Plean Fuinnimh (EMP) do Chontae na Gaillimhe

Abair do chuid maidir le dréachtú an chéad Mháistirphlean Fuinnimh do Chontae na Gaillimhe

Tá Máistirphlean Fuinnimh do Chontae na Gaillimhe á fhorbairt ag an Líonraí Rannpháirtíochta Pobail (PPN) Chontae na Gaillimhe agus an Grúpa Oibre um Théarnamh Glas (GRWG).

Táimid i mbun iarratas ar mhaoiniú don mháistirphlean fuinnimh a réiteach i láthair na huaire trí SEAI, atá ag cur cuidiú ar fáil don tionscadal trína bpróiseas meantóireachta.

Leagfar béim sa phlean ar an méid atáthar a dhéanamh ar fud an chontae agus ar na réimsí ar féidir dul chun cinn a dhéanamh ina leith maidir le húsáid fuinnimh inbhuanaithe. Aimseofar na réimsí, na pobail agus na gnólachtaí sin atá i mbun sároibre sa phlean mar aon leis na réimsí ina bhfuil bearnaí agus deiseanna chun feabhas agus macasamhlú a dhéanamh. Ba chóir go gcuideodh an Máistirplean Fuinnimh le forbairt i bhfuinneamh inbhuanaithe a threorú agus a bhrú chun cinn sa chontae.

I measc na bpríomhpháirtithe leasmhara go dtí seo tá SEAI, Pobail Fuinnimh Inmharthana ar fud an chontae (SECanna), Comharchumann Fuinnimh na Gaillimhe (GEC), grúpaí pobail tríd an Líonra Rannpháirtíochta Pobail (PPN) agus Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Is ag an gcéim ceaptha atá an máistirphlean fuinnimh beartaithe i láthair na huaire agus tá do chuid tuairimí á lorg againn le linn ceardlainne ar líne a thosóidh ag 7pm Dé Céadaoin an 24 Samhain 2021. Don cheardlann atá beartaithe ba mhaith linn bualadh leat ar líne agus cluas a thabhairt do do chuid smaointe maidir le fuinneamh inbhuanaithe. Tabharfaimidn comhthéacs agus achoimre ar a bhfuil ar bun ag grupaí eile in Éirinn, tá tograí spreagúla ar bun i ngach áit. Pléifimid ansin úsáid fuinnimh inbhuanaithe i gContae na Gaillimhe, an méid a bhfuil ag éirí go maith leis agus an méid a d’fhéadfaí a fheabhsú. Féachaimid cur lenár dteagmhálacha le linn na ceardlainne chun go bhféadfar na smaointe sa Mháistirphlean Fuinnimh a chur i bhfeidhm.

Is éard a dúirt Patrick Mc Hugh, grúpa stiúrtha, an Grúpa Oibre um Théarnamh Glas (GRWG), “Cuirfidh forbairt an mháistirphlean fuinnimh don chontae treoirphlean ar fáil do gach ceantar bardasach, treoirphlean lena mbainfidh cuspóirí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha thar thréimhse 3 bliana, cur chuige ó bhun aníos i dtaobh fuinneamh pobail a bheidh sa phróiseas rannpháirtíochta ar an 24 Samhain ina mbeifear ábalta do chuidse smaointe agus mianta a bhaint amach ar bhealach atá fiúntach. I bhfianaise chomh holc agus atá athrú aeráide, beidh pobail na Gaillimhe ag déanamh a gcuid tríd an máistirphlean fuinnimh atá beartaithe don chontae a dhréachtú”.

Is éard a dúirt Mary Mullen, Oibrí Tacaíochta PPN, PPN Chontae na Gaillimhe “Is iontach an tionscadal é seo trína mbeidh pobail ábalta teacht le chéile chun a gcuid acmhainní a dhíriú i dtreo a gcuid spriocanna a bhaint amach. Is éard a bhíonn i gceist le tionscadail agus pleananna pobail ná daoine agus eagraíochtaí ag obair as láimh a chéile, fíorthionchar a imirt ar shaol na ndaoine agus na tairbhí a bhaineann leis na tionchair sin a choinneáil sna ceantair féin.”

Is nascghrúpa é an Grúpa Oibre um Théarnamh Glas (GRWG) a bunaíodh sa bhliain 2020 agus atá comhdhéanta de chomhaltaí éagsúla PPN ar spéis leo aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna timpeallachta i gContae na Gaillimhe.

Is féidir eolas breise a fháil ar an máistirphlean fuinnimh don chontae trí theagmháil a dhéanamh le PPN Chontae na Gaillimhe ar an uimhir 087 360 3379 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].

Chun freastal ar an gcruinniú seol ríomhphost chuig [email protected] chun an nasc Zoom a fháil.

Is feidir leat clarú anseo.

Share This Story, Choose Your Platform!