Imeachtaí Iontacha  Chruinniú na nÓg ag tarlú ar fud Chontae na Gaillimhe!

 

Lá speisialta é Cruinniú na nÓg ar a ndéantar ceiliúradh ar an gcruthaitheacht do leanaí agus do dhaoine óga. Reáchtálfar líon mór imeachtaí a cruthaíodh do dhaoine óga ar fud an chontae Dé Sathairn an 13 Meitheamh. Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Foireann Éire Ildánach cuireadh duit páirt a ghlacadh sa cheiliúradh i mbliana le himeachtaí agus ceardlanna atá thar a bheith cruthaitheach agus atá á reáchtáil ar líne i mbliana chun deis a thabhairt do dhaoine óga a gcruthaitheacht a chur in iúl.

 

Féach ár leathanach Facebook chun tuilleadh mionsonraí a fháil faoin tslí le seisiún a chur in áirithe: https://www.facebook.com/CreativeIrelandGalwayCounty

 

 

I measc na n-imeachtaí a dhíreoidh ar dhaoine óga 9-12 bliana d’aois beidh cur i láthair speisialta ar líne le Brú Theatre, a bhailigh fíorscéalta leanaí ón dianghlasáil agus a chuir beocht iontu. Cuirfidh Meitheal Dhamhsa na Gaillimhe sraith ceardlann spraíúil, saor in aisce ar fáil ina bhféadfaidh tú foghlaim le gluaiseacht ar bhealaí cruthaitheacha agus amaideacha agus ceamara gréasáin nó fón cliste a úsáid chun sraith físeán a dhéanamh. Tabharfaidh an t-ealaíontóir Jojo Hynes cuireadh do leanaí a bhfuil suim acu in ealaín, i scéalta agus in obair foirne a bheith ag ‘Comhoibriú agus Cruthú’ léi ar scéalta arb é an t-uisce an spreagadh dóibh, scéalta faoi cé a d’fhéadfadh a bheith ina chónaí faoin uisce. Cruthóidh siad saothair ealaíne meán measctha bunaithe ar na scéalta sin.

 

Beidh neart le déanamh ag daoine idir 5-8 mbliana d’aois freisin. An raibh a fhios agat go bhfuil go leor uirlisí ceoil i bhfolach i do theach? Níl ort ach teacht orthu. Sa cheardlann ‘Shake, Rattle & Roll’, taispeánfaidh Music Generation Galway City an tslí le cnaguirlisí a dhéanamh go héasca as nithe a fhaightear timpeall an tí. Déanfar na ceardlanna a sreabhadh beo ar Facebook ar 10:30am, 11:45am, 1:30pm agus 2:45pm Dé Sathairn an 13 Meitheamh.

 

Féadfaidh daoine os cionn 13 bliana d’aois páirt a ghlacadh sa Cheardlann Speedy Songwriting, arna reáchtáil ag Music Generation Galway City freisin. Cuirfidh an ceoltóir, file agus scríbhneoir amhrán, Donal McConnon (My Fellow Sponges, The Curly Organ) athrú ar gach a cheap tú a bhí i gceist le hamhrán a chumadh. Déanfaidh tú fiosrú ar chuir chuige éagsúla ar tú féin a chur in iúl ar bhealach cruthaitheach ach a bheith ag obair le focail agus fonn. Ochtar an líon is mó rannpháirtithe ag gach ceardlann agus mar sin, moltar d’áit a chur in áirithe go luath. Reáchtálfar na ceardlanna ar líne trí mhodh Zoom Dé Sathairn an 13 Meitheamh ar 1pm & 3pm.

 

Imeacht spreagúil do gach aois a bheidh i ‘The Science of Ice Cream Making’, á reáchtáil ag Anyone4Science. Déanfar scrúdú sa cheardlann seo ar an gcaoi a bhain na Rómhánaigh sult as uachtar reoite 2000 bliain ó shin, i bhfad sula raibh aon leictreachas ann! Foghlaimeoidh tú le do reoiteoir féin a dhéanamh agus déanfaidh tú é a thástáil trí d’uachtar reoite féin a dhéanamh agus a bhlaiseadh.

 

Cuirfidh Muintearas Teo ceardlann i láthair do gach aois. Le Ag Saothrú & Ag Seilg, foghlaimeoidh tú faoi dul ag seilg, ag baint agus ag réiteach plandaí agus feamainne inite, plandaí agus feamainn atá ar fáil ar feadh chósta Chonamara.

 

Is tionscadal filíochta ilardáin do leanaí suas go 6 bliana d’aois é ‘Pop-Up Poetry for Lil’ Peeps’ le Branar, Téatar do Pháistí. Á léiriú i gcomhpháirtíocht le Children’s Books Ireland agus Éigse Éireann, choimisiúnaigh Branar na scríbhneoirí agus ealaíontóirí Éireannacha Inni-k, Mary Murphy, Tadhg Mac Dhonnagáin agus Liz Weir le dánta agus ranna nua do pháistí a chruthú i nGaeilge agus i mBéarla. Beidh léaráidí áille le Niamh Sharkey agus beochaintí nua leis an ealaíontóir Maeve Clancy iontu agus taispeánfar iad ar RTE Jnr TV ar an lá.

 

Reáchtálfaidh Clár Tacaíochta Óigeantachta Fhóram Chonamara taispeántas ealaíne le daoine óga i gConamara, faoin téama COVID, sna catagóirí 9-12 bliana d’aois agus os cionn 13 bliana d’aois. Iarrann siad ar aos óg Chonamara saothar ealaíne a chruthú, mar shampla portráid, tírdhreach, ealaín theibí, i meán ar bith, amhail olaphéint, sceitseáil, aicriligh, etc. Tá gach saothar le bheith críochnaithe faoin Luan an 8 Meitheamh.

 

Faigheann Cruinniú na nÓg tacaíocht ó Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae na Gaillimhe mar chuid de Chlár Éire Ildánach Chomhairle Chontae na Gaillimhe. “Tá ríméad orainn an clár seo a chur i láthair a reáchtálfar go hiomlán ar líne do Chruinniú na nÓg i gContae na Gaillimhe i mbliana”, a dúirt an tOifigeach Ealaíon, Sharon O’Grady.  “Tá obair mhór déanta againn chun clár éagsúil agus ardchaighdeáin a chur i láthair, le go bhféadfaidh an líon is mó daoine agus is féidir sult a bhaint as. Tá baint ag réimse leathan ealaíontóirí agus saineolaithe leis an gclár i mbliana, daoine a oibríonn sna réimsí amharclainne, damhsa, scéalaíochta, amharc-ealaíne agus eolaíochta. Clár spraíúil, idirghníomhach agus samhlaíoch do leanaí agus do dhaoine óga atá ann, ar féidir sult a bhaint as go sábháilte ar líne.”

 

Chun tuilleadh mionsonraí agus liosta iomlán de na himeachtaí a fháil, tabhair cuairt ar https://cruinniu.creativeireland.gov.ie/ nó ar ár leathanach Facebook chun mionsonraí a fháil faoin gcaoi le háirithintí a dhéanamh.  https://www.facebook.com/CreativeIrelandGalwayCounty

 

Share This Story, Choose Your Platform!