
SCÉIMEANNA TACAÍOCHTA POBAIL 2021
Tá iarratais ar mhaoiniú á lorg ó Ghrúpaí Pobail agus Deonacha “neamhbhrabúis” i dtreo ghníomhaíochtaí agus imeachtaí a bheidh chun leasa phobail áitiúla ar fud an chontae agus a thacóidh le forbairt inbhuanaithe eacnamaíochta, phobail agus chultúir.
Teoirlínte –Sceimeanna Tacaiochta Pobail 2021 GA
Scéim Tacaíochta d’Fhorbairt Eacnamaíochta:
· Féilte agus Imeachtaí Rannpháirtíochta: is éard is aidhm leis an gcatagóir seo tacú le heagraíochtaí pobail neamhbhrabúis agus dheonacha raon éagsúil féilte agus imeachtaí rannpháirtíochta ardchaighdeáin, nuálacha agus uaillmhianacha a chur ar fáil a bheidh chun leasa sóisialta, cultúir, turasóireachta agus eacnamaíochta an chontae.
· Tionscnaimh Forbhartha Eacnamaíochta: is éard is aidhm leis an gcatagóir seo tacú le Grúpaí neamhbhrabúis agus le Grúpaí agus Gnónna Ionadaíochta/Comhlachais Thráchtála atá i mbun thionscnaimh áitiúla chun deiseanna gnó nó oibríochtaí nua a chruthú chun cur leis an eispéireas cuairteora agus miondíola.
CSS – Foirm Iarratais Forbairt Eacnamaiochta GA
Scéim Tacaíochta d’Fhorbairt Pobail:
· Saoráidí Pobail: is éard is aidhm leis an gcatagóir seo tacú nuachóiriú, athfheistiú nó uasghrádú saoráidí pobail, lena n-áirítear oiriúnú saoráidí pobail i gcomhair Rochtana Uilechoitinne, feabhsuithe sábháilteachta ó dhóiteán nó bearta éifeachtúlachta fuinnimh.
· Taitneamhachtaí Pobail agus Thionscnaimh de chuid Chomórtas na mBailte Slachtmhara: is é aidhm na catagóire seo barr feabhais a chur ar an gcuma atá ar limistéir chonláiste faoin spéir agus spásanna poiblí trí oibreacha agus tionscadail forbartha.
· Bearta Uilechuimsitheachta Sóisialta agus Sábháilteacht Phobail: is é an cuspóir atá leis an gcatagóir seo ná tacaíocht mhaoinithe ar scála beag a chur ar fáil do ghrúpaí deonacha agus pobail chun díriú ar ghníomhaíochtaí nó seirbhísí a chabhraíonn le grúpaí atá eisiata go sóisialta nó grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste.
CSS – Foirm Iarratais Forbairt Phobail GA
Scéim Tacaíochta d’Fhorbairt Chultúir:
· Deontais faoin Acht Ealaíon: is éard is aidhm leis an gcatagóir seo cúnamh airgeadais a sholáthar do ghrúpaí/eagraíochtaí ealaíon deonacha chun gníomhaíocht nó tionscadal ealaíon (ní féilte) a chur ar bun sa phobal.
· Deontais Oidhreachta: is éard is aidhm leis an gcatagóir seo tacú le grúpaí/eagraíochtaí pobail agus oidhreachta deonacha tabhairt faoi ghníomhaíochtaí, imeachtaí agus tionscadail oidhreachta a bheidh chun leasa an phobail.
· Gníomhaíochtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn: is éard is aidhm leis an gcatagóir seo Grúpaí agus Eagraíochtaí neamhbhrabúis a spreagadh chun gníomhaíochtaí, tionscadail, ceardlanna nó ranganna a eagrú a dhéanfaidh a) an líon daoine a bhfuil Gaeilge acu a mhéadú, b) deiseanna d’úsáid na Gaeilge a chruthú agus c) dearcadh dearfach i leith a húsáide a chothú.
CSS – Foirm Iarratais Forbairt Chultuir GA
Ní mór d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe agus cáipéisíocht tacaíochta a chur isteach tráth nach déanaí ná an spriocdháta, 4pm Déardaoin an 25ú Feabhra 2021 ach (a) leagan scanta agus sínithe a sheoladh ar ríomhphost chuig [email protected] NÓ (b) í a sheoladh tríd an bpost chuig Deontais Phobail, an Rannóg Forbartha Pobail, Tuaithe agus Eacnamaíochta, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.