáirc an Chrócaigh.

Leagtar amach treoirphlean i Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann don fhorbairt ar cheantair tuaithe na hÉireann as seo go ceann cúig bhliana.

Tá 150 gealltanas ar fud an Rialtais ag cur leis an straitéis seo trína dtabharfar faoi dheacrachtaí atá roimh an bpobal sna comharsanachtaí agus trína gcruthófar deiseanna nua do dhaoine a mhaireann faoin tuath.

Beidh an plean ina chúnamh maidir le saol na tuaithe in Éirinn a thabhairt ónar tháinig le COVID-19, forbairt fhadtéarmach a thabhairt i gcrích i gceantair faoin tuath agus réimeas pobail agus eacnamaíochta níos seasmhaí a chruthú don am atá romhainn.

 

Ag labhairt dó ag seoladh an pholasaí, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:

“Tá Éire ag cur tús le ré nua lena mbaineann athrú nach bhfacthas riamh cheana, agus tagann deiseanna nach bhfacthas riamh cheana le hathrú dá leithéid.

“Tá bealaí nua aimsithe againn i rith na paindéime chun tabhairt faoi obair agus tá ár bpobail féin aimsithe in athuair againn.

“Cuireann an beartas atá á sheoladh inniu againn, Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, creat ar fáil chun ceantair na tuaithe a fhorbairt sna cúig bliana romhainn amach.

“Tá an beartas réamhbhreathnaitheach agus uaillmhianach agus tugann aghaidh ar dhúshláin atá roimh cheantair thuaithe agus ar na deiseanna a mbeidh geilleagar agus pobail faoin tuath ábalta leas a bhaint astu araon.

“Ceantair thuaithe atá lárnach d’fholláine agus d’fhorbairt eacnamaíochta, shóisialta, cultúir agus timpeallachta náisiúnta fís an Rialtais.

“Is ar chumas, ar scileanna agus ar chruthaitheacht na ndaoine i bpobail faoin tuath; ar an tábhacht a bhaineann le háiteanna fuinniúla faoin tuath ina bhfuil daoine ina gcónaí; agus ar an acmhainn atá ann jabanna d’ardchaighdeán a chruthú agus ár dtimpeallacht i gcomhar a chothú atá an fhís sin ag brath.

“Beidh ról lárnach ag ceantair thuaithe na hÉireann sa téarnamh ó thionchar COVID-19.

“Beidh na gealltanais a leagadh amach inniu chun leasa daoine aonair, teaghlach, pobal agus gnólachtaí. Feabhsófar folláine agus caighdeán saoil daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe faoin mbeartas seo.

“Cothóidh sé pobail agus geilleagar láidre agus inbhuanaithe faon tuath trí infheistíocht, tacaíochtaí agus seirbhísí. Agus cinnteoidh sé go mbeidh pobail tuaithe i gcroílár leagan amach agus sholáthar na bhfreagraí a shásaíonn riachtanais áitiúla.”

 

Dúirt Heather Humphreys, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail:

“Is díol suntais Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann maidir leis an gcaoi a gcuirtear chuig an bhforbairt tuaithe in Éirinn.

“Agus sinn ag teacht ón gcur isteach a bhaineann le paindéim COVID-19, tá deis faoi leith againn athshamhlú a dhéanamh ar shaol na tuaithe in Éirinn agus leas a bhaint as cumas, scil agus éirim na ndaoine i measc phobal na gceantar tuaithe.

“Le blianta fada, feictear na pátrúin idirnáisiúnta lena ngabhann daoine óga ag fágáil a bpobal féin faoin tuath chun dul ag obair agus ina gcónaí sna cathracha móra.  Ní tharlóidh arís go deo deis chomh maith agus atá againn agus sinn ag teacht ó phaindéim COVID-19, athrú ó bhonn a chur ar an bpátrún ainsealach sin.

“Tá deis leis an athrú go dtí socruithe cianoibre, ar bonn treise faoi an Plean Náisiúnta Leathanbhanda a thabhairt i gcrích, athrú mór a thabhairt i bhfeidhm faoin tuath in Éirinn.

“Tabharfaidh sin deis do dhaoine oibriú ina bpobail féin, cuirfear beocht i lár na mbailte móra, giorrófar turais chun na hoibre, laghdófar astaíocht ó dheiseanna iompair agus – an ní is tábhachtaí – cuirfidh sé le caighdeán an tsaoil atá ag muintir na tíre.”

