Tugtar cuireadh duit a bheith i láthair ag Cruinniú Iomlánach PPN Chontae na Gaillimhe
Labhair le gníomhaireachtaí & grúpaí eile pobail agus roinn do chuid smaointe.
Cas le d’Ionadaithe PPN a bhíonn ag obair ar do shon agus pléigh saincheisteanna a bhaineann le do phobal.
Faigh amach faoin PPN agus an méid a chuireann sé ar fáil do ghrúpaí pobail.
Dáta: Dé Céadaoin an 28 Samhain 2018
Am: 6.30i.n.
Ionad: Óstán Bhaile Cláir, Baile Cláir
Beidh eolas ar fáil maidir leis na nithe seo a leanas:
- Sábháilteacht an Phobail
- Scéimeanna Maoinithe Pobail
- Obair Dheonach
- Deiseanna Oiliúna
- Faisnéis ó Líonraí Tuaithe
- Seirbhísí do ghrúpaí pobail
- Seirbhísí na Comhairle Contae
- Árachas Pobail
- Go leor eile
Tae / Caife & ceapairí ar fáil. Beidh fáilte roimh bhaill PPN agus daoine nach baill iad
Is éard é an Líonra Rannpháirtíochta Pobail (PPN) ná bailiúchán de níos mó ná 800 grúpa pobail agus deonach ó gach cearn de Chontae na Gaillimhe. Is é ár bpríomhchuspóir ná a bheith ag gníomhú thar ceann na bpobal agus ionchur a chur ar fáil i mbeartais agus i bpleananna Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Roinnimid agus soláthraímid eolas atá ábhartha do ghrúpaí pobail & deonacha.
Do thuilleadh eolais, déan teagmháil le; Denise Feeney ar 087 9455722 nó [email protected]
Láithreán gréasáin; www.galwaycountyppn.ie Facebook.com/GalwayCountyPPN Twitter; GalwayCoPPN