An Clár Feabhsúcháin Pobail 2021

Dé Máirt an 22ú Meitheamh 2021 ar 5.00 p.m. an spriocdháta

 

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tríd an gCoiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC) ag fáiltiú roimh iarratais ó Ghrúpaí Pobail agus Deonacha “neamhbhrabúis” laistigh de limistéar riaracháin Chontae na Gaillimhe, i dtreo an Clár Feabhsúcháin Pobail (an CFP) 2021.

 

Tá sé mar aidhm le Clár Feabhsúcháin Pobail maoiniú a sholáthar chun áiseanna a fheabhsú i gceantair / pobail atá faoi mhíbhuntáiste agus soláthróidh an leagan seo den CEP:

A)          deontais aon uaire i leith costas a bhaineann le hoscailt saoráide nó le hinbhuanaitheacht saoráide.

B)           deontais i leith tionscadail nó saoráidí chun trealamh a fheabhsú

 

Tá an CEP á mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail – https://www.gov.ie/en/press-release/df30eministers-humphreys-and-obrien-announce-45-million-to-improve-community-facilities/  Tá suim €143,401 leithroinnte ar Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Chontae na Gaillimhe (LCDC) faoin gclár agus níl cistiú meaitseála ó fhoinsí eile riachtanach faoin gclár seo.

 

Foirm Iarratais – An Clár Feabhsúcháin Pobail 2021

Conas comhordanáidí suímh XY a fháil

Is féidir an Fhoirm Iarratais a íoslódáil ónár láithreán gréasáin ag www.galway.ie agus tá fáil orthu freisin ach ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] nó glaoch gutháin a chur ar 091 509521.   Ní mór d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe agus cáipéisíocht tacaíochta a chur isteach tráth nach déanaí ná an spriocdháta ach (a) leagan scanta agus sínithe a sheoladh ar ríomhphost chuig [email protected] NÓ (b) í a sheoladh tríd an bpost chuig Deontais Phobail, an Rannóg Forbartha Pobail, Tuaithe agus Eacnamaíochta, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.

 

Share This Story, Choose Your Platform!