Scéim um Dheontais Chaipitil d’Fhiontair Shóisialta 2021

Dé hAoine an 15ú Deireadh Fómhair 2021 ar 5.00 p.m. an spriocdháta 

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tríd an gCoiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC) ag fáiltiú roimh iarratais ó Fhiontair Shóisialta laistigh de limistéar riaracháin Chontae na Gaillimhe, i dtreo an Scéim um Dheontais Chaipitil d’Fhiontair Shóisialta 2021. 

 

·       Is féidir le Fiontair Shóisialta, mar a shainmhínítear iad sa Bheartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta (féach ar an Treoir d’Iarratasóirí), agus leo sin amháin, iarratas a dhéanamh faoin scéim seo, agus déanfar gach iarratasóir a sheiceáil agus a dhearbhú chun a chinntiú go sásaíonn siad an sainmhíniú. 

·       Faoin scéim seo, cuirfear deontais ar fáil d’Fhiontair Shóisialta chun cur i dtreo costais chaipitil ar mhionscála, e.g. treallamh a cheannach, obair dheisiúcháin agus athchóirithe ar shaoráidí, etc.

 

Beidh na méideanna a cheadófar d’fhiontair shóisialta faoi réir an lín iomláin iarratas a cheadófar agus faoi réir an bhuiséid fhoriomláin atá ar fáil (€30,533.17) – samhlaítear nach rachaidh aon deontas amháin thar €5,000. 

Tá an Scéim á mhaoiniú ag Ciste na gCuntas Díomhaoin agus tá sé á riar tríd an líonra de Choistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC) ar fud na tíre thar ceann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail.  Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail

 

Is féidir an Fhoirm Iarratais a íoslódáil ónár láithreán gréasáin ag www.galway.ie agus tá fáil orthu freisin ach ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] nó glaoch gutháin a chur ar 091 509521.   Ní mór d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe agus cáipéisíocht tacaíochta a chur isteach tráth nach déanaí ná an spriocdháta ach (a) leagan scanta agus sínithe a sheoladh ar ríomhphost chuig [email protected]  (b) í a sheoladh tríd an bpost chuig Deontais Phobail, an Rannóg Forbartha Pobail, Tuaithe agus Eacnamaíochta, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.

 

Foirm Iarratas: Scéim um Dheontais Chaipitil d’Fhiontair Shóisialta 2021

Share This Story, Choose Your Platform!