
Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte 2020 Co. na Gaillimhe
Léirithe Spéise á Lorg
In 2020, táthar ag déanamh Clár Infheistíochta Forbartha Tuaithe, lena n-áirítear Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte a shaincheapadh chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ag teacht chun cinn mar gheall ar COVID-19, lena n-áirítear Beart Luathaithe.
Tá Léirithe Spéise (EOI) á lorg ag Comhairle Chontae na Gaillimhe anois, ó Ghrúpaí Ionadaíochta Gnó, Grúpaí Pobail agus Deonacha agus Údarás Áitiúil maidir leis an Beart Luathaithe (Babhta 1 agus 2) agus Scéim na bPríomhbhailte agus na Sráidbhailte. (Níl gnóthaí aonair incháilithe don Scéim seo, déan tagairt do www.gov.ie/business).
Tá EOI maidir le Babhta 1 den Bheart Luathaithe á lorg anois agus is é Dé Luain an 22 Meitheamh an dáta deiridh a nglacfar leo
Tá EOI maidir le Babhta 2 den Bheart Luathaithe á lorg anois agus is é Dé Luain an 13 Iúil an dáta deiridh a nglacfar leo
Tá EOI maidir le Príomhscéim na mBailte
agus na Sráidbhailte á lorg anois agus is é Dé Luain an 13 Iúil an dáta deiridh a nglacfar leo
Is féidir EOI, trí úsáid a bhaint as an bhFoirm EOI, a sheoladh ar aghaidh chuig [email protected].
Ní mór EOInna ar an bPost / nó Cóipeanna Crua a bheith faighte faoin 5.00pm lá an Spriocdháta, ach is féidir EOI a sheoladh ar aghaidh ar ríomhphost suas go dtí Meán Oíche ar lá an spriocdháta eg: Meán Oíche an 22 Meitheamh.
Beart Luathaithe: Aithneoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe uasmhéid de 10 dtionscadal caipitil ar scála beag agus /nó gníomhaíochtaí bolscaireachta, chun aghaidh a thabhairt láithreach ar na dúshláin a bhaineann le COVID-19 i mBailte agus i Sráidbhailte faoi Bhabhta 1 (5 thionscadal) agus Babhta 2 (5 thionscadal) den Bheart Luathaithe. Tá deontais suas le 25k ag ráta 90% ar fáil do thionscadail is féidir a sholáthar taobh istigh de shé mhí agus déanfar cinntí maidir le maoiniú faoi dheireadh Iúil agus go luath i Meán Fómhair.
Príomhscéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte. Aithneofar uasmhéid de 6 thionscadal faoi Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte 2020. Tá deontais suas le 100k (nó 90% de na costais) ar fáil agus déanfar maoiniú a thairiscint i mí na Samhna 2020. Táthar ag lorg tionscadal ar nós an réimse poiblí, a chabhraíonn le feabhas a chur ar Lár Bhailte & Sráidbhailte, Seirbhísí Taitneamhachta agus Moil agus idirghabhálacha a chuireann béim ar athghiniúint eacnamaíochta agus shóisialta Bhailte agus Shráidbhailte.
Cuir Iarratais ar Fhoirmeacha EOI, Fiosruithe & Iarrataí ar Eolas/Cruinnithe ar aghaidh chuig an Aonad Forbartha Eacnamaíochta, Pobail agus Tuaithe, Comhairle Chontae na Gaillimhe trí ríomhphost a sheoladh chuig: [email protected]