 

Dúirt an Tánaiste, Leo Varadkar:

“Táimid ag iarraidh níos mó daoine a bheith ag obair i ngach cearn den tír, agus jabanna d’ardchaighdeán chomh maith le ionchais mhaithe maidir le gairmeacha beatha a bheith ar fáil dóibh. Is léir anois dúinn an méid is féidir a bhaint amach maidir le cianobair agus obair sholúbtha de bharr phaindéim COVID-19. Is bealach amháin don Rialtas é Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann sin a bheith ina rogha buan.

“Cuideoidh Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann le hearnálacha na turasóireachta agus an fháilteachais teacht chucu féin arís i ndiaidh na pandéime, jabanna a chruthú sa Gheilleagar Glas agus san earnáil Agraibhia, agus beidh sé níos éasca gnólachtaí a shocrú suas agus a fhorbairt i gceantair thuaithe na hÉireann dá bharr.

“Ciallaíonn sé go mbeidh níos mó daoine ábalta cur fúthu ina bpobail féin nó bogadh go dtí pobail nua agus an rogha ann dóibh fostaíocht d’ardchaighdeán a fháil. Ní bheidh an oiread céanna taistil chun na hoibre agus ón obair i gceist, cothófar pobail níos bríomhara ós rud é go mbeidh níos mó ama ag daoine lena dteaghlaigh, lena gcomharsana, i gcumainn agus le heagraíochtaí áitiúla.

“Tá tábhacht mhór ag leathanbhanda chun sin a thabhairt chun fíre. Tá tús curtha leis an obair sin cheana féin. Táim bródúil a bheith páirteach sa Rialtas a thosaigh an Plean Náisiúnta Leathanbhanda – an infheistíocht is mó i réimsí tuaithe na hÉireann ó tháinig an leictreachas. Agus táim chomh bródúil céanna a bheith páirteach sa Rialtas atá á chur i bhfeidhm anois.”

 

Dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an tAire Iompair:

“Is fiú ardaidhmeanna a chur romhainn maidir le saol na tuaithe in Éirinn. Mar gheall ar infheistíocht an Rialtais i mbearta maidir leis an aeráid, cruthófar deiseanna nua fostaíochta faoin tuath i réimsí éagsúla, mar shampla maidir le fuinneamh inathnuaite, aisfheistiú, feirmeoireacht inmharthana agus turasóireacht.  Beidh príomhthábhacht leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda maidir lena thabhairt gur féidir gnólachtaí nua a thabhairt chun cinn i réigiúin agus i gceantair thuaithe na hÉireann chomh maith le deiseanna breise ag daoine oibriú ón mbaile.  Faoin gCiste don Athrú Cóir, tá bonn á chur ag an Rialtas roimh athoiliúint agus atraenáil ar oibrithe faoin tuath agus cúnamh á thabhairt don phobal agus do ghnólachtaí áitiúla dul in oiriúint don athrú go dtí geilleagar atá éadrom ó thaobh carbóin.

 

Is mian linn forbairt agus athbheochan na mbailte agus na sráidbhailte faoin tuath a chur i gceartlár an chúraim agus cinntí á ndéanamh, ionas go mbíonn siad ina n-ionaid bhríomhara inar féidir le daoine maireachtáil, oibriú agus saol sóisialta a chaitheamh, le roghanna acu siúl nó rothaíocht a dhéanamh nó córas iompair phoiblí a úsáid ag dul ó dhuine go duine agus ó áit go háit.  Leanfaidh an Rialtas de chuidiú leis an ngluaisteacht seo tríd an Údarás Náisiúnta Iompair agus tá ciste €72m á chur ar fáil i rith na bliana 2021 maidir le córas ardchaighdeáin rothaíochta agus coisíochta a chur ar fáil i mbailte agus i sráidbhailte faoin tuath in Éirinn.  Trí Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann a chur i bhfeidhm, tapóidh an Rialtas an deis iontach atá ar fáil faoi láthair ar mhaithe le saol na tuaithe in Éirinn.”

 

Tá teacht ar Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, Beartas Forbartha Tuaithe na hÉireann 2021-2025 anseo.

Share This Story, Choose Your Platform!