
Scéim na nImeachtaí Óige 2020/2021
Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do shraith d’imeachtaí Óige
(ara laghad 12 sheisiún i ngach sraith) oiriúnacha trí Ghaeilge
don aos óg (3 bliana – 18 mbliana d’aois) taobh amuigh den Ghaeltacht:
- a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a threisiú trí mheascán d’imeachtaí;
- nach imeachtaí cónaithe iad;
- a bheidh á reáchtáil idir an 31 Lúnasa 2020 agus an 03 Iúil 2021;
- nach féilte, comórtais, nó imeachtaí aon lae amháin iad.
Is le hairgead mpoiblí a bhronntar deontais, agus tá dualgais reachtúla ar Fhoras na Gaeilge chun luach ar airgead gach tionscadail mhaoinithe a dheimhniú.
Molann Foras na Gaeilge d’iarratasóirí cómhaoiniú a lorg le haghaidh tionscadal, nuair is cuí, agus comhoibriú le heagraíochtaí eile leis an luach is fearr a fháil ó dheontas Fhoras na Gaeilge.
Cuirimid fáilte faoi leith roimh iarratais ó eagraíochtaí atá lonnaithe i gceantair aitheanta i straitéisí agus/nó i reachtaíocht Rialtais.
Cáipéisí:
- Treoirlínte Gaeilge_Scéim na nImeachtaí Óige 2020-21
- Foirm Iarratais Gaeilge_Scéim na nImeachtaí Óige 2020-21
Tabhair faoi deara go gcaithfidh gach iarratasóir an seicliosta um chumhdach cuí a chur isteach leisan iarratas, tá na seicliostaí ar fáil thíos;
- Treoir don Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh
- Treoir don Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó dheas
- Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh
- Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó dheas
Is gá cóip chrua shínithe a chur isteach chuig Foras na Gaeilge roimh an spriocdháta.